Cailliúint mhór eile do Dhún na nGall agus fathach Gaeltachta éirithe as

Thug Neil Gallagher, ó chumann Ghleann tSúilí, le fios inné go bhfuil sé ag éirí as foireann peile Dhún na nGall mar gheall ar ghortú

Cailliúint mhór eile do Dhún na nGall agus fathach Gaeltachta éirithe as

Thug bainisteoir fhoireann peile Dhún na nGall, Rory Gallagher le fios ag preasócáid tráthnóna inné go bhfuil an peileadóir Neil Gallagher ag éirí as mar gheall ar dhrochghortú a bhain dá dhroim.

D’imir Neil Gallagher (33) i lár páirce do Dhún na nGall ó roghnaigh Brian McEniff é ar phainéal an chontae in 2003.

Imríonn sé fosta lena chlub Gleann tSúilí, atá sa Ghaeltacht, club a bhuaigh Craobh an Chontae i nDún na nGall anuraidh.

Dúirt Rory Gallagher go bhfuil an gortú droma seo ag cur as do Neil Gallagher le fada agus cé go bhfuair sé teiripe ar an droim gur gortaíodh arís é le linn seisiún traenála leis an fhoireann contae Dé Máirt seo caite.

“Ábhar díomá atá ann dúinn ar fad go bhfuil an cinneadh seo glactha agus cailliúint mhór atá ann don fhoireann chomh maith,” a dúirt Rory Gallagher

Dúirt an bainisteoir gur imreoir den scoth a bhí i Neil Gallagher a rinne a dhícheall don fhoireann.

Ba é Gallagher a bhí ina chaptaen ar na Conallaigh nuair a d’éirigh leo an tSraith Náisiúnta a bhaint in 2007.

Bhí sé ar fhoireann an chontae a bhuaigh craobh Uladh faoi thrí agus bhuaigh sé dhá ghradam All Star chomh maith le bheith ar an fhoireann a bhain Craobh na hÉireann in 2012.

Chuaigh sé chun páirce do Dhún na nGall 140 uair.

Le cúpla mí anuas tá go leor imreoirí caillte ag Rory Gallagher. D’éirigh Éamonn Mac Aoidh, Rory Kavanagh, Christy Toye agus Colm McFadden as foireann na sinsear agus d’fhógair Odhrán Mac Niallais go raibh sé ag glacadh sosa ón pheil idirchontae.

Fág freagra ar 'Cailliúint mhór eile do Dhún na nGall agus fathach Gaeltachta éirithe as'