Cailín Gaelach do Na Gaeil Óga le roghnú anocht!

Roghnóidh Na Gaeil Óga Cailín Gaelach do Chomórtas Peile na Gaeltachta anocht ag ócáid i gClub Chonradh na Gaeilge.

cg

Roghnófar Cailín Gaelach Na Gaeil Óga do Chomórtas Peile na Gaeltachta anocht ag ócáid i gClub Chonradh na Gaeilge.

Seisear cailíní a bheidh san iomaíocht anocht agus rachaidh an buaiteoir ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar an gcumann ag an gcomórtas náisiúnta i mBaile Bhuirne an mhí seo chugainn.

Rob Ó Caoindealbháin, a bhuaigh comórtas An Stail Ghaelach, a bheidh ina fhear an tí i gClub an Chonradh agus é ag cur na gceisteanna ar na cailíní agus iad ar stáitse. Ag déanamh moltóireachta, beidh Lisa Nic an Bhreithimh (Cailín Gaelach Na Gaeil Óga 2014), Úna Swinburne (captaen fhoireann na mban) agus Mícheál Ó Nualláin, bainisteoir fhoireann B na bhfear.

costas €8 orthusan ar mhaith leo a bheith i láthair anocht. Osclóidh na doirse ag 8i.n. agus cuirfear tús leis na himeachtaí ag 8:45i.n.

Fág freagra ar 'Cailín Gaelach do Na Gaeil Óga le roghnú anocht!'