Cad é an ceart atá ag údair na Gaeilge bás crainn a thabhairt?

‘Bí i do chrann’ a mhol an file d’aos dána na teanga, ach an bhfuil cúis ar bith ann go gcaillfí oiread agus crann amháin eile leis an neamhléitheoireacht a chur chun cinn?

Cad é an ceart atá ag údair na Gaeilge bás crainn a thabhairt?

‘Bí i do chrann’ a mhol an file d’aos dána na teanga. Ba mhaith an chomhairle í. Bí i do chrann. Rud uasal atá sa chrann, neach mistéireach buan atá sa chrann. Is maith linn uilig dul ag spaisteoireacht i gcoill agus na crainn mar chuideachta againn.

Spreagann an crann balbh chun cainte muid. Cá mhéad drochdhán a scríobhadh de bharr spaisteoireachta sa choill? Cá mhéad uair a thug na crainn faoiseamh dúinn, a thug ardú meanman dúinn? Tá na crainn i mo gharraí beag féin ag teacht chun blátha diaidh ar ndiaidh anois. Tá an t-earrach linn; ní fada uainn an solas; ní fada uainn duilleoga ar na crainn ar fad.

‘Bí i do chrann’ a mhol an file d’aos pinn na Gaeilge. Ach ar thuig sé i ndáiríre an dochar a rinne lucht na Gaeilge do chrainn, an dochar atá siad a dhéanamh go fóill dóibh? An dtuigfeadh sé go mbeadh scríbhneoirí na teanga freagrach as an oiread sin crann a chur chun báis, go mbeadh siad freagrach as crainn a stoitheadh as an talamh ar mhaithe leis an pháipéar a charnadh le cnuasach gearrscéalta nach léitear agus díolaim filíochta nach scrúdaítear a chur i bprionta?

Maraíonn lucht na teanga crainn ar mhaithe lena n-ealaín, mar dhea. Ach, d’fhéadfá a rá, agus bheadh cuid mhór den cheart agat, gurbh fhearr i bhfad ligean don chrann fás san ithir agus an cnuasach gearrscéalta nó filíochta a fhágáil sa leabhar nótaí.

Cad é an ceart atá ag údair na Gaeilge bás crainn a thabhairt? Samhlaigh ar na coillte a leagadh le 100 bliain anuas le go mbeadh litríocht na Gaeilge ar fáil dúinn. Ar éigean gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Ó, cinnte, tá roinnt leabhar i mbéal an phobail go fóill – ach níl ann ach roinnt bheag. Tá an chuid eile de na leabhair – na mílte acu – faoi dhusta i leabharlanna nó ar sheilfeanna i dtithe, agus iad ag fanacht leis an lá go dtiocfaidh an leabharlannaí nó garpháistí na marbh agus a bhfuil de leabhair ann a chaitheamh sa bhruscar: ‘Arú, ní léann duine ar bith iad sin!’

Cad é faoin ár a rinneadh ar adhmad le go mbeadh na leabhair sin i gcló? Nárbh fhearr  – agus an pláinéad seo á phlúchadh diaidh ar ndiaidh – nárbh fhearr go mbeadh na crainn sin beo go fóill, san ithir go fóill, ag tabhairt ocsaigine dúinn go fóill? Nárbh fhearr i bhfad é sin mar oidhreacht chultúrtha ag lucht na Gaeilge don phláinéad ná leabhair nach léitear?

Sea, cinnte, tuigim gur mór an íobairt í iarraidh ar údair na teanga éirí as an teanga a chur i bprionta. Ach tá an cogadh caillte. Ní léann lucht na Gaeilge leabhair Ghaeilge. Níl cúis ar bith ann go gcaillfí oiread agus crann amháin eile leis an neamhléitheoireacht a chur chun cinn.

Nó, b’fhéidir, ar a laghad, go mbeadh iallach ar scríbhneoirí dhá chrann a chur agus leabhar nua á chur i gcló acu? Crann amháin mar chúiteamh as a saothar nach léifear agus crann eile mar chúiteamh as na coillte a leagadh ar son litríocht na teanga go dtí seo?

Fág freagra ar 'Cad é an ceart atá ag údair na Gaeilge bás crainn a thabhairt?'

  • Eoghan ONeill

    An chéad rud a dearfainn ná gur chóir an ratio bheith 20:1 de phlandaí curtha in aghaidh crainn leagtha le haghaidh ábhar priontála leabhar ach ,sin ráite, tá leabharthaí maithe ann mar sh. Raifteirí an Fíodóir Focal’, Luaithreach Angela, Padaí láidir Mac Culadh agus Aistí Eorpacha de chuid fear a chónaíonn i Chur na hÉilbhéise.