Cáineadh déanta ag Comhairleoirí Chonamara ar easpa leithris ag suíomh cuimhneacháin

Ní bheidh aon leithreas ag suíomh cuimhneacháin Alcock agus Brown ná ag stáisiún Marconi in aice an Chlocháin, fiú agus go bhfuil breis agus €1 mhilliún caite ar an togra

wc sign

Bhuail an Comhairleoir Contae Séamus Breathnach ar an speir é, d’aon iarraidh amháin: 

“Is fada an t-achar sé chiliméadar nuair a thagann cruóg mhór ort!” 

Chuir an Comhairleoir Seosamh Ó Cualáin an scéal i gcomórtas le cluiche peile:

“Téigh chuig cluiche peile agus b’fhéidir go mbeifeá uair go leith ansin agus bítear ag súil go mbeidh leithreas ann”.

An fhorbairt atá déanta ar shuíomh cuimhneacháin Alcock agus Brown agus ar stáisiún Marconi in aice an Chlocháin i gConamara a bhí i gceist ag cruinniú de Chomhairleoirí Contae Chonamara Dé Máirt.   

Ní bheidh leithreas ann fiú agus go bhfuil breis agus €1 mhilliún caite ar an tionscnamh. Tuigtear gur cúrsaí timpeallachta an chúis ba mhó nár cuireadh leithreas sa bplean. Dúirt feidhmeannach amháin de chuid na Comhairle Contae inné go gcaithfí a chur san áireamh go bhfuil criathrach caomhnaithe i gcóras na SAC ar an bpíosa seo sléibhe

Láthair an-stairiúil é seo agus is fada caint ann gur cheart cóir cheart a chur air, a thabharfadh deis don tsaol mór súil cheart a chaitheamh ar an áit.

Ba ar an bpíosa portaigh seo taobh thiar den Chlochán i gConamara a thuirling John Alcock agus Arthur Whitten-Brown ar an 15 Meitheamh 1919 tar éis dóibh an chéad aistear eitleáin ariamh a dhéanamh trasna an Atlantaigh; ar an láthair chéanna sin a rinne Marconi an saothar mór ar an teileachumarsáid tras-Atlantach idir 1905 agus 1922.   

Thug beirt fheidhmeannach as an gComhairle Contae cuntas ar an leagan amach atá ar an suíomh seo anois ag cruinniú de Chomhairle Bhardasach Chonamara – sin iad naonúr Comhairleoirí Thoghcheantar Chonamara agus feidhmeannaigh as Comhairle Chontae na Gaillimhe. 

Fógrófar an láthair seo oscailte go hoifigiúil i ndeireadh na míosa seo chugainn. Beidh sé ar cheann de na suíomhanna is tábhachtaí ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin, an bóthar anuas le cósta as Dún na nGall go hiarthar Chorcaí.

Rinne feidhmeannaigh na Comhairle Contae cur síos ar na pictiúir agus na comharthaí eolais a bheidh ann; beidh sé cinn de bhotháin ann freisin a thabharfaidh foscadh agus áit scíthe do dhaoine ar an gcosán siúil 6 chiliméadar a bheidh ag dul tríd an gcriathrach.   

“Thar cionn” arsa an Comhairleoir Tomás Ó Cuirrín.  “Tá obair bhreá déanta.  Mo chuimhne, an mbeidh leithreas ann?”

Dúirt na feidhmeannaigh nach mbeidh – duine acu ag míniú go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ag baint leis sin mar go raibh talamh caomhnaithe ar chuile thaobh díot.

“Sách dona. Is mór an feall é nach bhfuil leithreas curtha ar fáil. Cuimhnígí go bhféadfadh sé go mbeifí ag iarraidh clúidíní a athrú ar pháiste nó rud mar sin.  B’fhéidir nach bhfuil sé ró-dhona ag fir ach tá sé an-mhí-áisiúil do mhná. Seo botún agus d’fhéadfadh sé go bhfágfaí drochbhlas i mbéal na gcuairteoirí dá bharr,” a dúirt Ó Cuirrín.

Ba ansin a tharraing duine d’fheidhmeannaigh na Comhairle Contae tuilleadh gleo air féin:

“Anois, ní bheadh i gceist ach tuairim trí huaire an chloig ar dhuine a dhéanfadh an turas thart ar an suíomh uilig, agus ní shin achar fada,” a deir an feidhmeannach.

Tharraing seo rachtaíl gháirí agus ba ansin a mheabhraigh an Comhairleoir Ó Cualáin don chruinniú go bhfuil leithris ag páirceanna peile fiú agus nach maireann cluiche acu tuairim uair go leith uilig.  Dúirt seisean go bhfuil bearna sa tionscnamh de bharr nach bhfuil leithreas ann. 

Ag déanamh a mhachnaimh féin ar an scéal d’fhógair an Comhairleoir Séamus Breathnach go mba dhona an scéala ag duine é dá dtiocfadh air agus sé  chiliméadar siúil le déanamh aige sula bhféadfadh sé a dhul ar an gcúlsráid!

Dúirt duine d’fheidhmeannaigh shinsearacha na Comhairle Contae, Liam Ó Gábháin, go bhféadfadh sé a theacht sa déanamh go réiteofaí ceist an leithris ar an láthair chuimhneacháin, amach anseo.  Mar shampla amháin, d’fhéadfadh sé go mbuailfeadh duine éigean faoi ghnó caifé agus go mbeadh leithreas ansin.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ag Comhairleoirí Chonamara ar easpa leithris ag suíomh cuimhneacháin'