Cáineadh déanta ar rabhadh DUP Iarthar Bhéal Feirste go bhfuil ‘crogaill na Gaeilge’ i mbaol a bheith ‘seriously hurt’

Ba ar leathanach Facebook an ‘West Belfast DUP’ a tugadh an foláireamh do na daoine óga a bhí i mbun agóide ar son Acht Gaeilge i mBéal Feirste an tseachtain seo agus iad gléasta mar chrogaill

Cáineadh déanta ar rabhadh DUP Iarthar Bhéal Feirste go bhfuil ‘crogaill na Gaeilge’ i mbaol a bheith ‘seriously hurt’

Orlaithi Flynn, Sinn Féin, a cháin an phostáil ar chuntas Facebook an West Belfast DUP

Tá foláireamh tugtha ag cumann de chuid an DUP do ‘chrogaill na Gaeilge’ go bhféadfadh “go ngortófaí go dona duine éigin” dá leanfaidís lena “ngeáitsíocht ar nós cuma liom”.

Ba ar leathanach Facebook an ‘West Belfast DUP’ a tugadh an foláireamh do na daoine óga a bhí i mbun agóide ar son Acht Gaeilge i mBéal Feirste an tseachtain seo agus iad gléasta mar chrogaill.

Dúirt Orlaithí Flynn, iarrthóir de chuid Shinn Féin i dtoghchán Stormont, go raibh “urchóid” ag baint le bagairt chumann iarthar Bhéal Feirste an DUP agus d’iarr sí ar an bpáirtí míniú a thabhairt ar an bpostáil Facebook.

Thagair an phostáil Facebook ar chuntas an chumainn d’agóid a rinne baill d’Óige Phoblachtach – Sinn Féin lasmuigh d’oifig toghlaigh an iar-aire cultúir Nelson McCausland Dé Máirt.


Bhí na daoine óga a ghlac páirt san agóid gléasta mar chrogaill toisc gur dhein ceannaire an DUP comparáid idir Sinn Féin agus na reiptílí áirithe sin an lá roimhe agus í ag diúltú tacaíocht a thabhairt d’Acht Gaeilge.

Ag tagairt di do cheist an Achta Teanga, dúirt an t-iarChéad-Aire, “Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh”.

Dúirt sí nach ionann a cur chuige féin agus géilleadh do Shinn Féin ar mhaithe leis an bpáirtí sin a chur ar a suaimhneas.

Dhein an cumann de chuid an DUP cáineadh láidir ar an agóid lasmuigh d’oifig McCausland i dtuaisceart Bhéal Feirste.

“We utterly condemn Sinn Féin Republican Youth raising tensions by coming into Unionist areas with Irish language signs for a sneaky photo then scurrying off.

“They need to catch themselves on before someone gets seriously hurt as a result of their mindless antics. They will try everything they can for a reaction and then turn and twist the whole so they look like the victim!!!”

Sa ráiteas a d’eisigh sí faoin scéal, d’iarr Orlaithí Flynn, atá ag seasamh do Shinn Féin sa toghchán in iarthar Bhéal Feirste, ar an DUP ráiteas a dhéanamh ag cáineadh na postála.

“The DUP needs to explain a sinister West Belfast DUP Facebook post stating that young people engaged in a peaceful protest outside Nelson McCausland’s office dressed as crocodiles ‘could get seriously hurt’.

“The insinuation the young protesters were seeking a reaction so they could act as victims is just insulting.

Mhaígh Flynn gur chruthaigh “an tacaíocht” don lucht agóide a léirigh daoine a bhí ag dul thar bráid cé chomh mór “as tiúin” le mianta an phobail i gcoitinne is atá meon “díspeagúil” an DUP i leith na Gaeilge.

“I would call on the DUP to distance itself from these sinister comments and reassure young people that the right to peaceful protest should be respected,” a dúirt Flynn.

 

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar rabhadh DUP Iarthar Bhéal Feirste go bhfuil ‘crogaill na Gaeilge’ i mbaol a bheith ‘seriously hurt’'