Cad chuige an nasc idir CLG agus Sky?

Chun go mb'fhiú an caidreamh idir Sky agus CLG, ba chóir Fáilte Ireland a chur ag obair ar thurasóirí a mhealladh go dtí na cluichí Gaelacha

General view of a Setanta Sports cameraman 24/3/2012

Bhuel tá deireadh tagtha leis an gcéad bhliain de chraoladh Sky ar ár gcluichí náisiúnta agus iad feicthe ag an domhan mór anois.

I ndiaidh an rí rá go léir fúthú i dtosach an tséasúir, ní raibh mórán gearán in aon chor de réir mar a bhí an bhliain ag dul ar aghaidh.

Ach n’fheadar conas is féidir tionchar an fhathaigh chraoltóireachta a thomhas?

Tá a fhios agam go bhfuil figúirí ann faoi cé mhéad duine a bhí ag féachaint ar na cluichí éagsúla.

Dar ndóigh, tugann sé sin eolas éigin dúinn faoi conas atá ag éirí leo, ach is í an cheist ná cad atá ag teastáil ón gCumann Lúthchleas Gael as seo ar fad?

An bhfuil siad ag iarraidh go ndéanfaí cluichí idirnáisiúnta de na cluichí Gaelacha?

Is eol dúinn anois go bhfuil ár gcluichí á n-imirt i gcuid mhaith tíortha ar fud na cruinne.

Ach is Éireannaigh den chuid is mó atá á n-imirt.

Tá fhios agam freisin go raibh daoine gníomhach go leor ar Twitter i rith an tséasúir agus eachtrannaigh ag scríobh faoi chomh tapaidh, chomh dian agus chomh dainséarach is a bhí na hÉireannaigh fhiáin a d’imir na cluichí seo.

Ach cad a thiocfaidh as?

Arbh fhiú don CLG na cearta a dhíol le Sky agus TV3 a fhágaint ar leataobh?

An bhfuil sé ceart nach féidir le daoine áirithe féachaint ar chluichí áirithe mar nár íoc siad Sky?

Faraor, níl na freagraí agam ar na ceisteanna sin, ach táim cinnte faoi rud amháin, is é sin gur cheart go ndéanfadh Fáilte Ireland iarracht ollmhór tuairisceoirí spóirt a mhealladh isteach go dtí an tír ar dhroim an chlúdaigh fhairsing atá á dhéanamh ag Sky.

B’fhéidir go dtógfaidh se tamall ach mar a deireann an seanrá ‘de réir a chéile a thógtar na caisleáin.’

Tagann na mílte duine chuig an tír chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh gach bliain.

Ar an lá céanna, bíonn craobhacha sinsear na gclub ar siúl i bPáirc an Chrócaigh.

De ghnáth, bíonn an áit leathlán (nó leathfholamh).

Bheinn ag ceapadh go bhféadfadh na hostáin céatadán éigin de na cuairteoirí a mhealladh go dtí an ceanncheathrú an lá sin.

Freisin, taobh amuigh de na craobhacha sinsear agus cluichí craoibhe Bhaile Átha Cliath, is annamh a bhíonn na cluichí craoibhe eile díolta amach.

D’fhéadfadh tionscal na turasóireachta agus Cumann Lúthchleas Gael oibriú le chéile chun teacht ar réiteach éigin agus na turasóirí seo a thabhairt do dtí ár gcluichí ar fud na tíre.

Cheana féin tá ‘Experience Gaelic Games ‘ag uimhir a haon ar liosta nua Trip Advisor sa roinn “rudaí le déanamh i mBaile Átha Cliath”.

Tá an chuairt ar Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh ag uimhir a trí ar an liosta céanna.

Agus ar an Máirt, fógraíodh go bhfuil Éire ag uimhir a cúig ar liosta Lonely Planet sa chatagóir  ‘na háiteanna is fearr ar domhan le cuairt a thabhairt orthu i 2015’.

Mar sin, gach seans go mbeidh na cuairteoirí ag teacht chugainn. Tá cluichí iontacha againn. Tá an focal á scaipeadh. Feicfimid linn.

Focal Scoir: Mholfainn do Sky cúpla nóiméad a chaitheamh roimh gach cluiche ar rialacha na gcluichí a mhíniú. Bhuail mé le cuid mhaith eachtrannach i rith an tséasúir a chonaic cluichí ar an teilifís ach nár thuig na rialacha in aon chor.

Fág freagra ar 'Cad chuige an nasc idir CLG agus Sky?'

  • Tomás de Buitléir

    “An bhfuil sé ceart nach féidir le daoine áirithe féachaint ar chluichí áirithe mar nár íoc siad Sky?” NÍL SÉ! agus is í sin croí na faidhbe.

    Focal Scoir eile. Cá bhfuil an Ghaeilge sa scéal seo? Is léir gur cuma leis an GAA (agus RTÉ agus Sky) faoin nGaeilge. Mholfainn níos mó cearta a thabhairt do TG4.