Cá as a dtagann glór an charachtair fhicseanúil?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: tá chuile charachtar ficseanúil i dteideal a ghlóir shainiúil féin, ach ní jab éasca don scríbhneoir an glór sin a chruthú.

Cá as a dtagann glór an charachtair fhicseanúil?

Gné lárnach de chuile charachtar ficseanúil is ea a ghlór. Ar ndóigh, ní hé an glór fisiciúil, inchloiste a bhíonn i gceist sa chomhthéacs liteartha go hiondúil, ach an meascán fíorphearsanta sin de shainréim teanga, réimsí tagartha agus rithim chainte a dhéanann duine ar leith as gach duine. 

Ach cá as a dtagann glór carachtair? Agus mé ag obair ar thionscnamh scríbhneoireachta nua le gairid, rith sé liom go mbíonn dlúthcheangal go minic idir glór an charachtair agus a ghairm.

Saineolaí ar chúrsaí tráchta é príomhcharachtar an togra nua atá idir lámha agam, nó ‘gúrú tráchta’, mar a thugann sé air féin. Is é a insíonn an scéal, sa chéad phearsa. 

Ní raibh ach cúpla leathanach curtha díom agam nuair a thug mé suntas do thréith ar leith ina chuid cainte. Ar dtús, thug mé faoi deara nach bhfuil sé de chumas aige scéal a insint gan a bheith ag síorthagairt do mhionsonraí infreastrúchtúrtha agus d’fhadhbanna tráchta. Ansin, chonaic mé gur i bhfrásaí beaga bídeacha, gan aon bhriathar iontu go minic, a bhíonn sé ag tagairt do na rudaí sin – mar a bheadh nótaí á mbreacadh síos aige ar fháisc-chlár agus é ina sheasamh ag crosbhóthar gnóthach, seaicéad geal buí á chaitheamh aige agus clogad oibre ar a cheann.

‘Áit mhaith do thrasnán coisithe,’ a déarfadh sé. ‘Muise, seanráillí tram!’ Nó: ‘Tranglam.’ 

A luaithe agus a thug mé suntas don tsainrithim chainte seo, thaitin sí go mór liom – go háirithe toisc go bhfuil sí chomh difriúil sin ó mo ghlór féin, atá tugtha d’abairtí fada lán fo-chlásal. Shocraigh mé an rithim chainte seo a tháinig aníos agus mo phríomhcharachtar ag trácht ar chúrsaí tráchta a chur i bhfeidhm ar a chuid reacaireachta ar fad. ‘Bean ard. Gruaig chatach. Gúna deas,’ a déarfadh sé faoi charachtar eile, seachas: ‘Bean ard a bhí inti a raibh gruaig chatach uirthi. Bhí gúna deas á chaitheamh aici.’

Ar ndóigh, ní féidir scéal a insint gan bhriathra agus chuirfeadh scéal nach bhfuil ann ach abairtí gearra an léitheoir glan as a mheabhair le teann leadráin. Ar nós chuile shórt eile, bíonn blas ar an mbeagán: is leor saintréith chainte a léiriú ó am go chéile, go háirithe nuair a bhíonn canúnachas i gceist.

Ach nuair a thagann bronntanas mar seo anuas ó neamh, mar a tharla i gcás phríomhcharachtar mo thogra scríbhneoireachta nua, b’amaideach an scríbhneoir nach mbainfeadh úsáid as. I mo chás féin cibé, bíonn glór na gcarachtar ar cheann de na gnéithe is deacra den phróiseas scríbhneoireachta.