CÁIPÉISÍ 1986: Diúltú Rialtas na Breataine d’éileamh ón stát seo ar Acht Teanga don Tuaisceart

Dhiúltaigh rialtas na Breataine i 1986 géilleadh d’éileamh go mbeadh an seasamh céanna ag an Ghaeilge i gcúirteanna an Tuaiscirt is a bhí ag an Bhéarla

CÁIPÉISÍ 1986: Diúltú Rialtas na Breataine d’éileamh ón stát seo ar Acht Teanga don Tuaisceart

Margaret Thatcher. Pictiúr: RollingNews.ie

Dhiúltaigh Rialtas na Breataine scun scan d’éileamh ón stát seo 30 bliain ó shin ar Acht Teanga don Tuaisceart a thabharfadh cead do dhaoine an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna ann.

Tá a leithéid sonraithe i bplécháipéis faoin teideal The Position of the Irish Language in Northern Ireland a cuireadh le chéile do chruinniú den Chomhdháil Idir-Rialtasach Angla Éireannach ar an 17 Meitheamh 1986 agus atá ar fáil anois don phobal. Freagra a bhí sa phlécháipéis ar mholtaí faoi úsáid na Gaeilge sa tuaisceart a chur Rialtas na hÉireann faoi bhráid na Comhdhála ar an 10 Eanáir, 1986.  Cáipéis shuntasach sé leathanach é a bhfuil cur síos déanta ann ar sheasamh Rialtas na Breataine ar éilimh a rinne Rialtas na hÉireann i leith úsáid na Gaeilge i logainmneacha, i gcomharthaí sráide agus bóithre, sa daonáireamh srl.

Maidir le húsáid na Gaeilge i gcúirteanna an Tuaiscirt, d’éiligh rialtas na hÉireann go n-achtófaí reachtaíocht a bheadh cosúil leis an gcéad Acht Teanga a bhí sa Bhreatain Bheag, acht a thug cearta teoranta do chainteoirí Breatnaise: “Legal provision (similar to the Welsh Language Act, 1967) should be taken to permit the use of Irish in official business, including the courts.”

Ach dhiúltaigh rialtas na Breataine géilleadh don éileamh go mbeadh an seasamh céanna ag an Ghaeilge i gcúirteanna an Tuaiscirt is a bhí ag an Bhéarla. Dúradh sa cháipéis go raibh cead ag cainteoirí Breatnaise an teanga a úsáid sa chúirt dá mba mhian leo. De réir an Achta bronnadh cead ar Airí Rialtais leaganacha Breatnaise de fhoirmeacha agus de cháipéisí oifigiúla eile a chur ar fáil.

Bhí an tAcht ag feidhmiú go sásúil, dar le Rialtas na Breataine,  toisc go raibh líon ard cainteoirí Breatnaise ann agus toisc go raibh a lán acu sin ag  plé leis an riarachán poiblí. Bhí lánchead an Bhreatnais a úsáid i ngnóthaí oifigiúla na tíre, ag brath ar an éileamh agus an ar an chostas a bhainfeadh leis. Dúradh gur beag cásanna coiriúla ná sibhialta a bhíodh á reáchtáil trí mheán na Breatnaise ach gur cuireadh acmhainní ar fáil dá leithéid nuair ba ghá: “These arrangements flow from the widespread use of Welsh as a language of daily life. This is not the case with Irish in Northern Ireland. We therefore believe that it would not be appropriate to grant Irish the parity of esteem which Welsh enjoys.”

Dúradh sa cháipéis fosta gur labhair achan duine sa Tuaisceart Béarla agus nach raibh aon chainteoirí Gaeilge ó dhúchas ann. Mar fhocal scoir dúradh: “There is no need for Irish to be given parity of esteem with English in official business and the courts. The number who speak it and the widespread prevalence of English as the everyday language militate against following law and practice in Wales.”

Mheas Comhrúnaí na hÉireann den Chomhrúnaíocht Angla-Éireannach, M J Lillis, gur cáipéis shuimiúil agus chuimsitheach a bhí ann “although disturbing in relation to the rather fundamentalist position taken on the use of Irish for official purposes.” Bhí lúcháir ar an Chomhrúnaí, áfach, gur léir ón cháipéis go raibh Rialtas na Breataine toilteanach géilleadh go mbeadh cead leaganacha Gaeilge de logainmneacha a úsáid i gcáipéisí oifigiúla dlí. Ghlac státseirbhís an deiscirt seasamh láidir ar an cheist sin de bharr gearán a rinne an Feisire Séamus Mallon faoin dóigh a caitheadh le toghthóir dá chuid, a bhí fostaithe mar theagascóir tiomána. Diúltaíodh ceadúnas tiomána Jarlath Donnelly a athnuachan i 1986 siocair gur úsáid sé leagan Gaeilge dá bhaile dúchais, An Port Mór, ina iarratas.

In ainneoin an dul chun cinn sin, bhí MJ Lillis den tuairim go mbeidís ábalta brú breise a chur ar Rialtas na Breataine maidir le húsáid na Gaeilge i ngnóthaí oifigiúla eile. Mheas sé, mar shampla, gur cheart brú a chur orthu freagra i nGaeilge a thabhairt “as a matter of consistent practice to correspondence addressed to them in our national language”.

Ainneoin diúltú na Breataine d’éileamh an stáit seo d’acht teanga teoranta, ba léir go raibh cainteanna ar bun ar chúl téarmaí faoi úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.  Ar iarratas óna gcomhghleacaithe ar thaobh na Breataine den Rúnaíocht, lorg an Roinn Gnóthaí Eachtracha comhairle ón Ard-Aighne faoi roinnt ceisteanna a bhí ag eascairt as a gcuid cruinnithe: (a) an raibh sé de chead ag saoránach de chuid an stáit seo diúltú glacadh le foirm dlí siocair nach raibh a ainm ná a sheoladh i nGaeilge air agus (b) an mbeadh a leithéid de fhoirm míbhailí dá mba rud é go raibh ainm ná seoladh an duine litrithe go contráilte i nGaeilge.

Chuir Martin Russell ó Oifig an Ard-Aighne comhairle ar an Roinn. comhairle a d’admhaigh sé féin a bhí ‘easnamhach’. Dúirt sé go raibh lánchead ag duine leagan Gaeilge dá ainm a úsáid sa chóras dlí ach nach raibh aon chinnteacht ann maidir le duine a bhaineann úsáid as leagan Béarla dá ainm go hiondúil ach a bhí ag iarraidh leagan Gaeilge a úsáid in imeachtaí cúirte: “I believe it likely that a court would not prevent such a person, as a Plaintiff, from suing in the Irish form, but would not assist him if, being a Defendant, he sought to compel the other party to sue him in the Irish form.”

Tá úsáid na Gaeilge i gcúirteanna an tuaiscirt fós ina chnámh spairne, áfach. Dhiúltaigh an Ard-Chúirt in 2010 d’iarracht grúpa cainteoirí Gaeilge an tAcht a aisghairm ar an bhonn gurb é an Béarla teanga oibre na gcúirteanna, go bhfuil an Béarla ag gach duine agus go gcuirfí as d’obair na cúirte dá mbeadh an Ghaeilge in úsáid. D’éiligh Aire Airgeadais an tuaiscirt, Máirtín Ó Muilleoir, ar na mallaibh go gcuirfí ar ceal an dlí, a achtaíodh 279 bliain ó shin, a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

* Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap.

Fág freagra ar 'CÁIPÉISÍ 1986: Diúltú Rialtas na Breataine d’éileamh ón stát seo ar Acht Teanga don Tuaisceart'