Cad is fiú stát neamhspleách a bheith ann mura stát Éireannach dáiríre é?

Tá a fhios ag cách go bhfuil fimíneacht uafásach i gceist maidir leis an nGaeilge fad is a bhaineann sé le lucht ceannais na tíre. Más cuma linn faoin nGaeilge, an bhfuil gá le stát Éireannach neamhspleách?

Dearg le Fearg

Agus muid ag ceiliúradh na n-eachtraí a tharla céad bliain ó shin a ba shiocair le bunú an stáit Éireannaigh, iarrtar orainn machnamh a dhéanamh agus Éire a athshamhlú. Is fiú go mór an cheist a thógáil, cad is fiú stát Éireannach a bheith ann nach bhfuil dáiríre Éireannach?

Nuair a d’éirigh mná agus fir amach i gcaitheamh na gcéadta chun dul chun troda, chun marú agus chun bás a fháil ar mhaithe le hÉire a shaoradh, cén fáth ar theastaigh uathu Éire a bheith saor? Cén fáth a raibh réimeas na Sasanach in Éirinn chomh dona agus chomh coimhthíoch sin go raibh gá Éire a shaoradh? Conas mar a bhí an Bhreatain agus Éire chomh héagsúil lena chéile nach bhféadfadh muintir na n-oileán sin maireachtáil go sona suaimhneach le chéile i stát aonadach?

Is do chiníocha ar leith iad náisiúnstáit. Mhaígh na daoine ar theastaigh uathu Éire a bheith saor gur cine ar leith iad muintir na hÉireann agus dá bharr sin bhí sé tuilte ag Éire bheith ina stát neamhspleách. Ach mar sin féin, má amharcaimid ar Éire ar na saolta seo, is fiú go mór an cheist a chur, an gá d’Éirinn a bheith mar stát neamhspleách ar leith nuair nach bhfuil mórán Éireannachas le sonrú ar an stát Éireannach?

Tá an Béarla i réim i ngach gné den saol in Éirinn. Le linn an fheachtais don olltoghchán le déanaí, níor tharla díospóireacht i nGaeilge idir cheannairí na bpríomhdhronganna mar ní raibh roinnt de na ceannairí sin in ann céad teanga oifigiúil an stáit a labhairt. An dtarlódh seo i náisiúnstáit eile a bhfuil teanga faoi leith acu agus a throid chun iad féin a fhuascailt ó stát ansmachtúil cóngarach dóibh, an Fhionlainn mar shampla?

Nochtadh balla cuimhneacháin i reilig Ghlas Naíon fad is a bhí ceannaire rialtais an stáit neamhspleách seo againne i láthair. Bhí na focail Éirí Amach na Cásca litrithe mícheart. Is léiriú sin go bhfuil na daoine i gceannas in Éirinn dall ar an gcéad teanga oifigiúil. Conas nár thug aon duine an botún faoi deara? Ní móide go dtarlódh a leithéid leis an mBéarla.

Má dhírímid ar réimsí eile den stát ar nós an chórais dlí atá i réim, is iarsma den chóras dlí Sasanach (.i. an dlí coiteann) an córas atá againn in Éirinn. Cén fáth nár roghnaigh an stát Éireannach nua an córas dlí a thiontú go córas dlí sibhialta? Cad is fiú neamhspleáchas a lorg más éard atá beartaithe ná dlí na tíre a rinne forghabháil ar Éirinn a choimeád?

Tá dlíthe ársa chomh fada siar le 1071 fós i bhfeidhm i leabhar reachtanna na hÉireann. Ba í feis Shasana a chur amach iad. Fiafraím arís, cad is fiú stát Éireannach a bheith ann má tá muintir na hÉireann le bheith faoi réir dlíthe Sasanacha ársa? Ba chuid d’impireacht na Gearmáine iad Alsace agus Lorraine ar feadh beagnach caoga bliain. An mbeadh an Fhrainc sásta dlíthe Gearmánacha a choimeád i bhfeidhm sna críocha sin? An bhfuil dlíthe ón Ghearmáin Thoir (nach ann di a thuilleadh) fós i réim sna críocha sin a bhí mar chuid den Ghearmáin Thoir ach atá anois i bPoblacht Cónascadh na Gearmáine? Le cothrom na Féinne a thabhairt, is é cuspóir an Achta um Athchóiriú an Dlí Reachtúil 2007 na dlíthe agus na hionstraimí ar fad a bhí i bhfeidhm roimh 1922 a chur ar ceal. Mar sin féin, tá a lán dlíthe a bhaineann le ré eile fós i bhfeidhm.

Tá an córas rialtais áitiúil seo againne ina phraiseach agus níl mórán cumhachta acu. Sin mar a theastaigh ó na Sasanaigh iad a bheith mar níor theastaigh uathu an iomarca cumhachta a thabhairt do na comhairlí áitiúla in Éirinn. Ba i Londain agus i gCaisleán Bhaile Átha Cliath a bhí an chumhacht. In áit tuilleadh cumhachta a thabhairt do na comhairlí áitiúla ó 1922, bhain rialtais Éireannacha cumhachtaí ó na comhairlí áitiúla agus chuir siad deireadh le cuid acu. Is a mhalairt ar chóir a bheith déanta acu.

