Caint ó chroí i nDáil Éireann

Bhí sláinte mheabhrach á plé sa Dáil nuair a d'inis Robert Troy a scéal féin… Cathal Mac Coille

dail_chamber_2-1275

Ní cóir ‘díospóireacht’ a thabhairt ar an gcuid is mó d’imeachtaí na Dála (taobh amuigh de thráth na gceist).

Glacann ár bhformhór leis go dteastaíonn cainteoirí agus lucht éisteachta i ngach díospóireacht, in áit ar bith. Ach léiríonn pictiúir na teilifíse an fhírinne i dTeach Laighean: ní ‘díospóireacht’ ach ‘ráitis’ a ba chóir a thabhairt ar an gcaint is minice a chloistear arsa Dáil.

Níor chuala ach dornán beag Teachtaí Dála mar sin an óráid ghairid a thug Robert Troy ó Fhianna Fáil an tseachtain seo caite.

Thuill a óráid moladh ar thrí chúis.

Ar an gcéad dul síos, mar gheall ar a chur síos macánta ar an gcaoi ina gcuireann imní agus ísle brí as dó. Uaireanta, ní bhíonn sé ábalta éirí ar maidin toisc nach féidir leis aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an lae.

Ar an dara dul síos, toisc gur admhaigh sé go raibh an t-ádh air gurbh acmhainn dó íoc as an gcabhair ghairmiúil a bhí de dhíth air.

Ar an tríú dul síos, toisc gur cháin sé an laghdú ar an gcaiteachas ar shláinte mheabhrach a bhí beartaithe i mbliana ag an HSE. Tá daoine ag fáil bháis cheal cúnaimh, a dúirt sé, agus tá airgead de dhíth ó eagraíochtaí pobail ar mian leo cúnamh a thairiscint.

Bheadh breis airgid ar fáil don obair sin, ar ndóigh, mura gcaithfí ar rudaí eile é. Cealú na dtáillí uisce, mar shampla, mar a d’iarr a pháirtí féin. Ach sin scéal eile.

Idir an dá linn, molaimis Robert Troy. Fear a chuir i gcuimhne dá chomhghleacaithe Dála, agus dúinn uilig, gur cúis imní do chách sláinte mheabhrach agus an gníomh a theastaíonn lena cur chun cinn.

Doiléire d’aon ghnó

Is breá le polaiteoirí doiléire agus débhrí. Oireann siad araon dóibh (a) más mian leo moill a chur ar chinneadh conspóideach, nó (b) más mian leo cinneadh conspóideach a cheilt tar éis a dhéanta.

J’ai vous compris” (‘tuigim sibh’ nó dáiríre ‘tuigim bhur gcás’) a dúirt uachtarán na Fraince Charles De Gaulle le slua coilíneach san Ailgéir i 1958. Shíl a lucht éisteachta go raibh sé ag gealladh go seasfadh an Fhrainc gualainn ar ghualainn lena muintir thall san Ailgéir. Ní mar a shíleadar a tharla.

Ní raibh De Gaulle toilteanach ar feadh i bhfad géilleadh do threallchogaithe an FLN (Front de Libération Nationale). Ach d’ordaigh sé aistarraingt iomlán fhórsaí na Fraince ón Ailgéir sa chonradh a chuir deireadh le cogadh fuilteach na hAilgéire i 1962.

Tá blas den débhrí chéanna sa ráiteas a chum Fine Gael agus Fianna Fáil chun déileáil leis an bhfadhb nár réitigh cealú… gabhaim mo leithscéal… cur-ar-fionraí na dtáillí uisce. An cheist: an féidir daoine a d’íoc as soláthar uisce le breis agus bliain a shásamh anois? An freagra:

We affirm that those who have paid their water bills to date will be treated no less favourably than those who have not.

I bhfianaise gach míniú ón dá pháirtí ar an ráiteas seo, is féidir a bhrí dháiríre a achoimriú mar seo:

1. Ní thairgfear cúiteamh do dhuine ar bith.

2. Tá dualgas ar gach duine gach bille a íoc.

3. B’fhéidir go mbeidh muca ag eitilt, lá éigin.

Cén focal is oiriúnaí feasta mar sin mar chur síos ar dhuine ar bith a íocann bille (fiú bille a sheolfar de réir reachtaíocht Oireachtais) nach mian le mórán daoine eile é a íoc?

Amadán.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.