Cainteoir líofa Gaeilge sa chéad áit sna hagallaimh d’Úachtaránacht OÉ, Gaillimh

Bhain conspóid mhór le cinneadh Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag an uachtarán

Cainteoir líofa Gaeilge sa chéad áit sna hagallaimh d’Úachtaránacht OÉ, Gaillimh

I ndiaidh na conspóide ar fad faoi chinneadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge d’uachtaránacht na hollscoile, cainteoir líofa Gaeilge a tháinig sa chéad áit sa phróiseas agallaimh don phost mór.

Tuigtear do Tuairisc.ie gurbh é Ciarán Ó hÓgartaigh, as cathair na Gaillimhe ó dhúchas, a tháinig sa chéad áit sa phróiseas agallaimh don phost atá ar cheann de na poist is sinsearaí i saol acadúil na hÉireann.

Cainteoir líofa Gaeilge é Ó hÓgartaigh, mac le Seosamh Ó hÓgartaigh, fear a raibh aithne mhór air i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta agus a bhfuil gradam Ghaillimh le Gaeilge ainmnithe ina dhiaidh.

Bhain conspóid mhór le cinneadh Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anuraidh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag an uachtarán.

Pléadh an cheist i dTithe an Oireachtais agus dúirt duine d‘iar-uachtaráin na hollscoile Iognáid Ó Muircheartaigh gur údar ‘díomá’ ab ea an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge.

Léirigh cáipéisí a fuarthas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise gurb í an argóint ba mhó a bhí acu siúd a bhí ar son deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge ná go raibh a leithéid ina bhac ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí idirnáisiúnta.

Ciarán Ó hÓgartaigh

Cháin idir pholaiteoirí agus lucht léinn an cinneadh, ach mhaígh lucht ceannais na hOllscoile go mbeadh an tábhacht chéanna i gcónaí leis an nGaeilge in OÉ, Gaillimh agus nár chéim síos don teanga a bhí ann. Bheadh sé mar dhualgas ar an Uachtarán nua, bíodh Gaeilge aige nó ná bíodh, an Ghaeilge agus polasaí teanga na hollscoile a chur chun cinn, a dúradh.

Dealraíonn sé anois, áfach, go bhféadfadh gur mhórchuid conspóide ar bheagán cúise a bhí i gceist leis an gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge ó tharla gur cainteoir líofa Gaeilge an té ar éirigh leis sna hagallaimh don phost.

Mar sin féin, is cinnte gur údar mór uchtaigh a bheadh ann do lucht na Gaeilge san Ollscoil dá gceapfaí an Gaillimheach ina Uachtarán.

Tá Ciarán Ó hÓgartaigh, a bhain a chéim amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina Ollamh le Cuntasaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Sular aistrigh sé go dtí Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath in 2008, thug sé tréimhse ag obair in Ollscoil Victoria in Wellington sa Nua-Shéalainn. In 2011 ceapadh ina Dhéan ar Scoil Ghnó UCD é.

Tógadh Ó hÓgartaigh le Gaeilge i gcathair na Gaillimhe. I gColáiste Iognáid sa chathair a fuair sé a chuid meánoideachais agus bhain sé an dara háit sa tír amach sa Ghaeilge san Ardteist i 1985.