Cad ’déarfadh sibh le Plátá Phí.Ó, Sciath Pháidí Uí Shé agus Cupán Rí an Pharóiste?

Tá sé thar am leagan amach nua a chur ar an gcraobhchomórtas a deir an t-imreoir caide is fearr darb ainm Dáithí de Mórdha a tháinig amach as Bhaile an Ghleanna Íochtarach riamh

An bhfuil sé in am athrú a dhéanamh ar chraobh peile na hÉireann? Pictiúr: INPHO/James Crombie
An bhfuil sé in am athrú a dhéanamh ar chraobh peile na hÉireann? Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhraithfeá san aer é. D’aithneofá in iompar agus i ngiúmar na ndaoine é. Chughainn an séasúr is tábhachtaí. An t-aon bhiaiste gur fiú trácht air. As seo go deireadh Meáin Fómhair bíonn fearaibh agus mnáibh na tíre ag argóint agus ag ithe agus ag ithe a chéile, agus an ceart acu ar fad, timpeall ar lamhnán lán d’aer. Chughainn laethanta na craoibhe caide Uile-Éireann.

Is breá liom an t-am seo bliana. Gach dara duine a bhuaileann leat ina shaineolaí caide, a intinn déanta suas aige cheana féin cé acu a mbeidh an svae leo fé dheireadh na bliana. An Ciarraíoch a deir leis an saol nach bhfuil aon tseans fén spéir ag Ciarraí i mbliana. An Bleá Cliathach ag moladh go ndéanfar dhá loma-leath den gcontae sin chun seans a thabhairt dos na contaetha eile down the country, God love ’em. Na Corcaígh siúráilte glan deimhnitheach gur thíos ar bhruacha na Laoi a bheidh an geimhreadh á chaitheamh ag Saimín. Ach an tuiscint acu ar fad gur mó seans ná a mhalairt gur sa Ríocht a bheidh an cannister i ndeireadh na dála.   

Tá difríocht ar na comhráití fud fad na tíre i mbliana, áfaigh.

Tar éis do Laois stánáil a thabhairt do Cheatharlach i gcraobh Laighean, dúirt Tomás Ó Sé nárbh aon mhaitheas d’éinne Ceatharlach a bheith i gcraobh sinsear na hÉireann. Tar éis d’Áth Cliath téipeáil a thabhairt do Longfort, bhí an port céanna á sheinnt ag Pat Spillane – nach bhfuil aon tairbhe fén spéir ann dos na contaetha laga, nó go deimhin dos na contaetha láidre, iad a chur i gcoinne a chéile bliain i ndiaidh bliana gan faic dá bharra ach cluichí leamha agus neamhshuim imreoirí agus lucht tacaíochta.

Dúradar beirt, agus a lán eile nach iad, go mba cheart go mbeadh comórtais ar leith ar fáil dos na contaetha laga chun deis a thabhairt dóibh rud éigin a bhuachaint, seachas deireadh a bheith acu le caid idirchontae roimh lár an tsamhraidh.

Bhí Dessie Dolan, iarimreoir Cho. na hIarmhí, bailithe go maith ar an Sunday Game tar éis chluiche úd Longfoirt. Bhí taithí ag Dessie ar laethanta maithe lena chontae, ach bhí a chion féin de thaithí aige ar laethanta dorcha chomh maith. Bíonn caint gach aon bhliain ar ghníomh éigin a dhéanamh ar mhaithe leis na contaetha laga, a dúirt sé, ach ní tharlaíonn faic, agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil oifigigh Pháirc an Chrócaigh agus boird na gCúigí beag beann ar achainithe na gcontaetha agus na n-imreoirí. Ní haon ionadh go mbíonn scata imreoirí contae ag tabhairt fé Mheiriceá tar éis dóibh greadadh a fháil ar pháirc na himeartha.

Tá a dtuairimí á nochtadh ag piardaí móra an spóirt maidir le croí na faidhbe seo agus comórtais agus formáidí nua á moladh acu. Tamall de bhlianta ó shin, mhol Iar-Uachtarán CLG, Seán Kelly, go mbeadh 16 d’fhoirne i gCorn Sam Mhic Uidhir, agus 16 d’fhoirne i gcomórtas tánaisteach. D’fhanfadh na comórtais cúige mar atá. An tseachtain seo caite, mhol Iar-Bhainisteoir Thír Chonaill, Jim McGuinness, a leithéid céanna de leagan amach, bunaithe chomh maith ar conas mar a d’éireodh  seans d’fhoirne cluichí a imirt fan an tsamhraidh, fágann sé an deis ag gach foireann Corn Sham Mhag Uidhir a bhuachaint ach tugann deis bhreise dóibh corn eile a thabhairt abhaile leo.

