Cad é an fáth nach bhfuiltear ag baint níos mó úsáide as an nGaeilge? Neamhshuim, falsacht agus seoinínteacht?

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (26 Feabhra 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh ceart

Feabhra 26, 1916                                                         An Claidheamh                                                                    7

Conraitheoirí agus Labhairt na Gaeilge

Sílim gur léir do gach duine gur buille anuas ar an nGaeilge gach uile fhocal Béarla dá labhraíonn muintir na tíre seo. Cinnte, bíonn feidhm le cuid mhaith den Bhéarla sin, ach nach fíor é go mbítear á chanadh nuair a thiocfadh úsáid a bhaint as an nGaeilge ina ionad. Cé mhéid daoine den mhuintir atá leis na blianta ag gabháil chuig ranganna na gcraobh – sea agus chuig na Coláistí Gaelacha, cé mhéid acu sin uilig a labhraíonn an Ghaeilge go gnásúil? An ndéanann duine as an deichniúr an rud ar feasach dó gur ceart é a dhéanamh? Tá eagla mhór orm nach ndéanann. Dá mbeifí á dhéanamh sin ar feadh na gcúig bliain seo a chuaigh thart, cad é an méid Gaeilge a bheadh á labhairt sa Ghalltacht anois, agus cad é an eiseamláir a bheadh ag muintir na Gaeltachta ionainn!

Cad é an fáth nach bhfuiltear ag baint níos mó úsáide as an nGaeilge? Ní aon fáth amháin, ach trí fáth mhóra atá ann – neamhshuim, falsacht agus seoinínteacht, agus fóireann sé dúinne a bheith ar ár gcoimhéad ar eagla go bhféadfaí ceann ar bith de na trí locht sin a chur síos do mhuintir an Chonartha. Más fíor é gur bua ag an mBéarla agus gur briseadh ag an nGaeilge gach comhrá ndéantar trí Bhéarla sa tír seo, tugaimis aire ar eagla gur ag troid ar son na namhad a bheimid.

Faighimis gléas lena n-aithnítear na daoine a dhéanfaidh a ndualgas don Ghaeilge agus ní bheidh sé ar chumas na droinge liom-leat oiread dímheasa a tharraingt ar an gConradh.

B’fhearr don Chonradh agus b’fhearr don Ghaeilge fios a bheith ag cách go rabhamar dáiríre ná gléas a bheith ag daoine a rá, mar tá siad ag rá, nach ndéanann cuid mhór againn féin an rud a iarraimid ar dhaoine bochta na Gaeltachta a dhéanamh.

Seaghan Mac Maoláin

An Fáinne

Bhí an dara cruinniú ag Comhairle Shealadach an Fháinne ar a 7 a chlog istóiche Dé Domhnaigh seo caite againn. Cuireadh Tadhg Ó Scanaill sa chathaoir. Bhí i láthair, leis, Críostóir Ó Monacháin, Máire NIc Aodha, Máirtín Ó Conalláin, Máire Ní Raghallaigh, sparánaí, agus Liam Ó Rinn, scríobhaí.

D’inis an scríobhaí go raibh an tUachtarán, Piaras Béaslaí, i gCorcaigh agus go raibh sé chun gasra a thabhairt isteach san Fháinne san áit sin.

Socraíodh comhartha an Fháinne a chur á dhéanamh láithreach ag Muintir Oipicín an an comhlacht seodóireachta Hopkins and Hopkins]. Ní bheidh sa chomhartha ach fáinne buí gan ornáid ar bith air agus biorán ann chun é a cheangal de chóta nó de charbhat. Beidh sé ullamh i gceann seachtaine nó mar sin. 1s a luach ach más maith le héinne ceann óir a bheith aige beidh sé níos daoire ní nach ionadh.

Rinne na daoine seo an dearbhú i láthair na Comhairle: ‘Torna’, Máire Ní Chonaill, Máire Ní Dhiscín.

