Cáineadh déanta ar BBC Newsnight as fiafraí an ‘help or hindrance’ an Bhreatnais

Tá cáineadh géar déanta ar eagrán den chlár BBC Newsnight a craoladh aréir inar pléadh cé acu “bua nó bac” an Bhreatnais don Bhreatain Bheag

Cáineadh déanta ar BBC Newsnight as fiafraí an ‘help or hindrance’ an Bhreatnais

Tá athbhreithniú á lorg ag cainteoirí Breatnaise ar gach a chraoltar ar an BBC faoi chás na Breatnaise i bhfianaise clár a craoladh aréir inar phléigh beirt chainteoirí Béarla ceist na Breatnaise sa Bhreatain Bheag.

Le linn an chláir, cháin Julian Ruck, údar agus iriseoir, an t-airgead a chaitear ar chur chun cinn na Breatnaise agus labhair Ruth Dawson, eagarthóir The Conversation, ar son na teanga.

Bhíothas míshásta go háirithe le cur chuige na díospóireachta ar Newsnight, díospóireacht ar cuireadh tús léi leis an gceist: “Is the Welsh language a help or hindrance to the nation?”.

Cháin daoine an clár chomh maith mar gheall ar an gcinneadh gan cainteoir Breatnaise a chur ar an bpainéal ar chor ar bith. Tharraing an clár go leor cainte ar na meáin shóisialta agus tá achainí ar líne curtha ar bun ag éileamh ar an BBC athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitear leis an mBreatnais ar a gcuid clár. Tá os cionn 2,000 tar éis a n-ainm a chur leis an achainí sin anois.

Tá iarrtha ag Aire na Breatnaise, Alun Davies, ar an BBC leithscéal a ghabháil as an gclár freisin.

Dúirt Richard Wyn Jones, Ollamh le polaitíocht in Ollscoil Caerdydd go raibh an clár a craoladh aréir ‘maslach’ ach nár chuir sé iontas air go gcraolfadh an BBC a leithéid.

“Táimid i dtaithí anois ar an meon seo ó na meáin chumarsáide i Londain,” a dúirt sé ar an gclár Post Cyntaf ar BBC Radio Cymru.  

Dúirt Carl Morris ó Cymdeithas yr Iaith gur cheart díospóireachtaí ar chaighdeán níos airde a bheith ann faoin mBreatnais ar an BBC.

“Caithfidh na comhráite a bhíonn againn a bheith níos caolchúisí agus níos sofaisticiúla,” arsa Carl Morris.

Craoladh an clár ar an BBC aréir mar gheall ar Pháipéar Bán nua, a foilsíodh inné, ina moltar deireadh a chur le hoifig an Choimisinéara Teanga sa Bhreatain Bheag agus Coimisiúin Teanga a bhunú ina háit.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar BBC Newsnight as fiafraí an ‘help or hindrance’ an Bhreatnais'

  • Ruairí Ó Bléine

    Craolann an BBC, anois agus arís, díospóireachtaí i nDáil na Breataine Bige. I minic a labhraíonn Teachta Dála i mBreatnais, ach chomh luath is a thosaíonn an duine ag caint gearrtar isteach air/uirthi agus aistrítear an chaint go Béarla a dóigh is nach féidir focal dá laghad de Bhreatnais a chluinstin. Is masla mór é an nós seo don teanga, don chainteoir agus don éisteoir.
    Ach taispeánann sé an dearcadh lofa atá ag an BBC ar theanga na Breatnaise. Tá cúis leis seo ar ndóighe. Faoi réim na Róimhe (timpeall 40AD go dtí timpeall 420AD) ghéill na Sasanaigh a dteanga dhúchais Cheilteach (Breatnais) céim ar chéim. Agus nuair a tháinig na Gearmánaigh thosaigh siad ag labhairt Gearmáinise. Ach níor ghéill muintir Cymru riamh. Sin é an fáth gur chóir go mbeadh éad agus náire orthu roimh muintir dílis cróga na Breataine Bige.

  • Mánus

    Scéal eile ag Tuairisc faoi mhionteanga sa Bhreatain. Tá scéalta i dtír na mBascach faoi láthair…