Anois, ní haon saineolaí mise ar chúrsaí caide, ach is duine mé ag a bhfuil grá im’ chroí istigh dos na cluichí Gaelacha. B’fhéidir gur dána an mhaise dom’ leithéidse mo lámh a chur sa roinnt agus mo chóras féin a mholadh (ar a shon san, ní scóráil McGuinness ná Kelly 3-5 i gcoinne Caisleán Ghriaire i sraith fé 14 Chiarraí Thiar, agus ní deirtear fé éinne de bheirt acu gurb é an t-imreoir caide is fearr darb ainm Dáithí de Mórdha a tháinig amach as Bhaile an Ghleanna Íochtarach riamh). Mar sin féin is dóigh liom go bhfuil córas déanta amach agam a shásódh gach éinne.

Is dóigh liom gur cheart an chraobh a fhágaint mar atá – go pointe áirithe. Ag tús na bliana bheadh gach foireann roinnte sna Cúigí, agus seans ag gach foireann na craobhacha cúigí agus an chraobh Uile-Éireann a bhuachaint. Bheadh na cluichí cáilithe mar atá chomh maith. Ach na foirne a chailleann a gcéad chluiche sa chomórtas craoibhe, agus a gcluiche sna babhtaí cáilithe (8 bhfoireann), raghaidís isteach i gcomórtas eile – abraimis ‘Sciath’. Na foirne a chailleann a gcluichí sa dara babhta de na cluichí cáilithe (a bhíonn idir buaiteoirí an chéad babhta agus na contaetha a chaill na cluichí leathcheannais craoibhe), isteach leothu i gcomórtas ‘Pláta’. Bheadh an tríú comórtas, ‘Cupán’ á rith idir na foirne a chailleadh a gcluichí cáilithe i mbabhtaí 4/5. Fágann sin 8 gcinn d’fhoirne sa phríomhchomórtas – Corn Sam Mhic Uidhir. Bunaithe ar chraobh na bliana seo caite, is mar seo a bheadh na comórtais leagtha amach:

Screen Shot 2015-06-19 at 15.52.02Tá cúpla buntáiste leis seo. Níltear ag ceilt deise ar aon fhoireann Corn Sam Mhic Uidhir a bhuachtaint. Go deimhin, fé mar atá fé láthair, tá dhá sheans ag aon fhoireann déanamh amhlaidh. Mura n-éiríonn leo, tá deis eile fós acu comórtas éigin a bhuachaint. Ní gá ach féachaint ar choirn Meaghar/Rackard/Ring na hiomána chun fiúntas leagan amach mar seo a ríomh; ní na peileadóirí ná aiséirí na Gúitse atá i mbéalaibh mhuintir Chiarraí fé láthair, ach ár n-iománaithe agus an dul chun cinn atá déanta acu le cúpla bliain anuas.

Deirtear gur comharthaí sóirt geilte ná a bheith ag déanamh an rud céanna aríst is aríst eile agus súil aige go mbeadh toradh difriúil air gach babhta. Tá sé in am d’ár gCumann rud a dhéanamh ar iarrachtaí na n-imreoirí contae, is cuma cén chontae ar díobh iad, agus seans a thabhairt dóibh. Ag féachaint chun cinn ar shéasúr na bliana seo, ní dócha go bhfuil seans ach ag leathdhosaen nó seacht gcinn d’fhoirne ar chorn Uile-Éireann a thabhairt abhaile leo. Cad atá in ann do na foirne eile ar fad?

Ní bheadh le déanamh ansan ach ainmneacha a thabhairt dos na comórtais: Cad ’déarfadh sibh le Plátá Phí.Ó, Sciath Pháidí Uí Shé agus Cupán Rí an Pharóiste?!

Fág freagra ar 'Cad ’déarfadh sibh le Plátá Phí.Ó, Sciath Pháidí Uí Shé agus Cupán Rí an Pharóiste?'