Moladh na daoine seo a ghlacadh isteach san Fháinne: Risteárd Ó Maolchatha, Séamus Ó hÉalaighthe, ‘Sceilg’, Úna Ní Fhaircheallaigh, Stiophán Bairéad agus a bhean, Éamonn Ó Tuathail, Seán T. Ó Ceallaigh, Áine Paor, Seosamh Mac Aonghusa-Somerfield, Nóra Ní Fhoghludha, Treasa Ní Mhodhráin, Cláir Ní Mhodhráin, Seosaimhín Nic Eochagáin.

Ordaíodh scríobh chucu sin agus a iarraidh orthu teacht i láthair na Comhairle idir a 7 agus a 8 a chlog istoíche Dé Domhnaigh seo chugainn chun an dearbhú a dhéanamh. Mura féidir dóibh teacht i láthair na Comhairle cuiridís in iúl don scríobhaí é agus déanfaidh sé sin socrú éigin eile dóibh.

Tuigeadh cách go mbeidh ar gach éinne san Fhainne comhartha an Fháinne a chaitheamh agus gan ach Gaeilge a labhairt le gach éinne eile san Fháinne ach amháin nuair a bheidh cúis éigin an-trom lena mhalairt a dhéanamh. An té nach féidir dó fanacht ar na coinníollacha sin ná tagadh sé isteach san Fháinne. Beidh ar gach éinne 1s a dhíol ag teacht isteach san Fhainne dó i gcóir mionchostais a bhaineann leis an obair a chur ar aghaidh.

I gceann coicíse nó mar sin tá súil ag an gComhairle go bhféadfaidh siad Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath a thabhairt in aon láthair agus leictiúir a thabhairt dóibh. Meastar go bhfuil 3,000 Gaeilgeoir, an chuid is lú de, i mBaile Átha Cliath. Dá dtuigfidís sin a gcumhacht níorbh fhada go mbeadh malairt scéil againn sa phríomhchathair.

‘scéilín grinn’ agam le hinsint. Tugadh beart cóipeanna de dhearbhú an Fháinne do Phiaras Béaslaí le breith leis go Corcaigh. De réir dealraimh chaill Piaras iad sular fhág Baile Átha Cliath. Nuair a bhí duine de chléirigh an Chonartha ag fágáil na hoifige tráthnóna Dé Sathairn seo a ghabh tharainn cé a bhuailfeadh uime ach an Scafaire Mór agus beart Phiarais aige. Dúirt gur duine de ‘bráithre beannaithe an ‘G Division’ é; gur phioc sé suas an beart in áit éigin; agus gur theastaigh uaidh é a thabhairt do Phiaras, agus dó sin amháin mar dhiúltaigh sé é a thabhairt don chléireach. Ní beag sin mar chomhartha ar an mbá atá ag muintir an Chaisleáin le muintir na Gaeilge.

Liam Ó Rinn

Mionscéala

In Uíbh Ráthach

obair mhaith á déanamh in Uíbh Ráthach Chiarraí. Tá na craobhacha faoi lánseol faoi láthair agus amhráin agus rincí Gaelacha á múineadh go tiubh tréan.

togha na hoibre ar siúl ag Pádraig Ó Loinsigh anseo i gCill Mhic Ciaráin. Tá an dá Eibhlín leis agus a gcionn féin á dhéanamh go dúthrachtach acu agus mura chloistear ón gcraobh fós ní ar an triúr a bheidh an locht.

scoil bhreá mhór faoi shliasta ag muintir na háite ach ar m’fhallaing nach mór di a méid mar gur minic a chuirtear ag sciúgaíl í.

Suas le céad as ceithre fichid atá ag déanamh ar an gcraobh. Tugann Mícheál Breathnach cuairt orthu ann, agus ní miste a rá go mbíonn fáilte roimhe nuair a thagann sé.

Ta na rincí Gaelacha á múineadh do na leanaí scoile agus chuirfeadh sé deiseacht ar dhuine féachaint orthu ag gabháil tríothu.

