Cá bhfuil triall na gceardchumann agus seachrán ar Pháirtí an Lucht Oibre?

Tá cearta oibrithe faoi ionsaí i láthair na huaire, agus má theastaíonn ó lucht ceardchumainn stop a chur leis na hionsaithe seo caithfidh siad géilleadh go bhfuil mórghluaiseacht pholaitiúil riachtanach don troid

Cá bhfuil triall na gceardchumann agus seachrán ar Pháirtí an Lucht Oibre?

I bhfianaise na pobalbhreithe is deireannaí níl aon stop le meath Pháirtí an Lucht Oibre. Ó thaobh tacaíochta de, tá an páirtí idir 4% agus 7%. Níl aon bhiseach le feiceáil, agus tá an cheist á cur arís is arís eile: an bhfuil aon rud i ndán don pháirtí, nó an dtiocfaidh páirtí úr ar an saol a líonfaidh an spás a bhíodh ag Páirtí an Lucht Oibre?

Is cóir cuimhneamh gur bunaíodh an páirtí an chead lá, siar i 1912, le bheith ina heite pholaitiúil de ghluaiseacht na gceardchumann. Ba ar an mbonn sin amháin a chuir Séamus Ó Conghaíle, Séamus Ó Lorcáin is Liam Ó Briain an moladh ar aghaidh.

Is léir le fada an lá nach mar sin a bhreathnaíonn an páirtí air féin a thuilleadh. Cúpla bliain ó shin bhí Mark Garrett, comhairleoir polaitiúil de chuid Éamon Gilmore, ag moladh go gcuirfeadh an páirtí deireadh ar fad lena cheangal leis na ceardchumainn.

Agus níl ach mí ann ó dúirt Ed Brophy, comhairleoir polaitiúil Joan Burton, go raibh tacaíocht an lucht oibre caillte ag an bpáirtí cheana agus go raibh bunchloch na tacaíochta a bhíodh aige i measc an mheánaicme fhorchéimnithigh anois á chailliúint aige.

Agus ag scoil samhraidh Magill i dTír Chonaill, d’fhógair ceannaire nua an pháirtí, Brendan Howlin, go gcaithfeadh go mbeadh sé de mhisneach (’sea misneach) ag an bpáirtí leagan amach níos fearr den rachmas a shamhlú.

Ag an am céanna, cé go mbíonn an páirtí anois ag iarraidh labhairt i dtaobh cearta oibrithe agus iad á gcur féin chun cinn mar urlabhraithe ar son an aicme oibre, tá siad ag diúltú go fíochmhar glacadh leis go ndearna siad feall ar bith nuair a chuaigh siad i mbun rialtais le Fine Gael chun polasaí déine a chur i bhfeidhm ar a lucht tacaíochta féin.

Ní nach ionadh mar sin nach bhfuil aon bhiseach tagtha ar an bpáirtí i ndiaidh thubaiste an olltoghcháin. Go deimhin, is léir do gach éinne taobh amuigh den pháirtí nach mbeidh aon bhiseach ann mura féidir leo admháil ní hamháin go ndearna siad dearmad ó thaobh straitéise de ach gur thréig iad a lucht tacaíochta féin i measc an aicme oibre.

Cá bhfágann an méid seo an ceangal idir an páirtí agus na ceardchumainn? 

Tá creimeadh á dhéanamh ar mheas na gceardchumann ar an bpáirtí le tamall, ar ndóigh, ach ar a laghad bhí Uachtarán SIPTU, Jack O’Connor, dílis don pháirtí i gcónaí.  Fiú i ndiaidh an olltoghcháin bhí sé ag rá go mbeadh an aicme oibre níos fearr as dá mbeadh Páirtí an Lucht Oibre i rialtas athuair chun srian (mar dhea) a chur le Fine Gael!

Níl aon fhianaise go dtarlódh a leithéid mar i gcaitheamh na tréimhse is déanaí i rialtas acu ní dhearna Páirtí an Lucht Oibre dada le cearta fostaíochta, mar shampla, a fheabhsú. Níor lorg siad an méid sin mar chúiteamh ar a dtacaíocht don déine, ná níor lorg siad aon chúiteamh eile ach an oiread.

Ní léir ach an oiread gur féidir leis na Daonlathaigh Shóisialta an bhearna seo a líonadh, ná gur leor Sinn Féin mar phríomh-urlabhraithe na heite clé.

Is é atá ag teastáil go bunúsach ná go leanfadh na ceardchumainn éagsúla lena gcuid coistí polaitiúla – le cinntiú go mbeidh ceardchumannaigh gníomhach sa  bpolaitíocht agus nach bhfágfar ar an taobhlíne ag breathnú ar dhaoine eile iad.

Tá múnla do chur chuige nua ar fáil cheana féin san eagraíocht Ceart chun Athrú (Right2Change), cé go gcaithfí níos mó fuinnimh agus údaráis a chur sa phlean céanna.

Ní féidir dúshlán lucht an rachmais a thabhairt go dtí go mbeidh páirtithe na heite clé – Sinn Féin agus eile – sásta comhoibriú go béasach lena chéile, leis na ceardchumainn, na heagraíochtaí pobail, na grúpaí agóide is eile.

Ach caithfidh freisin tuiscint shoiléir a bheith ann i dtaobh an chomhthéacs pholaitiúil: caithfear aghaidh a thabhairt ar an eilifint sa seomra, Aontas na hEorpa.

Mar faoi rialacha an Aontais ní féidir comhlachtaí stáit a chur i gcomórtas le comhlacht ar bith de chuid an Aontais; agus faoi rialacha an Euro ní féidir rátaí úis nó rátaí malartaithe a riaradh de réir riachtanais na heacnamaíochta s’againn féin.

Tá cearta oibrithe faoi ionsaí i láthair na huaire, agus má theastaíonn ó lucht ceardchumainn stop a chur leis na hionsaithe seo caithfidh siad géilleadh go bhfuil mórghluaiseacht fhorleathan pholaitiúil riachtanach don troid.

Mar a tharlaíonn chuir Jack O’Connor féin tús le díospóireacht faoi pholaitíocht na gceardchumann sa todhchaí le hóráid a thug sé i gCorcaigh le deireanas agus é ag glacadh leis nach féidir leis na  ceardchumainn a bhfuinneamh a chur taobh thiar de pháirtí amháin.

Ach ní leor labhairt faoi na cúrsaí seo i dtéarmaí teibí; mura féidir bheith réadúil faoi Aontas na hEorpa níl fiú sa gcaint is réabhlóidí ach cur i gcéill agus cur amú ama.

Tá an t-alt seo bunaithe ar chaint a rinne Eoin Ó Murchú ag cruinniú d’Fhóram Clé na gCeardchumann ar an ábhar ‘An bhfuil gluaiseacht úr polaitiúil ag teastáil  óna  ceardchumainn?’.

Fág freagra ar 'Cá bhfuil triall na gceardchumann agus seachrán ar Pháirtí an Lucht Oibre?'