CÁIPÉISÍ 1986: Aighneas faoi eitiltí i gcás McArthur, tragóid Ann Lovett agus sáinn mar gheall ar na Terracotta Warriors

Súil siar ar chuid de na scéalta i gcáipéisí an stáit 30 bliain ó shin a scaoileadh le déanaí

CÁIPÉISÍ 1986: Aighneas faoi eitiltí i gcás McArthur, tragóid Ann Lovett agus sáinn mar gheall ar na Terracotta Warriors

Costais Taistil an iarArd-Aighne:

Léiríonn comhad stáit a scríobhadh 30 bliain ó shin go raibh costas na heitilte abhaile, a ghlac an t-iarArd-Aighne, Patrick Connolly, le linn ceann de na géarchéimeanna ba mhó riamh i bpolaitíocht na hÉireann, ina ábhar aighnis idir Oifig an Ard-Aighne agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Chuaigh Connolly agus a bhean ar saoire go Meiriceá i Lúnasa na bliana 1982 go luath tar éis ghabháil an dúnmharfóra Malcolm McArthur ina dteach.

Bhí aithne ag Connolly ar McArthur agus bhí sé ag stopadh leis ar feadh tamaill roimhe sin. D’ordaigh Taoiseach an ama, Charles Haughey, do Connolly filleadh ar Éirinn nuair a tháinig an scéal chun solais sna meáin. Chuir an t-iarArd-Aighne deireadh tobann lena shaoire agus d’éirigh sé as a phost ar an 16 Lúnasa, 1982. Cheannaigh Consal na hÉireann i Nua-Eabhrac ticéad aeir go Londain ar Concorde do Chonnolly agus as sin tugadh go hAeradróm Mhic Easmuinn i mBaile Dhónaill iad ar scairdeitleán príobháideach.

£1,377 a chosain na heitiltí agus d’éiligh an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar Oifig an Ard-Aighne an costas a chúiteamh leo. Scríobh Oifig an Ard-Aighne chuig Roinn an Taoisigh ansin ag lorg soiléiriú faoin chostas taistil. Fiafraíodh den Roinn ar cheart gur ón státchiste a dhíolfaí na heitiltí sin agus más amhlaidh gur cheart, cén rannóg stáit a d’íocfadh as. Scríobh Pádraig Ó hUiginn, Rúnaí Roinn an Taoisigh, ar ais chucu ag rá gur cheart don státchiste díol as an ticéad ó tharla gur ar ordú ón Taoiseach a tháinig Connolly ar ais.

Ba ar Oifig an Ard-Aighne a thitfeadh an costas, áfach, ach dúradh gur cheart dóibh iarratas a dhéanamh chuig Patrick Connolly go n-aisíocfadh sé aon airgead a tugadh ar ais dó don ticéad abhaile a bhí ceannaithe aige agus nár úsáid sé!


Fiosrúchán i leith bás Ann Lovett:

Ba bheag fonn a bhí ar an rialtas fiosrúchán poiblí a reáchtáil i leith bhás tragóideach an déagóra Ann Lovett i nGránard, Co Longfoirt sa bhliain 1984. Cailleadh í i ngrató na Maighdine Muire agus í ag tabhairt páiste ar an saol ar an 31 Eanáir, 1984.

Cailleadh an mac a saolaíodh fosta. Bhain bás an déagóra croitheadh as pobal na hÉireann agus d’éiligh páirtithe an fhreasúra ar an rialtas fiosrúchán poiblí a reáchtáil ar an ábhar. Ag a gcruinniú ar an 7 Feabhra, áfach, chinn an Rialtas gan a leithéid d’fhiosrúchán a bhunú i bhfianaise tuairiscí a chuir Bord Sláinte Lár Tíre agus an Roinn Oideachais ina láthair.

Sa bhreith a thug an chomh-aireacht dúradh: “Expressed sympathy with the parents and family; insofar as an inquiry is concerned, there will be an inquest. Great personal tragedy which should not be compounded by particular kinds of attention.”

Níor foilsíodh riamh fiosrúchán na Roinne Oideachais ná an Bhord Sláinte agus ní fios go fóill na cúinsí ba chúis le bás an chailín óig a bhí ag filleadh ón scoil lá fuar, fliuch i lár an gheimhridh. 


