Cainteanna Stormont idir dhá thine Bhealtaine ag fógra May

Buille fill do chainteanna Stormont atá sa scéal go mbeidh muintir an Tuaiscirt ag vótáil den tríú huair in achar 13 mí agus tá seans anois ar thoghchán Tionóil eile chomh maith leis an olltoghchán

Cainteanna Stormont idir dhá thine Bhealtaine ag fógra May

Theresa May. Pictiúr: RollingNews.ie

Táthar ag caint i dTuaisceart Éireann le trí seachtaine faoin tríú toghchán in aon bhliain amháin cé nach toghchán Westminster a bhí á thuar ach vótáil do Stormont, arís eile. Bhain an Príomh-Aire Theresa May siar as daoine nuair a d’fhógair sí go n-iarrfadh sí cead na Parlaiminte chun olltoghchán tobann a rith ar an 8 Meitheamh Ní geit go dtí é.

Ba é an Breatimeacht príomhchúis an Phríomh-Aire May lena fógra. “Cuirimis ár bpleananna don Bhreatimeacht agus do chláir rialtais faoi bhráid na ndaoine chun go ndéanfaidh siadsan cinneadh fúthu,| a dúirt sí agus dúshlán na bpáirtithe eile á thabhairt aici. Deis do vótóirí in aghaidh an Bhreatimeachta (56%) a bheidh ann, dar leo sin atá ag iarraidh fanacht san Aontas Eorpach – Sinn Féin, an SDLP agus Alliance abhus agus náisiúnaithe na hAlban agus na Liobrálaigh Daonlathacha sa Bhreatain Mhór. Reifreann ar an mBreatimeacht a bheas ann go cinnte d’ainneoin maíomh an DUP gur vóta chun an Ríocht Aontaithe a chosaint é.

Mhaígh Theresa May gurbh ise amháin a thabharfadh ceannaireacht “in the national interest”. Maíomh soiniciúil, gan bhrí ab ea é sin dar le han-chuid daoine i dTuaisceart Éireann a mheas gur bhuille feille é fógra an toghcháin do na cainteanna leochaileacha i Stormont. Deir siad gur iarracht le móramh a fháil chun an Breatimeacht a bhrú chun cinn atá ann, beart ar mhaithe leis na Tóraithe agus iad beag beann ar a thionchar abhus.

Tá a fhios ag cait an bhaile le fada nach fiú iarraidh ar pháirtithe an tuaiscirt margadh a dhéanamh leathbhliain roimh thoghchán. Is beag nach bhfuil an méid sin greanta i gcloch. Luíonn sé le réasún nach ngéillfidh páirtí aon cheo a bhféadfadh páirtí eile buntáiste a bhaint as agus iad araon ag dul os comhair an phobail ag iarraidh vótaí.

Dé Máirt chreid nach mór gach polaiteoir abhus, cé is moite den Státrúnaí James Brokenshire, nach raibh seans ar bith anois ag na cainteanna i Stormont agus olltoghchán fógartha. Dúirt Brokenshire nár ghá go gcuirfeadh an t-olltoghchán as do na cainteanna agus gur sheas an clár ama a bhí leagtha amach. Chloífeadh sé lena phlean chun reachtaíocht a rith sa Pharlaimint le déileáil le ceisteanna airgeadais agus chun bunú Feidhmeannais a cheadú.

A mhalairt de phort a bhí ag páirtithe ar an oileán seo. Chuir an Taoiseach agus an tAire Gnóthaí Eachtracha a n-imní in iúl do rialtas na Breataine. Fianaise gur chuma sa sioc leis an bPríomh-Aire May faoi Thuaisceart Éireann ab ea fógra an toghcháin nuair a bhí bail íogair ar an bplé i Stormont, a dúirt ceannaire an SDLP, Colum Eastwood. Dúirt Nigel Dodds, leascheannaire an DUP gur dhócha nach dtarlódh tada sna cainteanna de bharr an toghcháin. D’achainigh Alliance ar pháirtithe a ndícheall a dhéanamh d’ainneoin an fheachtais, ach dúirt Tom Elliott ón UUP gur chosúil go raibh rás na gcainteanna rite.

Bhí na comhráite (is ar éigean ab fhéidir idirbheartaíocht a thabhairt orthu) i Stormont i dtrioblóid cheana féin, iad curtha ar fionraí faoi dhó ó bhí toghchán tobann ann sa Mhárta. Gaireadh an vótáil sin, ocht mí i ndiaidh toghcháin eile, mar gur thit an Tionól de bharr achrann idir an DUP agus Sinn Féin. Ceithre huaire fichead sular fhógair Theresa May a cinneadh faoin olltoghchán, dúirt Jeffrey Donaldson ón DUP gur chosúil gur toghchán eile a theastaigh ó Shinn Féin seachas socrú a dhéanamh chun an Feidhmeannas agus an Tionól a chur ar ais ar a mboinn. Níl aon dabht ach go bhfuil a lán i Sinn Féin ar bís go mbeidh dreas eile vótála agus iad i bhfoisceacht aon suíochán Tionóil amháin don DUP sa Mhárta. D’fháiltigh siad roimh an bhfógra seo le tvuíteanna ag rá ‘scaoil chugainn é’.

Thug an Stát-Rúnaí Brokenshire le fios roimh Cháisc gur toghchán Tionóil eile nó riail dhíreach ó Westminster a bhí i ndán dóibh mura ndéanfadh na páirtithe margadh faoi thús na Bealtaine. Ceapadh go raibh drogall air toghchán a ghairm, ach d’fhéadfadh sé sin athrú i bhfianaise an olltoghcháin.