Cábla leictreachais Árann deisithe agus na tástálacha deiridh á ndéanamh air

Tá súil ag an mBord Soláthair Leictreachais go mbeifear in ann an cábla a chur ag obair mar is ceart arís an tseachtain seo chugainn agus go mbeifear in ann éirí as na gineadóirí atá á n-úsáid sna hoileáin faoi láthair

Cábla leictreachais Árann deisithe agus na tástálacha deiridh á ndéanamh air

Tá an obair dheisiúcháin ar an gcábla fothoinn idir Árainn agus Inis Meáin, a briseadh i mí Lúnasa agus a d’fhág na hoileáin gan leictreachas ar feadh deireadh seachtaine, beagnach curtha i gcrích ag an mBord Soláthair Leictreachais. Rinne tumadóirí speisialta fiosrúchán ar an gcábla agus aimsíodh láthair bheacht an fhabht Dé hAoine an 7 Deireadh Fómhair.

A luaithe is a aimsíodh an fabht, atá 2km amach ó chósta Árann, ceapadh plean oibre lena dheisiú. Rinneadh an cinneadh cábla nua, cúig mhéadar ar fad, a chur isteach mar gheall ar an gcineál fabht a bhí i gceist agus mar gheall ar an áit a bhfuil sé. Teastóidh dhá shiúnta nua leis an gcábla a chur in áit.

Chaith oibrithe de chuid Ghréasáin BSL roinnt seachtainí i mbun na réamhoibre ar an láthair lena chinntiú go mbeadh sé sábháilte tabhairt faoin obair. Ullmhaíodh an cábla nua ar an mbáirse a cuireadh in áit os cionn an fhabht an mhí seo caite fad is a bhí na tumadóirí, a bhfuil oiliúint speisialta orthu, ag leanacht ar aghaidh leis an réamhobair ar ghrinneall na mara. Bhí an cábla a bhí briste clúdaithe ag cúpla ceintiméadar gainimh.

Rinneadh an t-ullmhúchán agus ag an réamhobair seo i rith an deireadh seachtaine. Thosaigh an obair mar is ceart ar an gcábla Dé Máirt an 11 Deireadh Fómhair nuair a thug na tumadóirí faoin gcéad shiúnta a dhéanamh agus iad ag obair in ionad speisialta oibre.

Nuair a bhí an siúnta sin críochnaithe, tástáladh an cábla go leictreonach agus tosaíodh ar an dara siúnta Dé Céadaoin an 12 Deireadh Fómhair. Tá an siúnta sin anois críochnaithe freisin agus déanfar tástálacha ar an gcábla nua idir an dá hoileán as seo go ceann cúpla lá.

Tá súil ag an mBord Soláthair Leictreachais go mbeifear in ann an cábla nua a chur ag obair go luath an tseachtain seo chugainn agus go mbeidh leictreachas á sholáthar chuig na hoileáin mar ba ghnáth, agus nach mbeidh gá leis na gineadóirí a tugadh isteach i mí Lúnasa níos mó.

Bhain an BSL leas as cur chuige nua chun an fabht a dheisiú. Is iondúil go dtarraingítear cábla fabhtach aníos ó ghrinneall na mara ach sa chás seo rinneadh an obair faoin bhfarraige. Maítear gur lú i bhfad an costas agus an t-am a bhíonn i gceist le deisiú cábla fothoinn ar an mbealach nua seo. D’úsáid an BSL uair amháin eile é roimhe seo le cábla i Sruth na Maoile a dheisiú.

Tharla an fabht ag 4am ar maidin, Dé hAoine an 5 Lúnasa, agus fágadh an 372 custaiméir de chuid an BSL in Inis Meáin agus Inis Oírr gan leictreachas ar feadh roinnt laethanta. Tugadh dhá ghineadóir, a bhfuil meáchan 36 tonna eatarthu iontu go hInis Oírr Dé Sathairn an 6 Lúnasa, agus bhí súil ag an BSL claochadán a thabhairt isteach an lá dár gcionn chun na gineadóirí a cheangal le córas leictreachais an oileáin. D’fhág an drochaimsir ar an Domhnach sin nach bhféadfaí an claochadán a thabhairt i dtír agus tugadh isteach é Dé Luain an 8 Lúnasa agus is iad na gineadóirí sin a sholáthair cumhacht do na hoileáin ó shin.

Fág freagra ar 'Cábla leictreachais Árann deisithe agus na tástálacha deiridh á ndéanamh air'

  • Páid Ó Donnchú

    Cén cúis leis an mbriseadh?