‘Cad a bhíonn á dhéanamh ag fear an laptop?’ – tionchar na hanailíse á fhiosrú ar ‘GAA nua’

Cuirfear tús le GAA Nua anocht ar RTÉ agus é mar aidhm ag an tsraith cur síos a dhéanamh ar na hathruithe atá tagtha ar chluichí na nGael le blianta beaga anuas ó thaobh eolaíochta agus teicneolaíochta de

‘Cad a bhíonn á dhéanamh ag fear an laptop?’ – tionchar na hanailíse á fhiosrú ar ‘GAA nua’

INPHO/Lorraine O'Sullivan

Déanfar ról na heolaíochta agus na teicneolaíochta i gCumann Lúthchleas Gael sa lá atá inniu ann a scrúdú i sraith nua ar RTÉ.

Cuirfear tús le GAA Nua, atá á chur i láthair ag Dara Ó Cinnéide, ag 7.30i.n. anocht agus díreoidh an tsraith ceithre chlár ar na hathruithe ar fad atá tagtha chun cinn i gCLG le tamall anuas.

“An sprioc a bhí ag an gclár ná an fhiosracht a bhí againn féin a shásamh,” a deir an Cinnéideach. “Le blianta, tá daoine ag rá, ‘tá an cluiche athraithe’. Ach athraithe conas? Cén rian atá ag an eolaíocht agus an teicneolaíocht ar an gcluiche sa lá atá inniu ann? Cé hiad na daoine a bhíonn i mbun anailíse, cén ról atá acu, cad a bhíonn á dhéanamh ag fear an laptop?”

Deir Ó Cinnéide go bhfuil tionscal tógtha timpeall ar an eolas atá á chur ar fáil d‘imreoirí faoina gcuid folláine agus a gcuid imeartha agus díreoidh an chéad chlár den tsraith isteach ar an anailís sin.

“Cén luach atá ar an eolas seo uile, cén tairbhe atá ann? Is féidir liomsa nó leatsa anailís a dhéanamh ar chluiche ach céard a bhíonn máistrí na hanailíse ag déanamh? Mar shampla, dhírigh muid ar an gcic amach le hÉamonn Fitzmaurice, céard a bhíonn ag tarlú ann agus conas, mar shampla, go mbíonn oiread tionchair ag fear amháin, Stephen Cluxton, ar an gcluiche ar fad.”

Tá glúin nua d’imreoirí tagtha chun cinn agus leas á bhaint as an teicneolaíocht seo uile acu chun barr feabhais a bhaint amach.

“Labharamar le hiománaithe Phort Láirge. Níor thaitin na seisiúin anailíse liomsa nuair a bhíos-sa ag imirt ach teastaíonn ó imreoirí na linne seo go mbeadh an t-eolas ar fad acu ar an iPhone agus ná beadh orthu ach cnaipe a bhrú chun teacht air.”

Ní hamháin go dtugann an clár blaiseadh dúinn den obair a bhíonn á déanamh sna seomraí feistis agus ar an taobhlíne ach, níos déanaí sa tsraith, tabharfar léargas ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh cúrsaí leighis. Don chuid sin de chlár thug lucht a dhéanta ceamaraí isteach san obrádlann agus imreoir Mhaigh Eo, Kevin Keane, ag dul faoi scian toisc gortú ballnasc croiseach a bheith air.

“Is é an gortú is mó a dhéantar trácht air ná an ‘cruciate’. Cad a tharlaíonn d’fhear go mbaineann gortú dó, cad iad na hacmhainní atá ag teastáil chun imreoir a thabhairt thar n-ais? Cad ina thaobh gur thóg sé chomh fada ar Pat Spillane teacht filleadh ón ngortú céanna 30 bliain ó shin agus go mbíonn imreoirí leigheasta laistigh d;aon bhliain amháin sa lá atá inniu ann?”

Chun freagraí na gceisteanna sin a fháil, labhair Ó Cinnéide le saineolaithe ar nós Éanna Falvey, atá ina dhochtúir ag foireann rugbaí na Leon, agus Ray Moran, máinlia iomráiteach. Chomh maith leo sin, cloisfear tuairimí bainisteoirí, imreoirí agus daoine eile, agus leithéidí Marty Clarke, Joe Brolly, Cian O’Neill agus tuilleadh lena gcois faoi agallamh ar GAA Nua.

Agus an mioneolas uile seo anois ar fáil do bhainisteoirí, tá an baol ann go gcaillfear cuid den draíocht a bhaineann le CLG, agus pléifear an cheist sin sa tsraith chomh maith. Ach deir an Cinnéideach gurb é an rud is mó a d’fhoghlaim sé óna thaighde uile ná go bhfuil ról an bhainisteora agus tionchar na bhfear ar an bpáirc chomh tábhachtach céanna agus a bhí riamh.

“An teachtaireacht is láidre atá ann, dar liomsa, ná go bhfuil na háiseanna uile seo ann ach go bhfuil ról an bhainisteora fhéin níos tábhachtaí ná mar a bhí sé riamh. An imní is mó a bhí ormsa ná go gcífinn go mbeadh seilbh glactha ag lucht na heolaíochta agus na teicneolaíochta ar na cluichí ach, buíochas le Dia, níl. Tá sé le feiscint sa tsraith, cé go bhfuil an t-eolas ar fad ag na bainisteoirí, nach bhfuil siad ag brath rómhór air.

“Tá rudaí le rá ar a shon agus ina choinne. Tá níos mó eolais ar fáil ná mar a bhí riamh cheana ach fós tá ort an rud ceart a dhéanamh leis an eolas sin.”

Fág freagra ar '‘Cad a bhíonn á dhéanamh ag fear an laptop?’ – tionchar na hanailíse á fhiosrú ar ‘GAA nua’'

  • Jamie Ó Tuama

    Tá mé ag súil go mór leis an gclár seo!