An 20 iarbhunscoil Gaeltachta is fearr sa tír…

Tá tábla sraithe de na scoileanna sa Ghaeltacht is mó a chuireann scoláirí ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal ar fáil anois

An 20 iarbhunscoil Gaeltachta is fearr sa tír…

Tá cuntas ar na hiarbhunscoileanna ‘is fearr’ atá lonnaithe sa Ghaeltacht curtha le chéile ag Tuairisc.ie bunaithe ar thaighde náisiúnta a rinne an nuachtán The Sunday Times.

Coláiste Íde, coláiste cónaithe do chailíní sa Daingean i gContae Chiarraí, atá ar bharr liosta na scoileanna Gaeltachta ‘is fearr’ don dara bliain as a chéile.  Chuaigh 87.2% de dhaltaí Choláiste Íde ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Is méadú é sin ar an 83.7% a chuaigh ar aghaidh in 2015.

Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí i scoileanna uile na tíre a chuaigh chun cinn go dtí 32 institiúid tríú leibhéal thuaidh agus theas, ach is iad na daltaí a chuaigh chuig ollscoileanna amháin a cuireadh san áireamh san ord ‘fiúntais’.

Níor cuireadh san áireamh sa liosta seo scoileanna atá lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta ach atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla.

Bhí idir ardú agus ísliú le sonrú ar liosta na bliana seo le hais liostaí blianta eile. Ardú den chuid is mó a bhí i gceist do scoileanna Gaeltachta ar an liosta náisiúnta agus ní raibh ach titim réasúnta beag i gceist do na scoileanna nár éirigh leo feabhas a chur ar a scór.

Is í Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna i gConamara an scoil Ghaeltachta is mó feabhas ón mbliain seo caite. Bhí an scoil ar an 190ú scoil ab fhearr ar liosta na bliana seo caite ach léim sí 96 áit agus í ag uimhir 94 i mbliana. Bhí sí ar an deichiú scoil Ghaeltachta ab fhearr anuraidh ach d’éirigh léi an séú háit a bhaint amach i mbliana.

Tá trí scoil ar liosta na bliana seo nach raibh i measc an 400 scoil ‘ab fhearr’ sa tír anuraidh. Is iad sin Scoil Mhuire i mBéal Átha an Ghaorthaidh i Múscraí, Coláiste Ghobnait in Inis Oírr i nGaillimh agus Gairmscoil Fheichín Naofa i gCorr na Móna i nGaillimh.

Baineann conspóid go minic leis na táblaí scoile a fhoilsítear sna nuachtáin náisiúnta.

Sna liostaí do ‘scoileanna friothálacha’ seo, déantar iarbhunscoileanna a mheas bunaithe ar líon na ndaltaí a théann ar aghaidh uathu go dtí an tríú leibhéal tar éis na hArdteistiméireachta, slat tomhais róchúng ar chaighdeán agus leithne an oideachais, dar le mórán.

Is éard atá i gceist le ‘céatadán ar an tríú leibhéal’ sa tábla thuas ná céatadán na ndaltaí ón scoil a chláraigh le hinstitiúid tríú leibhéal áirithe le linn na mblianta acadúla 2013-14, 2014-15 agus 2015-16.

Tabla 1

Fág freagra ar 'An 20 iarbhunscoil Gaeltachta is fearr sa tír…'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní thabharfainn mórán aird ar an liosta seo atá bunaithe ar critéar amháin, an líon daltaí a chuaigh ar aghaidh ag cúrsaí tríú leibhéal. Fágann sin as an áireamh an líon daltaí ar éirigh leo printíseacht a fháil nó a shocraigh dul ag feilméireacht nó ag iascach!

    Mar dhuine a chaith 36 bliain ag teagasc ag an tríú leibhéal tuigim go maith nach bhfuil an tríú leibhéal feiliúnach do sciar mhór de na daltaí a théann ag coláiste. Tuigim chomh maith go bhfuil na táblaí seo éagóireach ar scoileanna a bhíonn ag freastal ar na daltaí nach spéis leo dul ar aghaidh le cúrsa tríú leibhéal a dhéanamh ach atá ag iarraidh dul le siúinéireacht, pluiméireacht, meicneoireacht nó an iliomad postanna tábhachtacha eile atá le líonadh. Tá hierarchy á chruthú ag na táblaí seo atá ag déanamh dochar, mar go dtugtar le fios iontu go bhfuil scoileanna ag teipeadh ar a gcuid daltaí mar nach dtéann ach sciar áirithe ar aghaidh ag an tríú leibhéal.

    Im thuairimse, is fearr i bhfad an scoil a fhreastalaíonn ar na réimsí uilig fostaíochta atá againn seachas orthu siúd atá ag iarraidh dul ar choláiste.

  • Jamie

    Cén fáth nach bhfuil Coláiste Pobail Ráth Chairn ar an liosta?

    • Maitiú Ó Coimín

      A Jamie, a chara,

      Níor éirigh le Coláiste Pobail Ráth Chairn áit a bhaint amach ar an liosta náisiúnta 400 scoil i mbliana agus dá bharr sin níor cuireadh san áireamh anseo é.

      Go raibh maith agat as spéis a chur san alt.

      Maitiú