Cailliúint do Shinn Féin, do Stormont agus do na haontachtaithe i Stormont é McGuinness

Má bhíonn idirbheartaíocht nua ann, meastar go mbeidh comharba McGuinness i bhfad níos déine agus níos teanntásaí ná mar a bhí fear Dhoire

Cailliúint do Shinn Féin, do Stormont agus do na haontachtaithe i Stormont é McGuinness

Tá Sinn Féin ag roghnú iarrthóirí an deireadh seachtaine seo don toghchán Tionóil a cheaptar atá dosheachanta. Den chéad uair ó cuireadh tús le próiseas na síochána, is dócha, ní bheidh Martin McGuinness, príomhidirbheartaí an pháirtí, san iomaíocht.

Cailliúint mhór do Shinn Féin a bheidh ann ar ndóigh ach cailliúint do Stormont agus do na haontachtaithe i Stormont a bheidh ann chomh maith.

Bhain an dea-chaidreamh a bhí ag iarcheannaire an IRA leis an tsean-namhaid Ian Paisley geit as gach aon duine nuair a thosaigh Sinn Féin agus an DUP ag roinnt na cumhachta in 2007. Ba é a sheasamh i measc na bpoblachtánach chomh maith lena phearsantacht a chuir ar a chumas a bheith cróga i mbun roinnt na cumhachta. Níor chur chuige é sin a chleacht an bheirt cheannairí ar an DUP a tháinig i gcomharbacht ar Paisley, Arlene Foster go háirithe.

Is iomaí duine a d’fhulaing de dheasca foréigean an IRA nach maithfidh a ról san eagraíocht sin do McGuinness go deo, aontachtaithe agus dílseoirí den chuid is mó. Tá daoine ó chúlra náisiúnach, cuid acu ina chathair dhúchais, Doire, leithéidí mhuintir Frank Hegarty nó Patsy Gillespie, a mbeidh ceisteanna acu go brách faoina ról san IRA. Bhí cáil air mar fhear ‘crua’ an IRA agus stádas dá réir aige i ngluaiseacht na poblachta.

B’in ceann de na cúiseanna go raibh sé in ann a fhógairt, gan olc a chur ar a lucht tacaíochta, gur naimhde na hÉireann agus coirpigh iad na heasaontóirí poblachtacha a mharaigh póilín agus beirt saighdiúirí. Rinne sé é sin agus é ag seasamh gualainn ar ghualainn le Hugh Orde, Príomh-Chonstábla an PSNI agus Peter Robinson, ceannaire an DUP. Ní dhearna ceannaire an DUP a mhacasamhail in aghaidh fhoréigin na ndílseoirí. Bhuail McGuinness leis an mBanríon Eilís trí huaire – an uair dheiridh nuair a nocht Colin Davidson i Londain an phortráid a rinne sé den Bhanríon. Ní ghabhfadh Arlene Foster ag ócáid stáit i dtaca le 1916 ar ór na cruinne.

Ní raibh Sinn Féin gan locht sna blianta ó bhunaigh siad an Feidhmeannas leis an DUP ach ba leathbhádóir a raibh meon dearfach aige é McGuinness níos minice ná a mhalairt. Ba léir, áfach, nach raibh an caidreamh idir Robinson agus McGuinness chomh maith agus ba ghá i gcónaí. Bhí an Feidhmeannas i mbaol cúpla babhta ach d’éirigh leo slite éalaithe a aimsiú.

Nuair a tháinig Arlene Foster i gcumhacht mar Chéad-Aire, d’fhógair sí go raibh an pobal tuirseach d’easaontas, bruíon agus sáraíocht. Bheadh cúrsaí níos séimhe (agus níos gairmiúla) feasta, a gheall sí. Bhí, agus ní raibh.

Tar éis an toghcháin anuraidh bhí ‘sos comhraic’ idir an DUP agus Sinn Féin, murab ionann agus socrú comhoibrithe. Ní hionann sin agus a rá go raibh an Tionól saor ó nimh; díríodh an ghangaid ar an bhfreasúra. Thug an DUP agus Sinn Féin fogha go rialta faoin UUP agus an SDLP mar chneámhairí a thréig an Feidhmeannas. Ba chosúil nach raibh an institiúid in ann feidhmiú mura mbeifí ag caitheamh anuas ar dhream éigin.

Cé go raibh cos curtha i dtaca ag Arlene Foster agus an DUP in aghaidh maoiniú d’ionchoisní, in aghaidh Acht na Gaeilge, agus in aghaidh comhfhiontar leis na páirtithe eile ar bhonn uile-oileánda i leith Breatimeachta (gan ach beagán ábhar a lua), d’fhan McGuinness ina thost go poiblí. Seans go raibh argóintí ar chúla téarmaí ach bhí McGuinness fós ag tacú leis an gcomhfhiontar nuair a d’eisigh sé féin agus Foster alt nuachtáin i dtús na Samhna ag fógairt cé chomh héifeachtach agus chomh haontaithe is a bhíodar. Bhíodar ag obair leo le chéile gan aon bhuaileam sciath agus obair chríochnúil á cur i bhfeidhm acu, a dúradar.

Más íomhá gan substaint nó a mhalairt a bhí ann, bhí an íomhá chéanna briste faoi cheann míosa agus tá sí anois ina smidiríní. Bhí a fhios ag Foster le fada go raibh an scéim fuinnimh inathnuaite ina praiseach. Bhí a fhios ag McGuinness le tamall. Anuas air sin foilsíodh tuairisc Oifig Iniúchóireachta Thuaisceart Éireann faoin róchaiteachas ar an scéim i mí Iúil seo caite, ach níor tháinig an crú ar an tairne go dtí gur tharraing an clár teilifíse Spotlight ar an BBC aird an phobail ar an scannal i mí na Nollag. Tá an-chuid eolais breise tugtha chun solais ag iriseoirí ó shin.

Le seachtain anuas, tá Sinn Féin ag caint ar chaimiléireacht, ach níl sé soiléir céard atá i gceist acu cé is moite de roinnt daoine a bheith ag cur teasa in aer chun brabach a dhéanamh. Is cosúil gurb é barúil Shinn Féin nach mian leis an DUP glacadh le prionsabal roinnt na cumhachta. Nuair a dúirt McGuinness nach bhfillfí ar an status quo bhí sé ag rá nach mbeadh muinín acu as briathra an DUP feasta. Bheadh barántais riachtanach.

Má bhíonn babhta idirbheartaíochta nua ann, meastar go mbeidh comharba McGuinness i bhfad níos déine agus níos teanntásaí ná mar a bhí fear Dhoire. Ní dhéanfaidh an té sin dearmad nár dúirt Foster ná éinne eile san DUP oiread is focal amháin ag guí biseach ar McGuinness. Mionrud é, ach is comhartha sóirt é ar chur chuige suarach pháirtí Arlene Foster.

Fág freagra ar 'Cailliúint do Shinn Féin, do Stormont agus do na haontachtaithe i Stormont é McGuinness'

  • Pól Réamonn

    @Mionrud é, ach is comhartha sóirt é ar chur chuige suarach pháirtí Arlene Foster.

    Is pháirtí suarach é an DUP.