Cad is fiú ficsean nuair atá an saol ar tí titim as a chéile?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: tábhacht na litríochta sna laethanta dorcha ina mairimid

Cad is fiú ficsean nuair atá an saol ar tí titim as a chéile?

Ceist í sin atá á cur orthu féin ag mórchuid scríbhneoirí Meiriceánacha faoi láthair, agus gan ach coicís fágtha sula ndéanfar Donald Trump a insealbhú ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe.

Tháinig dúlagar chomh mór sin ar roinnt acu tar éis an toghcháin, is cosúil, gur chuir sé bac ar a gcumas peann a chur le páipéar.

Ach ní os cionn na Stát Aontaithe amháin atá scamaill dhorcha ag cruinniú. Tá an faisisteachas ag bailiú nirt ar fud an Domhain Thiar agus tá an pláinéad ar fad i mbaol ó athrú aeráide agus ó réabhlóid na hintleachta saorga. Cad is fiú leabhar a scríobh nuair atá deireadh an tsaoil, mar a thuigimid, ag bagairt?

Ceist mhorálta í seo, fiú amháin.

An ceadmhach blianta fada a chaitheamh i seomra leat féin, ag plé le húrscéalta, cnuasaigh gearrscéalta, cnuasaigh dánta nó drámaí stáitse nár iarr éinne ort a scríobh, nuair a chaithfear an pláinéad a shábháil?

Tá sé le tuiscint go mbeadh ceisteanna den chineál seo á gcur orthu féin ag scríbhneoirí an lae inniu, ach b’fhiú dóibh breathnú ar eiseamláir na scríbhneoirí a tháinig rompu agus a shaothraigh leo d’ainneoin go raibh an saol ina dtimpeall ina chac.

I dtús báire, ní gá aird ar bith a thabhairt ar an saol lasmuigh. B’in cur chuige Clarice Lispector, duine de mhórscríbhneoirí na Brasaíle agus go deimhin duine de mhórscríbhneoirí an 20ú haois.

Seachas tréimhse ghairid, bhí deachtóireacht i réim sa Bhrasaíl ar feadh an ama a chaith sí i mbun pinn, ach oiread agus tagairt do pholaitíocht na linne ní bhfaighidh an léitheoir ina saothar. Ní cinsireacht nó féinchinsireacht ba chúis leis sin; níl ann ach gurbh é saol inmheánach an duine sainréimse Lispector.

Tá ceacht tábhachtach ansin. Fiú agus Trump i gcumhacht, an Eoraip ar tí pléascadh agus leibhéal na farraige ag ardú, beidh daoine ag titim i ngrá agus ag scaradh óna chéile, beidh tuismitheoirí agus a gclann in adharca a chéile, agus beidh an duine ag adhradh, ag ceistiú, nó ag maslú neacha osnádúrtha a rogha féin.

Scéalta iad sin ar fiú iad a insint cuma cé chomh holc is atá cúinsí an tsaoil lasmuigh.

Sin ráite, is minic cheana a spreag drochrud agus drochshaol dea-litríocht. ‘All literature is protest,’ a dúirt Richard Wright, duine de mhórscríbhneoirí Mheiriceá a bhí i mbun pinn i lár an 20ú haois. Ón tús, chuaigh Wright i ngleic go neamhbhalbh le ceist an chiníochais sna Stáit Aontaithe. Leabhar é a chéad úrscéal Native Son ba cheart do dhuine ar bith a mbeadh amhras air faoi éifeacht na litríochta i gcoinne na héagóra agus na héagothromaíochta a léamh.

Níl amhras ar bith orm ach go spreagfaidh réimeas Trump sár-litríocht ó scríbhneoirí Mheiriceá – gorm, geal agus riabhach.

Agus is maith sin.

Sa lá atá inniu ann, is géire ná riamh atá an litríocht ag teastáil uainn. Ní hamháin chun faoiseamh a thabhairt dúinn ó mhórcheisteanna achrannacha an lae (ní féidir a shéanadh go bhfuil an t-éalúchas ar cheann de mhórbhuanna na litríochta), ach chun dul i ngleic leis na ceisteanna céanna agus chun tús a chur lena réiteach. 

Más scríbhneoir thú atá ag streachailt leis an droch-chaoi atá ar an domhan faoi láthair, tá comhairle duit anseo.