Caillteanas £190 milliún don cháiníocóir i gceist le díol maoine NAMA ó thuaidh – tuarascáil

De réir tuarascáil a d’fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste inniu, d’fhéadfadh gurbh fhiú £1.49 billiún an leabhar iasachtaí a díoladh leis an gcomhlacht as Meiriceá Cerebus ar €1.3 billiún

Caillteanas £190 milliún don cháiníocóir i gceist le díol maoine NAMA ó thuaidh – tuarascáil

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá ráite ag Cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí, Seán Fleming, gur léir nár cloíodh “le gnáthnósanna margaíochta agus díolacháin” NAMA i gcás díol a gcuid maoine i dTuaisceart Éireann.

Tá sé i gceist ag an Rialtas fiosrúchán oifigiúil a chur ar bun faoi dhíol Project Eagle agus pléifear struchtúr an fhiosrúcháin sin ag cruinniú idir an Taoiseach agus ceannairí pháirtithe an fhreasúra amárach.

De réir tuarascáil a d’fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste inniu, d’fhéadfadh gurbh fhiú £1.49 billiún an leabhar iasachtaí a díoladh leis an gcomhlacht as Meiriceá Cerebus ar €1.3 billiún.

Idir an dá linn, fógraíodh tráthnóna go gcuirfidh an Coiste um Chuntais Phoiblí tús ag deireadh na míosa seo le sraith cruinnithe chun scrúdú a dhéanamh ar thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

De réir na tuarascála sin a foilsíodh inniu, bhí caillteanas £190 milliún don cháiníocóir i gceist le díol na maoine ó thuaidh leis an gcomhlacht as Meiriceá Cerebus.

“I gcás díol leabhar iasachtaí an Tuaiscirt, is léir ón tuarascáil go raibh athrú suntasach ar ghnáthnósanna margaíochta agus díolacháin NAMA. Sa chás seo is cosúil gur chuir NAMA i bhfeidhm srianta móra ama agus srianta móra eile maidir le lánrochtain ar cháipéisíocht a bhain leis an réadmhaoin. Ba é an toradh a bhí air seo ná laghdú ar líon na gceannaitheoirí a léirigh suim sa mhargadh agus laghdú ar an iomaíocht i measc ceannaitheoirí.

“Ba é críoch agus deireadh na mbeart ná go raibh caillteanas mór i gceist don cháiníocóir…” a dúirt an Teachta Dála Seán Fleming, Cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí.

Dúirt Fleming go raibh “ceisteanna tromchúiseacha” le freagairt chomh maith ag NAMA maidir le conas a láimhseáil siad an scéal go raibh coimhlintí leasa ag cuid de chomhaltaí a gCoiste Comhairleach i dTuaisceart Éireann.

Tiocfaidh ionadaithe ó NAMA i láthair an Choiste ar an 29 Meán Fómhair nuair a chuirfear tús lena sraith cruinnithe. Beidh an tAire Airgeadais os comhair chruinniú an 6 Deireadh Fómhair agus tá sé i gceist ag an gCoiste tuarascáil agus moltaí dá gcuid féin a fhoilsiú faoi dhíol Project Eagle i ndiaidh na n-éisteachtaí.

Séanann NAMA as éadan príomhchonclúidí thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus maíonn siad gur €1.3 billiún an praghas ab fhearr a bhí le fáil.

Fág freagra ar 'Caillteanas £190 milliún don cháiníocóir i gceist le díol maoine NAMA ó thuaidh – tuarascáil'