Caint agus ceol ag comóradh ar Thomás Ághas ina bhaile fearainn dúchais

Tógadh ceann ar leith den chaint spreagúil a thug Eibhlín Ághas Uí Chuinn (86) le linn an tsearmanais, faoina huncail, Tomás Ághas agus an phearsantacht agus an t-iompar státúil a bhí luaite leis

Cinaird3a

Ócáid shuaithinseach ab ea an comóradh, a deineadh tráthnóna Dé Sathairn seo d’imigh tharainn, ar an laoch agus ar an dtírghráthóir, Tomás Ághas, ‘Píobaire na Mine Airde’, ar an mbaile fearainn ina saolaíodh é, Cinnaird A’ Teampaill, in aice le Lios Póil, cúpla mile lastoir de Dhaingean Uí Chúis.

Sa bhliain 1885 a rugadh Tomás Ághas agus d’éag sé, is gan é ach 32 bliain d’aois, ar an 25 Meán Fómhair, 1917, i bpríosún Mountjoy, de dheasca a thachta ag bia a cuireadh siar air le fórsa agus é ar stailc ocrais le cúig lá roimhe sin.

Cinnaird2

Tháinig timpeall 200 duine go dtí an searmanas, muintir na háite a bhformhór agus roinnt de ghaolta an Ághasaigh farú.

Tráthnóna taitneamhach cainte, ceoil agus cuntais den scoth a bhí ann agus é eagraithe thar cionn ag leithéidí Mhíchíl Uí Mhóráin agus Risteaird Mhic Eoin.

Cinaird2

Tógadh ceann ar leith den chaint spreagúil agus den chuntas géarchúiseach a thug Eibhlín Ághas Uí Chuinn (86) le linn an tsearmanais, mar gheall ar a huncail, Tomás Ághas agus an phearsantacht agus an t-iompar státúil a bhí luaite leis.

I ndiaidh na cainte do nocht sí féin agus Máiread Ághas Uí Mhuircheartaigh, arb é an tÁghasach a seanuncail, leacht cuimhneacháin, ar an bhfoirgneamh inar saolaíodh an tÁghasach.

Táthar ag ullmhú cheana féin d’ócáid mhór eile chun comóradh a dhéanamh ar bhás Thomáis Ághais i mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar 'Caint agus ceol ag comóradh ar Thomás Ághas ina bhaile fearainn dúchais'