Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

caladh-nua aris
Caladh Nua

Cúige Mumhan

Josephine Marsh
Josephine Marsh

CEOLCHOIRM: ‘Josephine Marsh, Mick Kinsella, Tommy Carew agus Declan Corey’ Dé Céadaoin 3 Meitheamh, Músaem an Chláir, Inis, Co. an Chláir. Is geall le Meice é an Clár don cheol traidisiúnta. Mar chuid de shraith ceolchoirmeacha dar teideal ‘Saibhreas an Chláir’, tá ceolchoirmeacha á reáchtáil a thugann ardán do cheoltóirí aitheanta agus áitiúla de chuid an chontae. An tseachtain seo, is iad an boscadóir Josephine Marsh, fear an chonsairtín Mick Kinsella, amhránaí agus giotáraí Tommy Carew agus Declan Corey, a chasann an maindilín agus an basúcaí. Tuilleadh eolais anseo.

CÉILÍ: ‘Céilí by the Lee’, gach Máirt, 9i.n, Club Cruicéid Chontae Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh. Beidh an céilí is fearr sa chúige ar siúl gach Máirt le linn an tsamhraidh as seo amach. Tá seo ag uimhir a haon ar liosta na n-imeachtaí i gCorcaigh ag Tripadvisor agus tá ag éirí leis an imeacht fuinniúil seo na sluaite a tharraingt amach ag damhsa. Céilí atá fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Ní gá go mbeadh aon chur amach agat ar na steipeanna, beidh an MC ann chun na rannpháirtithe a stiúradh. Fáilte roimh chách (18 +). Cead Isteach: €8. Tuilleadh eolais anseo.

FÉILE: ‘Féile Dhún Garbhán agus Fleadh Cheoil na nDéise’, Dé hAoine 29 Bealtaine – Dé Luain 1 Meitheamh. Is mór an meas atá agam ar lucht eagraithe na féile seo a chuireann clár den scoth ar siúl gach bliain. I mbliana, tá cúis bhreise le aghaidh a thabhairt ar bhaile Dhún Garbhán, is é sin go bhfuil Fleadh Cheoil na nDéise á reáchtáil ag an am céanna. Bí ag súil le seisiúin cheoil ar fud an bhaile lá agus oíche as seo go ceann trí lá agus liosta mór fada d’aoicheoltóirí i láthair. Beidh Caladh Nua agus Danú i measc an dá ghrúpa déag ar ardán an ‘GigRig’ le linn an deiridh seachtaine. Tuilleadh eolais anseo:


Cúige Laighean

Harry Bradley
Harry Bradley

SEISIÚN LEIS NA PÍOBAIRÍ: ‘Paul Harrigan, Róisín Harrigan, Harry Bradley agus Mairéad Ní Oistín’, Dé Máirt 3 Meitheamh, The Cobblestones, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath. Píobaire amháin Paul Harrigan, as Dún na nGall, atá i measc na gceoltóirí a bheas ag seinm Dé Máirt sa Cobblestone. Ina theannta beidh an fidléir Róisín Harrigan agus buaiteoir Gradam Ceoil TG4 na Bliana, Harry Bradley, agus cuirfidh amhráin le Máire Ní Oistín go mór leis an oíche. Deis iontach sárceoltóirí a chloisteáil nach minic a bhíonn ag casadh le chéile agus iad bailithe in ionad a mheallann slua a thugann éisteacht mhaith don cheol i gcónaí. Tá an ceolchoirm seo á reáchtáil uair sa mhí ag Na Píobairí Uilleann. Cead isteach: €12 Tuilleadh eolais:

TRÁTH NA gCEIST: ‘Tráth na gCeist’ Dé Céadaoin 3 Meitheamh, Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. Deis iontach bualadh le daoine nua sa chathair le Gaeilge. Foirne de cheathrar atá i gceist ach cuirfear fáilte ar leith roimh daoine a thiocfas ina n-aonair mar go mbeidh foirne á gcur le chéile ar an oíche chomh maith. Saorchead isteach do chách. Fáilte roimh chách! Tuilleadh eolais anseo.


Cúige Uladh

FÉILE: ‘Comórtas Peile na Gaeltacha’, 30 Bealtaine – 1 Meitheamh, Ard an Rátha , iardheisceart Dhún na nGall. Féile bhliantúi é Comórtas Peile na Gaeltachta a thugann pobal na Gaeltachta ar fud na tíre le chéile i sárthaispéantas peile. Chomh maith le peil, is ceiliúradh é ar chultúr na Gaeltachta, idir cheol, rince agus an teanga féin. I mbliana, beidh os cionn fiche foireann peile páirteach sna cluichí, iad ag teacht ó chuile chearn den tír. Táthar ag súil le fáilte mhór a chur roimh Móin Dhearg, a bheas ag teacht anonn ó Londain freisin. Ar chlár imeachtaí na hócáide beidh céilithe, ceol, siúlóid treoraithe, Comórtas an Chailín Ghaelaigh, Tráth na gCeist agus a thuilleadh nach iad. Tá cáil na fíodóireachta ar an cheantar, agus beidh taispeántais fíodóireachta le feiceáil ar fud an bhaile. Tuilleadh Eolais anseo.