Na Scoileanna sa Cheantar

Tá, taobh amuigh de cheann nó dó, obair mhaith ar siúl sna scoileanna. An té a bheadh i dtaithí an Ghalldachais agus a thabharfadh breabadh ar scoileanna Uíbh Ráthaigh, chuirfeadh sé áthas ar a chroí agus dhéanfadh sé méadú ar a mhisneach. Gile, glaineacht as Gaeltacht a bheadh le feiceáil aige.

B’fhéidir nach bhfuil cuid acu gan locht ach trua géar cráite gan gach scoil sa tír chomh maith leis an gceann is measa acu.

trí cinn de scoileanna sa treo seo agus níorbh fhada leat lá fada mín díreach a chaitheamh iontu ag éisteacht le múinteoirí agus le páistí ag spreagadh as Gaeilge. Agus tá scoileanna eile ar a bhásta leo.

scoil áirithe in Uíbh Ráthach agus tá gnó ar siúl inti a thaitin go mór liom. Tá mórán Éireann de mhuintir a bhaill thall, agus ní nach ionadh, bíonn litreacha á scríobh anonn chucu ag an aos óg.

Scríobhtar an chuid is mó de na litreacha sa scoil agus scríobhtar i nGaeilge agus i mBéarla iad. Sin obair agus dá ndéanfaí níos coitianta ní baol ná go dtiocfadh tairbhe aisti.

Cuireann na litreacha Gaeilge seo ár muintir ag machnamh ar an teanga thall agus ní túisce a dhéanann siad machnamh ar an Gaeilge ná déanann siad machnamh ar Éirinn agus ar a sinsear leis.

Na daoine imithe uainn le fiche bliain anuas chuimhneoidís ar na feiseanna agus ar aeraíocht, ar chluichí agus ar na craobhacha agus dhlúthódh sin le hÉirinn iad, croí agus aigne.

Bhí aithne agam ar chléireach bainc tráth. Ní raibh focal Gaeilge aige agus ba chuma leis. Tháinig sé ag triall orm lá agus litir aige a fuair sé ó dheartháir leis a bhí amuigh i gcéin. Ní raibh focal Béarla sa litir sin. Gaeilge ó thús go deireadh.

Chuir sí mo bhioránach Gallda ag machnamh. Bhí ag an gcraobh an oíche a bhí chuige. Tá Gaeilge anois aige agus meas aige uirthi. Cad nó an buíochas?

Na Ceithearnaigh

Is gearr go mbeidh na Ceithearnaigh ar mhuin a gcapall againn. Dá luaithe is fearr. Tá Seachtain na Gaeilge ag teacht agus tá obair le déanamh. Caint ar chraobhacha, obair is airgead, a theastaíonn uainn anois.

An Fheis

De réir gach aon dealraimh beidh feis mhór againn sa chathair i mbliana. Tá an clár ullamh do na clódóirí cheana féin, agus comórtais ghleoite agus duaiseanna greanta ann. Mícheál Breathnach agus Caitlín Ní Shúilleabháin a choimeádfaidh na rúin agus a dhéanfaidh an scríbhneoireacht.

“An Chág”

Barúil Bhéal Feirste

Cruinniú a bhí ag Coiste Ceantair Bhéal Feirste ar an 15ú den mhí. Ar chomhairle Chathail Uí Sheanáin agus Seáin Mhic Fhir Léighinn a aontaíodh an rún seo a leanas d’aon ghuth:

“Go molaimid an gníomh a rinne Cluad de Cheabhasa agus gan Béarla a labhairt le na píleirí; gur ábhar náire is feirge dúinn an gníomh a rinne na Giúistísí i Maigh Chromtha agus Cluad a dhaoradh.”

“Cuimhnigh ar — !”

Éist leis, ón! Éis leis,

Ag gleic faoin tír nach léis;

An tír ba leis a léig uaidh

’s an tír nár léig uaidh, níor leis!

– File éigin a mhair 150 bliain ó shin

Má mheabhraíonn an Claidheamh duit dul go dtí siopa áirithe ag ceannach earraí

ná fág an siopa sin gan an Claidheamh a lua