Caint níos milse ag an nGearmáin faoin mBreatimeacht, ach céard is ciall léi?

Tá cor nua i scéal an Bhreatimeachta ach faraor tá an tír seo ar an imeall sna cainteanna i gcónaí

Caint níos milse ag an nGearmáin faoin mBreatimeacht, ach céard is ciall léi?

Pictiúr: RollingNews.ie

Níor thug meáin mhóra na tíre seo mórán airde air. B’fhéidir go deimhin nár thuig siad an tábhacht a bhain leis an scéal, ach tharla cor suntasach i gcás an Bhreatimeachta ag cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh seachtain ó shin nuair a shocraigh an tAontas dul i mbun ullmhúcháin i dtaobh cainteanna leis an mBreatain maidir le trádáil.

I ndáiríre ní féidir cúrsaí a bhaineann leis an teorainn ar an oileán seo a réiteach mura bhfuil a fhios ag daoine cén cineál córas trádála a bheas ann.

Dea-scéal mar sin go bhfuil an tAontas ag tosú ar shainordú a chur le chéile maidir leis seo, fiú má tá siad ag cloí go fóill leis an mantra nach féidir tús a chur le fíorchainteanna trádála go dtí go mbeidh aontacht ann faoin mbille imeachta, faoi stádas na saoránach ón dá dlínse i limistéir a chéile, agus, ar ndóigh, faoi scéal na hÉireann.

Is cosúil nach fada uainn réiteach maidir leis an mbille agus le stádas saoránach, ach faraor is é an drochscéal ná gur cosúil go bhfuil fadhb na hÉireann brúite go dtí an t-imeall. Tá sé ráite ag Príomh-Aire na Breataine nach mbeidh infreastruchtúr fisiciúil ar bith le feiceáil ar an teorainn – agus sin an méad atá bainte amach i leith na hÉireann.

Tá sé sa mheá i gcónaí go bhféadfaí an teorainn eacnamaíochta a aistriú go dtí Muir Éireann, ach níl aon bhéim á leagan ag aon duine air sin.

Ní hionadh ar bith é sin, ar ndóigh, mar ba léir ón tús nach bhféadfaí an scéal a réiteach go mbeadh socrú trádála cinntithe, ach ba léir freisin go raibh sé riachtanach go ndéanfadh muide idirbheartaíocht ar ár son féin leis an mBreatain faoin gceist seo agus, ina dhiaidh sin, leis an Aontas, lena chinntiú go nglacfaí le socrú a oireann dúinne.

Dhiúltaigh an rialtas – agus lántacaíocht na Bunaíochta acu – dul sa treo sin, mar theastaigh uathu a thaispeáint go bhfuil muid céad faoin gcéad dílis d’fhoireann na hEorpa fiú mura mbíonn an Eoraip i gcónaí dílis dúinn. (Cás na mbanc?)

Ach céard atá taobh thiar den athrú meoin seo san Eoraip?  Céard is cúis leis na hiarrachtaí labhairt go bog béasach agus droim láimhe a thabhairt leis an gcaint bhagrach a bhíodh ann?

Cé eile ach an Ghearmáin!

D’fhág na figiúirí eacnamaíochta an chuma ar an scéal i gcónaí go ndéanfadh an Ghearmáin margadh.  In 2016, mar shampla, bhí farasbarr trádála de €40.4 billiún ag an nGearmáin as an mBreatain. Mar sin tá a lán le cailliúint ag an nGearmáin murar féidir leis an Aontas teacht ar shocrú leis an mBreatain maidir leis an mBreatmimeacht – agus, ach go háirithe, socrú faoi choinníollacha trádála.

Ar an taobh eile den scéal, tá brú polaitiúil ann ina choinne seo.  Teastaíonn ó cheannairí an Aontais nach leanfadh aon tír eile sampla na Breataine – agus tá tíortha ann nach bhfuil róshásta leis an treo ina bhfuil an tAontas ag dul: an Pholainn, an Ungáir, an tSlóvaic agus an tSeic, go háirithe tar éis bhua Andrej Babis sa toghchán i bPoblacht na Seice.

Tá Babis ag rá go bhfuil sé i bhfabhar an Aontais, ach Aontas nach mbeadh aon smacht aige ar chúrsaí inimirce, ar ghnóthaí eachtracha, ar rialacha riaracháin, ar chúrsaí dlí ná comhshaoil atá uaidh.

Agus tá dreamanna eile atá ar tí a bheith i rialtas leis atá níos naimhdí fós don Aontas.

Tá tíortha san Oirthear ag fanacht ar cibé socrú a thiocfaidh as na cainteanna idir an tAontas agus an Bhreatain, ach má fheiceann siad an seans tapóidh siad an deis le feabhas a chur ar a gcás féin.

Bhí dóchas ann go mbeadh an Ghearmáin in ann airgead a chur ar fáil le drochthionchar eacnamaíochta an Bhreatimeachta ar an Aontas féin, a mhaolú. Ach i ndiaidh thoghchán na Gearmáine, níl an t-airgead sin ar fáil toisc go gcaithfidh an Ghearmáin anois an farasbarr atá aici a úsáid le freastal ar éilimh pháirtnéirí nua rialtas Angela Merkel– na Glasaigh agus na Liobrálaigh.

Tá na Liobrálaigh chéanna éirithe an-amhrasach faoin Aontas Eorpach, agus níl siad sásta aon chuid d’airgead na Gearmáine a chur taobh thiar d’aisling Macron na Fraince.

Go deimhin tá Macron ag caint go hoscailte anois faoi Eoraip an dá luas, agus foinsí eile ag rá gur chóir fáil réidh leis na ballstáit in Oirthear na hEorpa – seachas b’fhéidir an Pholainn más féidir fáil réidh leis an rialtas reatha    agus ‘aon tír lag eile’.

Cá bhfágfadh sin leithéid na tíre seo?

Nó an gcreideann éinne gurb í an Fhrainc anois an stát is gaire dúinn san Aontas ó thaobh tíreolaíochta agus dearcadh polaitiúil de? An Fhrainc atá meáite ar dheireadh a chur lenár socruithe cánach le hollchomhlachtaí idirnáisiúnta?

Ach anois go bhfuil an Ghearmáin ag lorg cur chuige difriúil, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go dtosódh muid ag smaoineamh dúinn féin agus ar idirbheartaíocht a dhéanamh muid féin leis an dá thaobh.

É sin nó a bheith fágtha ar an trá fholamh ag deireadh an lae.

Fág freagra ar 'Caint níos milse ag an nGearmáin faoin mBreatimeacht, ach céard is ciall léi?'