Ba chóir dúinn ceist a chur orainn féin: más cine ar leith muid, cad is siocair linn bheith mar chine ar leith? Tháinig deireadh le ré na dtaoiseach dúchasach tar éis briseadh Chionn tSáile. D’éag an Féineachas go luath ina dhiaidh sin. Maíonn daoine áirithe gurb é creideamh Caitliceach formhór mhuintir na hÉireann a dhéanann cine ar leith dúinn. Más ea, b’ionann muintir na hÉireann agus muintir na Breataine, na Spáinne, na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile agus araile sular tharla leasú an chreidimh sna 1500í.

Ba í an Ghaeilge an ní ab fhearr agus ba láidre a bhí againn agus atá fós againn chun a léiriú gur chine ar leith muid. Tá a fhios ag cách go bhfuil fimíneacht uafásach i gceist maidir leis an nGaeilge fad is a bhaineann sé le lucht ceannais na tíre. Más cuma linn faoin nGaeilge, an bhfuil gá le stát Éireannach neamhspleách?

Tá a lán stáit atá suite le hais a chéile ina bhfuil an teanga chéanna á labhairt – na stáit Arabacha, na stáit i Meiriceá Lár agus Meiriceá Theas ina bhfuil an Spáinnis á labhairt, na stáit Eorpacha ina bhfuil an Ghearmáinis á labhairt mar shampla – ach mura gcuirimid chun cinn an ghné is suaithinsí dár bhféiniúlacht, a n-eascraíonn ón nGaeilge, is doiligh a thuiscint cén fáth gur chóir go mbeadh Éire ina stát neamhspleách.

D’fhéadfadh Éire bheith mar aonad a bhfuil a rialú ar a láimh féin aige laistigh den Ríocht Aontaithe. Bheadh a parlaimint féin ag Éirinn chun gnóthaí in Éirinn a rialú ach gan bhaint a bheith aici le nithe a bhaineann le stáit cheannasacha .i. airm, taidhleoirí, airgeadra, agus mar sin de. Is mar sin atá Tuaisceart Éireann laistigh den Ríocht Aontaithe.

Má dhéantar machnamh ionraic ar an gceart atá againn bheith neamhspleách, tuigfear nach bhfuil cúis le stát Éireannach a bheith ann in éagmais ruda ar leith a scarann ó stáit eile sin, amhail na Gaeilge nó córas dlí dúchasach.

Fág freagra ar 'Cad is fiú stát neamhspleách a bheith ann mura stát Éireannach dáiríre é?'

  • padraig

    Alt san Irish Times inniu:

    Comment:
    The Gaeltacht must be broken and remade to save Irish

    You can’t have Irish speakers without the Gaeltacht and you won’t have a Gaeltacht without serious social change

  • Liam Ó Briain

    Bhí an gCadhnach den tuairim nárbh fhiú bheith neamhspléach muna mbeadh ár dteanga féin dá labhairt againn, gur sort Sasana beag a bheas ann dar ndóigh is Ó Cadhainista mise agus mar sin de aontaím le chuile tuairim a luadh sé. An fiú Éire a bheith ina dtír aontaithe 32 contae maidin amárach muna mbeadh Gaeilge mar chuid lárnach den tsochaí? Ní dóigh liom é. Tá níos mó meas agam ar Aontachtóirí atá ag foghlaim Gaeilge ná formhór na ndaoine a mhaíonn gur Éireannaigh iad ach nach bhfuil ábalta a bheith in ann Gaeilge ar bith a labhairt.
    Tá muid ag dul i dtreo a bheith ar ais sa Ríocht Aontaithe is ceist bunúsach é ar mhaith leat a bheith id Shasanach bearlóir aonteangach nó a bheith ag labhairt Gaeilge mar chéad teanga labhartha tá cainteoirí Gaeilge i gcónaí ag gabháil leithscéal as a bheith in ann Gaeilge a labhairt cé go raibh an deis chéana ag chuile duine in Éirinn an teanga a fhoghlaim agus tá daoine that lear ag shroichint líofacht amach agus daoine in Éirinn a rá nach mbíonn deis acu Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt. Seafóid agus cur i gcéill!!!

  • Gearóid Ó Murchú

    Ar nós chuile rud eile a dhéanann muid sa tjr seo, ní raibh aon phlean againn nuair a bunaíodh an stáit. Lig muid do na córais ar fad a bhí ann faoi réimeas na Breataine, sleamhnú ar aghaidh, ag glacadh leis go noibreodh rudaí amach de réir a chéile. Ní tharlaíonn rudaí ar an gcaoi sin.
    Bhí sé de cheart ó aimsir bhunú an stáit go mbeadh stráitéis céimithe ann leis an gcineál tíre a theastaigh uainn a chinntiú.
    Féach mar a rinne Iosrael (tír nár mhaith liom an iomarca comparáidí a dhéanamh leí). Ón gcéad lá a thosaigh na Giúdaigh ag lonnú sa bPailistín, bhí plean acu, agus lean siad é, anois, ainneoin pé tuairimí atá ag go leor againn faoin stáit sin, is cinnte faoi rud amháin, tá tír sainniúil acu, lena dteanga láidir agus a gcultúr féin.
    Ní féidir fís a chur i bhfeidhm gan plean