Aighneas idir an Stát agus an tSín faoi dhamáiste a deineadh do na Terracotta Warriors

Léiríonn comhad i Roinn an Taoisigh go raibh aighneas mór idir Rialtais na hÉireann agus na Síne faoi dhamáiste a rinneadh don Arm Terracotta fad is a bhí sé ar taispeáint in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann i lár na n-ochtóidí. Ba sa tríú céad roimh Chríost a rinneadh na dealbha cré bhruite seo agus aithnítear iad i measc na seoda seandálaíochta is luachmhaire ar domhan. D’fhreastail breis is 100,000 duine ar an taispeántas a bhí ar siúl idir Samhain na bliana 1985 agus Eanáir 1986 ach rinneadh damáiste de dhá dhealbh lena linn. Is cosúil gur thit roinnt struchtúr, a bhí ag tacú le soilse, ar na dealbha an oíche ar  oscail an taispeántas.

Bhí na Sínigh ag lorg £338,000 don damáiste ach mheas Roinn an Taoisigh go raibh an tsuim sin as cuimse ard agus nach raibh aon sonraí tugtha faoin dóigh ar tháinig siad ar an fhigiúr seo. Bhí an Roinn sásta £35,000 a thairiscint do na Sínigh ach bhí Ambasadóir na hÉireann chun na Síne, Dermot Waldron, den tuairim go raibh an figiúr seo i bhfad ró-íseal. Mhol seisean go ndéanfaí £150,000 a thairiscint dóibh. 

Iarradh ar shaineolaí ón Iarsmalann Náisiúnta, John Teahon, tuarascáil faoin damáiste a chur le chéile agus cheistigh seisean an luacháil a rinneadh ar an damáiste. Dúirt Roinn Aireacht Chultúir na Síne gur eachtra thar a bheith tromchúiseach ba ea í agus gurb é sin an chéad uair ar tharla aon dochar do na dealbha agus iad ar camchuairt timpeall na cruinne. Bhí an Aireacht ag cur brú ar Ambasáid na hÉireann i mBeijing an t-airgead a chúiteamh leo láithreach. Bhí Roinn an Taoisigh buartha go fiú go gcuirfeadh an t-aighneas cuairt na nOllphandaí, Ming Ming agus Ping Ping i mbaol, cuairt a bhí beartaithe ar Zú Bhaile Átha Cliath an bhliain sin.

Bhí an tAire Stáit Ted Nealon ag dul ar chuairt oifigiúil chun na Síne agus cuireadh comhairle air gan aon ní a rá faoin aighneas ná faoin luacháil ar an damáiste. Mhol an Ambasáid don Aire Stáit, áfach, labhairt leis an Aire Zhu Muzhi faoina thógtha is a bhí pobal na hÉireann leis an taispeántas agus leithscéal a ghabháil leis as an damáiste a rinneadh. D’éirigh chomh maith sin lena chuairt, go raibh an tAire Stáit Nealon ag ceapadh nach leanfadh údaráis na Síne lena n-éileamh, ach dúradh i meamram ón Ambasáid: ‘…we tried to disabuse him of this’.

Bhí an Ambasáid ag moladh go dtiocfaí ar réiteach gasta ar an aighneas. Ach chuir Pádraig Ó hUiginn, Rúnaí Roinn an Taoisigh, a chosa i dtaca agus dúirt go raibh an tsuim £35,000 bunaithe ar 2% de luach na ndealbha a ndearnadh damáiste dóibh. Dúradh fosta go raibh an stát leis an dlí a chur ar na hailtirí agus ar an lucht tógála ba chionsiocair leis an timpiste a tharla san Ospidéal Ríoga.

Fán am seo bhíodh údaráis na Síne ag glaoch ar Ambasáid na hÉireann ag lorg íocaíochta dhá uair sa tseachtain. I mí Bealtaine, thug Aireacht Chultúir na Síne le fios don Ambasáid go rabhthas ag iarraidh teacht ar shocrú sula dtiocfadh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Wu Xueqian, ar cuairt go hÉirinn. Cuireadh dlús leis an idirbheartaíocht ina dhiaidh sin agus i ndeireadh ama ba leis an Uiginneach a bhí an lá.  Ar an 30 Bealtaine, 1986 d’fhógair an tAire Stáit Nealon gur thángthas ar réiteach ‘cairdiúil’ leis an tSín faoin damáiste a rinneadh agus go n-íocfaí £35,000 mar chúiteamh leo.