Cad é mana do mhuintire?

FRIOTAL: Turas go Meiriceá a chuir ár gcolúnaí ag smaoineamh ar ghné den oidhreacht ghaelach: manaí teaghlaigh.

McLaughlin-CoA

Uair dá raibh mé i Meiriceá, ag teagasc i measc phobal díograiseach na Gaeilge ann, d’fhiafraigh bean díom, ‘Cad é mana do mhuintire?’

B’éigean di tuilleadh a chur leis, nó níor thuig mé an cheist go rómhaith. ‘Cad é atá scríofa ar armas do mhuintire? Cén rosc catha a bhíodh ag do shinsir agus iad ag dul chun comhraic?’

Dúirt mé léi nach raibh a fhios agam, agus b’in lucht an ranga ag amharc faoi na súile orm ar feadh an chuid eile den rang. Bhí deireadh gach eolais acusan faoi armas a muintire, murab ionann agus an t-aineolaí as Éirinn.

Rinne mé amach go mbeadh mana Mhic Lochlainn ar bharr mo theanga agam feasta, nó is bocht an tsluaghairm ‘Níl a fhios agam.’

Tháinig mé ar an eolas i leabhar beag álainn le Thomas Ó Baoill, ‘Irish Family Mottoes.’ Is é atá ann ná ‘Cuimhnigh ar do gheallamhnacha.’ Ná cuireadh an seanlitriú aon seachrán ort: ní ‘ná dearmad an sópa’ an chiall atá leis ach ‘chuimhnigh ar do chuid gealltanas.’ Frása úsáideach é in aimsir olltoghcháin, cibé faoi aimsir chogaidh.

Tá na céadta mana eile sa leabhar, i nGaeilge, i mBéarla, i bhFraincis agus i Laidin.

Bolscaireacht mhínáireach atá i sciar maith díobh: teaghlaigh á móradh féin as a n-ionracas nó as a gcrógacht féin.

Ba ghreann leat mar a chlis ar dhaoine iomráiteacha barrshamhail a gcine féin a bhaint amach. An bhfuil achasán do Bhertie i mana mhuintir Uí Eathírn: ‘leges juraque servat’ (cloíonn sé le riail is le reacht)?

An féidir go mbeadh Hilary chomh cruálach is go gcuirfeadh sí armas na gCliontúnach i gcuimhne do Bill: ‘loyaulte n’a honte’ (níl náire sa dílseacht). Luigh mo shúil fosta ar armas Uí Mháirtín: ‘auxilium meum a Domino’ (ón Tiarna mo chabhair). Dá mbeinnse in áit Mhicheáil, ghlacfainn le cabhair an Bhoic Dhuibh féin.

Mo sheacht dtrua na teaghlaigh sin nach bhfuil mana dá gcuid féin acu.

Tá ‘lámh láidir in uachtar’ á chomhroinnt ag an Bhrianach, an Dúnach, an Cinnéideach, an Crotach agus an Cárthach.

Is furasta a shamhlú go mbíodh an rosc catha céanna á rá ag Mick McCarthy agus é ag forbairt a ‘stíl imeartha’ féin le Barnsley FC ach cad é a déarfadh Roy Keane le mana mín mánla a shinsear siúd: ‘felis demulcta mitis’ (is cat ceansa an cat a mbítear ag peataireacht leis).

Agus b’fhéidir go maithfeadh sibh mana amháin Béarla dom, an ceann atá ag muintir Uí Luanaigh. Mar seo atá sé tugtha sa leabhar: ‘Looney – I am not alone.’

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Cad é mana do mhuintire?'