FÉILE: ‘Féile Bia Mara’, 29 Bealtaine – 1 Meitheamh, Teach Sheáin Óig, Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Beidh tús áite de bhia farraige an deireadh seachtaine seo in iarthuaisceart Dhún na nGall mar a mbeidh craic, ceol agus scoth an bhia mara ar fáil lá agus oíche. I measc buaicphointí an deireadh seachtaine, beidh Emma Ní Fhíoruisce i mbun ceoil oíche Aoine sa bheár, Dé Sathairn, beidh margadh ar siúl agus BBQ. Lá mór teaghlaigh atá beartaithe Dé Domhnaigh, mar a mbeidh seisiún seilge agus ceoil ar siúl sa Chrannóg óna 4in. Leanfar le comórtas ithe oisre agus beidh DJ Lorcán ag casadh ceirníní oíche Dhomhnaigh.

Seo Linn
Seo Linn

OÍCHE DO NA GAEIL: ‘An Cabaret Craiceáilte’, Dé Sathairn 30 Bealtaine, 9.30i.n, Teach Hiúdaí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Tá an t-am sin den mhí buailte linn agus gníomhaithe ceoil Ghaoth Dobhair i mbun ullmhúchán do chóisir chraiceáilte na míosa seo. Rónán Mac Aodh Bhuí a bheas ina fhear an tí ar an oíche mar is gnách. Bí ag súil le caint, ceol agus spraoi i measc na nGael go maidin. Dé Sathairn, beidh réalta phopcheol na Gaeilge Seo Linn ar ardán in éineacht Enda Reilly, Neil Hennessy agus Neil Ó Briain chomh maith leis haíonna eile. Fáilte roimh chách. Cead isteach: €5.00 ar an doras. Tuilleadh eolais anseo.

CÚRSA RAIDIÓ: Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta’ á chur ar fáil ag Raidió Fáilte, Dé Céadaoin 3 Meitheamh, 7:00in, Raidió Fáilte, Ionad an Dá Spuaic, Sráid Northumberland, Béal Feirste. Foghlaimeoidh an té a thugann faoin chúrsa seo an dóigh le clár a ullmhú, a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Agus chomh maith leis sin beidh an deis agat do chlár raidió féin a bheith agat ar sceideal Raidió Fáilte. Beidh na seisiúin traenála ar siúl ar na dátaí seo Dé Céadaoin – 03 Meitheamh 7:00-9:30in agus Dé Céadaoin – 10 Meitheamh 7:00-9:30in. Tuilleadh Eolais: Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013 nó cuir ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com.

CEOLCHOIRM: ‘Seán Ó hEanaigh’, Dé hAoine 29 Bealtaine, 8in, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Tá Seán ag cumadh amhrán agus ag gabháil fhoinn ó bhí sé óg. Bhí sé ina bhall den ghrúpa Roudledum, a bhíodh ag casadh ar fud an iarthair sna 80í. I 1990, bhunaigh sé an grúpa Éinniú, agus sa bhliain 1992 d’eisigh siad albam ar lipéad Chló Iar-Chonnacht (CIC). Amhráin a chum Seán, den chuid is mó, a bhí le cloisteáil ar an albam sin, cuid acu a bhfuil an-tóir orthu go fóill, an t-amhrán ‘Conamara’ ina measc. Tuilleadh eolais anseo.


Cúige Chonnacht

TomCrean_2014NewZealandFestival

SCANNÁN: ‘The Stranger’, Déardaoin 4 Meitheamh, 8in, Halla na Cathrach, Gaillimh. Beidh an scannán ‘The Stranger’, arna stiúradh ag Neasa Ní Chianáin, á thaispeáint in Amharclann Halla na Cathrach oíche Dhéardaoin seo chugainn. Is scannán é faoi ealaíontóir Sasanach a bhásaigh i mbothán cloiche, áit a raibh cónaí air, ar oileán Inis Bó Finne, amach ó chósta Dhún na nGall. Ní raibh mórán eolais ag muintir na háite faoin fhear seo, a raibh cónaí air sa cheantar ar feadh tamaill de bhlianta roimhe. Beidh seisiún ‘ceisteanna agus freagraí’ ann leis an stiúrthóir Neasa Ní Chianáin tar éis an scannáin. Ticéad: €7 / €5 Tuilleadh eolais anseo.

