Cáil Ted Williams ‘caomhnaithe’ go deo agus é níos Bostúnaí ná na Bostúnaigh féin

Sa deireadh ba é an rud a d’fhág gur chaill an ‘Babe’ Ruth a dháimh le Bostún a neartaigh sin i gcás Ted Williams

Cáil Ted Williams ‘caomhnaithe’ go deo agus é níos Bostúnaí ná na Bostúnaigh féin

Má thuirling tú riamh in Aerfort Logan i mBostún, tá chuile sheans ann gur thug an chéad chuid eile de d’aistear tríd an Ted Williams Tunnel tú – tollán a tógadh faoi bhun na farraige agus a thugann trácht an aerfoirt isteach go South Boston agus ansin chomh fada leis an Mass Turnpike, tús an mhórbhóthair is faide sna Stáit Aontaithe. Ach do dhóthain breosla a bheith sa gcarr, nó do dhóthain airgid a bheith i do phóca, níl aon chall duit é a fhágáil go mbainfidh tú an Cósta Thiar agus Seattle amach – os cionn 3,000 míle (4,800 km) taistealta agat trí 13 Stát.

Ba i San Diego ar an gCósta Thiar sin a saolaíodh Ted Williams sa mbliain 1918, ach chaith sé a shaol spóirt ar fad ag imirt leis na Boston Red Sox, lena ndeachaigh sé ag imirt agus é bliain agus fiche agus lenar fhan sé ar feadh an achair chéanna.

Fearacht mórán chuile chathair eile i Meiriceá, tá fíordhúil ag muintir Bhostúin sa spórt agus is iomaí lúthchleasaí den scoth a tháinig as an gcathair sin, ina measc Rocky Marciano, an t-aon seaimpín trom-mheáchain nár buaileadh riamh agus Marvin Hagler a saolaíodh sa mbruachbhaile céanna le Marciano, Brockton.

An bhliain ar saolaíodh Williams bhuaigh na Red Sox an World Series don tríú huair le ceithre bliana agus b’imreoir eile a tháinig thar tairseach isteach, Babe Ruth, páistín fionn Bhostúin.

Bliain dár gcionn céard a d’fhéadfadh Ruth a dhéanamh ach bóthar a bhualadh chuig na New York Yankees, a bhfuil an dearg-ghráin i mBostún orthu. Bhí a chaiscín meilte sa gcathair sin riamh ina dhiaidh agus níor chuidigh sé lena chás gur bhuaigh na Yankees an duais mhór 20 uair idir an bhliain a d’imigh sé agus 1964, faid agus a bhí na Red Sox ar an trá fholamh.

Go fiú murar thug sé an churadhmhír leis níl aon amhras ach go mba imreoir den scoth é Williams – níl liosta de na himreoirí ‘baseball’ ab fhearr riamh nach bhfeicfidh tú ainmnithe ar an gcéad chúigear é. Ruth a bheidh sa gcéad áit mórán i gcónaí.

Ní hé gur thit pobal Bhostúin agus Ted i ngrá lena chéile a luaithe agus a bhain sé Fenway Park amach. I rith na mblianta ba iomaí uair a mbíodh aighnis eatarthu ar feadh tamaillín agus ós rud é go mba dhuine goilliúnach, príobháideach é Williams, san áit go mba fhear comhluadair, ragairne agus ban é Ruth, ní raibh Ted ar a chompord riamh agus iriseoirí nuachtáin, teilifíse agus raidió ina thimpeall.

Ach sa deireadh ba é an rud a d’fhág gur chaill an ‘Babe’ a dháimh le Bostún a neartaigh sin i gcás Williams nó gur éirigh sé ‘níos Bostúnaí ná na Bostúnaigh féin’, más ceadmhach dom é a chur ar an gcaoi sin!

Is é an cruthúnas atá air sin go mbeadh tamall fada caite ag duine ag tiomáint timpeall na cathrach sin (agus oiread peitril ídithe aige nó aici agus a thabharfadh go Seattle iad) sula dtiocfá ar chuaille solais a bheadh ainmnithe in ómós do Ruth, ní áirím ceann de thrí phríomhthollán na háite.

Cuir san áireamh leis sin gur bhuail Williams é féin bóthar ach go raibh sé éirithe as an imirt nuair a chaith sé tamallacha ina bhainisteoir i Washington agus i Texas.

Tharraing bás Ted Williams in 2002 beagnach oiread céanna cainte agus a tharraing a shaol imeartha mar gur shocraigh mac agus iníon leis go ndéanfaí a chorp a reo. Crióinic (cryonics) a thugtar ar an bpróiseas seo.

Cleachtann daoine é a chreideann go dtiocfaidh oiread feabhais ar theicneolaíocht an leighis sna blianta atá le teacht go dtiocfaidh an lá nuair a bheifear in ann corp an duine mhairbh a thabhairt ar ais chun na beatha arís. Tá corp Williams caomhnaithe i Scottdale Arizona, áit a bhfuil ceanncheathrú Alcor, an eagraíocht neamhbhrabúis a dhéanann taighde agus spreagadh ar an gcleachtas.

Ar bhás do Williams, chuir iníon eile dá chuid in aghaidh an tsocraithe agus dúirt go raibh sé ráite ag a hathair ina uacht go mba le creimeadh a bhí sé.

Cás dlí a lean sin agus mar a tharlaíonn i gcónaí nuair a thiteann clann daoine mór le rá amach lena chéile, fuair an scéal ar fad poiblíocht as cuimse.

I ndeireadh dála tháinig clann Ted Williams ar réiteach agus ó shin bhásaigh a mhac, atá anois é féin caomhnaithe i Scottsdale.

Fág freagra ar 'Cáil Ted Williams ‘caomhnaithe’ go deo agus é níos Bostúnaí ná na Bostúnaigh féin'