Cad atá i ndán do cheannaire nua Shinn Féin sa Tuaisceart?

Tá bean de ghlúin óg úr ceaptha ina comharba ar Martin McGuinness, ach tá na seandúshláin mhóra chéanna le sárú aici

Cad atá i ndán do cheannaire nua Shinn Féin sa Tuaisceart?

Bhí Sinn Féin ag ceiliúradh, iad ag moladh Martin McGuinness go hard na spéire agus ag déanamh gairdis faoin ré nua. Mhaígh siad go raibh idir ‘leanúnachas’ agus ‘úire’ i gceist lena rogha do cheannaire nua an pháirtí i dTuaisceart Éireann, Michelle O’Neill.

Céim dhearfach agus forbairt ar an bpáirtí ab ea é bean de ghlúin eile a bheith ceaptha i gcomharbacht ar McGuinness, a dúradar.

Cé gur de bharr tinnis a d’éirigh Martin McGuinness as, bhí an t-athrú réimis beartaithe don samhradh pé scéal é, dar le Sinn Féin, agus lánmhuinín na gceannairí seanbhunaithe ag an Aire Sláinte, O’Neill. Siombail í ar athnuachan an pháirtí, a deir siad agus an soiscéal á bhreith ó ghlúin go glúin.

Bheadh a bhfealsúnacht slán faoi cheannas na mná ar de theaghlach poblachtánach Doris as oirthear Thír Eoghain í. Bean phósta, 40 bliain d’aois, is ea í a bhfuil mac agus iníon, 23 agus 18 bliain d’aois aici. Tá sí gníomhach i Sinn Féin ó bhí sí sna déaga; tháinig sí i gcomharbacht ar a hathair mar chomhairleoir áitiúil agus is Teachta Tionóil i Stormont í ó 2007. Ceapadh ina hAire Talmhaíochta í in 2011 agus ba í an t-aon duine d’airí Shinn Féin (cé is moite de McGuinness) a athcheapadh anuraidh nuair a cuireadh i bhfeighil cúrsaí sláinte í.

“Modh maireachtála is ea é a bheith i do phoblachtánach” a dúirt Michelle O’Neill le baill de Shinn Féin a bhí cruinnithe i Stormont le haghaidh a hainmniúchán don ról nua. Ina céad aitheasc mar cheannaire sa tuaisceart, dúirt sí gur thuig sí chomh maith go raibh dúshláin ollmhóra le sárú, ach gheall sí nach ligfeadh sí síos iad. Leanfadh sí leis an dea-obair a rinne McGuinness, ar sí, ag cur an chomhionannais agus an athmhuintearas chun tosaigh.

Is é mana Shinn Féin le coicís anuas nach nglacfaidís leis an status quo i Stormont i ndiaidh an toghcháin ar an 2 Márta. Beidh siad ag iarraidh margadh nua le ‘paireacht mheasa’ a chinntiú. Ní beag na dúshláin iad. I dtosach báire, caithfidh rath a bheith orthu sa toghchán agus, ina dhiaidh, sin idirbheartaíocht bhisiúil a dhéanamh.

Tá Sinn Féin an-dearfach faoin toghchán seo, iad ag maíomh go méadófar a dtacaíocht mar gur ‘sheas siad an fód’ in aghaidh an DUP. B’fhéidir é, ach tá sé i bhfad róluath le dearcadh an phobail a mheas. Tá an ráta vótála i measc náisiúnaithe ag titim le blianta agus anuraidh tháinig laghdú beagnach 3% ar vóta Shinn Féin. Chaill siad suíochán ina ndúnáras, iarthar Bhéal Feirste, mar ar bhuaigh Pobal roimh Bhrabach suíochán gan dua.

Ar an láimh eile, d’éirigh thar cionn leis an DUP san vótáil anuraidh.

Táthar ag déanamh talamh slán de gurb iad an DUP agus Sinn Féin a bheidh sa chéad áit ar an dá thaobh d’ainneoin fadhbanna an DUP i dtaca leis an bpraiseach a rinneadh den scéim fuinnimh inathnuaite. Chaithfeadh titim thubaisteach teacht ar a vóta chun go mbeadh a mhalairt de thoradh ann. Ach an mbeidh an coibhneas idir an dá dhream mar a chéile (38 DUP:28 Sinn Féin)? Tá Sinn Féin cíocrach chun an bhearna eatarthu a laghdú. Chuige sin theastódh laghdú ar ionadaíocht an DUP maille le Sinn Féin a bheith in ann vótaí a fháil ó dhaoine a thréig iad anuraidh nó a staon ón vótáil.

Is é gnó Michelle O’Neill, agus í ina ceannaire d’fheachtas toghcháin den chéad uair, a chur ina luí ar na náisiúnaithe a cheap go ndearna an DUP beithé de Shinn Féin sa bhFeidhmeannas nach amhlaidh a bheadh níos mó. Má bhíonn sí in ann é sin a dhéanamh ní bheidh an obair ach ina tús. Beidh Feidhmeannas le cur le chéile ina dhiaidh sin. Gheall O’Neill dá lucht leanúna Dé Luain nach nglacfadh Sinn Féin páirt in institiúidí roinnt na cumhachta mura bhfónfadh siad ar gach saoránach ar bhonn comhionannais agus measa. Beidh athrú ar chur chuige Shinn Féin ó tá siad den bharúil gur shaothar in aisce ab ea cur chuige dearfach Martin McGuinness ina pháirtnéireacht le Arlene Foster.

Ar a liosta de riachtanais bhí cothú na fíorpháirtnéireachta, go seasfaí le comhréitigh, go gcomhlíonfaí geallúintí agus go léireofaí meas ar gach duine, beag beann ar chúlra, teanga, gnéas nó inscne. Cé a gheobhadh locht ar na coinníollacha sin, arsa tusa? Ach tá a fhios againn go maith gur cnámh spairne nimhneach í ceist an phósta chomhghnéis, go bhfuil nimh sa mhuinchille faoin nGaeilge, gur ábhar easaontais é cad is íobartach ann, gan trácht ar oidhreacht na dtrioblóidí ina hiomláine. D’fhéadfaí cur leo sin ar fad ceisteanna faoi róchaiteachas poiblí agus na heasnaimh ar chórais chun scothchleachtais a chinntiú.

Thuar Arlene Foster go mbeadh feachtas an toghcháin brúidiúil. Ní taise sin don obair a bheidh le déanamh ina dhiaidh. Táthar á thabhairt le fios gur idirbheartaí crua a bheas in O’Neill. Níl aon leide tugtha faoi cén rud a thabharfadh ar Shinn Féin a ghéilleadh nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid, cé go bhfuil cuid dá vótóirí den bharúil sin cheana féin. An-chuid snáithíní le sníomh ag O’Neill, mar sin.

Fág freagra ar 'Cad atá i ndán do cheannaire nua Shinn Féin sa Tuaisceart?'