SEOLADH TAISPEÁNTAIS: ‘Tinteáin’ le hEoin MacLochlainn’, Taispeántas an Mheithimh, Dé Sathairn 30 Bealtaine, 8.30in, Áras Éanna, Inis Oírr, Gaillimh. Déanfaidh Dara Ó Conaola taispeántas leis an ealaíontóir Eoin MacLochlainn a sheoladh go hoifigiúil Dé Sathairn ag a 8in. Taispeántas le hEoin Mac Lochlainn as Baile Átha Cliath, a bhfuil gradaim eile go leor aige. Is ó dhán Chathail Uí Shearcaigh ‘Na Bailte Bánaithe’, faoi sheantithe tréigthe i nGaeltacht Dhún na nGall, a fuair sé an spreagadh don taispeántas atá aige faoi láthair, dar teideal ‘Tinteáin’. Ar taispeáint beidh sraith pictiúr sa taispeántas de thinteáin fholamha a músclaíodh as a thnúth teagmhála leis an dream atá imithe le fada. Tuilleadh eolais anseo.

DRÁMA: ‘Tom Crean, Taiscéalaí Antartach’ scríofa agus curtha i láthair ag Aidan Dooley, Dé hAoine 29-30 Bealtaine, 8in, Amharclann Halla na Cathrach, Gaillimh agus Dé Domhnaigh 31 Bealtaine, 8,30in, Áras Éanna, Inis Oírr, Gaillimh. Tá ardmholadh faighte ag an dráma seo ó léirmheastóirí in Éirinn agus thar lear, le cúig réalta tugtha ag cuid acu dó agus seónna díolta amach. Is minic an dráma seo mar rogha na coitiantachta ag feilte ar an Imeall timpeall na cruinne agus bronnadh duaiseanna go leor ar Aidan Dooley as scoth na haisteoireachta sa ról seo. Scéal faoin taiscéalaí Tom Crean a mhair idir 1877-1938, ar duine de laochra na tíre é a ligeadh i ndearmad. Bí ag súil le cur i láthair a spreagfaidh idir gháire agus mhachnamh. Costas: €12 | €6 | Tuilleadh eolais anseo.

SEOLADH: ‘Monopoly as Gaeilge’ á sheoladh, Dé Céadaoin 3ú Meitheamh, ag 8.30i.n, Club Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Cathair na Gaillimhe. Beidh Iar-Uachtarán CLG, Seosamh Mac Donnchadha, ag seoladh an leagan nua den chluiche Monopoly as Gaeilge. Is í Glór na nGael a d’fhorbair an leagan Gaeilge den chluiche. Tuilleadh eolais, déan teagmháil le Oifig Réigiúnach an Iarthair: 091-875399 / 085-7187678 /eoghan@glornangael.ie

LÁ TEAGHLAIGH: Lá Spraoi agus Teaghlaigh’ Dé hAoine 6 Meitheamh, 1.30 – 6in, Páirc Fhoraoise Loch Cé, Co. Ros Comáin.
Beidh siúlóid, tóraíocht taisce, cluichí agus spraoi i measc na n-imeachtaí atá beartaithe do lá teaghlaigh Ghlór na nGael. Beifear ag teacht le chéile Dé Sathairn 6 Meitheamh taobh amuigh don ionad i bPáirc Fhoraoise Loch Cé. Beidh picnic faoin spéir ag 1.30 i.n. chomh maith le himeachtaí a fheileann teaghlaigh le gasúr agus/nó le dhéagóirí. Tabhair leat do rogha bia féin don phicnic. Níl aon chostas ar na himeachtaí seo atá á reáchtáil ag Glór na nGael.


Timpeall na Tíre

DRÁMA: ‘The Way Back Home’, á chur i láthair ag Branar Drámaíochta timpeall na tíre. Leagan stáitse den leabhar do pháistí le Oliver Jeffers atá sa dráma seo faoi bhuachaill óg lán de shamhlaíocht a théann ar thuras go dtí an spás. Comhléiriú é idir an compántas Téatar Refleksion ón Danmhairg agus Branar, an mheitheal chéanna a rinne an léiriú galánta ‘An Seanfhear Beag’. Dírithe ar pháistí tá idir 4-8 mbliana d’aois, is léiriú gan teanga é an dráma seo. Tuilleadh eolais: Ionad Ealaíona an Droichead anseo.

Dé hAoine 29 Bealtaine – Dé Sathairn 30 Bealtaine – An Grianán, Litir Ceanainn, Dún na nGall. www.angrianan.com
Dé Máirt 2 Meitheamh – Dé Céadaoin 3 Meitheamh Amharclann Hawkswell, Sligeach www.hawkswell.com
Pavilion Theatre, Dun Laoghaire Déardaoin 5 Meitheamh & Dé hAoine 6 Meitheamh www.paviliontheatre.ie

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?'