C.S. Lewis: ‘Dá fhad an oíche, tagann an lá… agus tarlaíonn míorúiltí’

Tá teacht aniar sa duine an lá is measa dá raibh sé, a deir C.S. Lewis, agus tarlaíonn míorúiltí, breith Chríost ina measc

C.S. Lewis: ‘Dá fhad an oíche, tagann an lá… agus tarlaíonn míorúiltí’

Sna saothair The Problem of Pain agus Miracles, áitíonn C.S. Lewis nárbh fhéidir fás agus éabhlóid teacht ar an eitic ná ar an réasúnaíocht. Cuireann sé an argóint seo ag obair ar an gcreideamh féin.

Cén fáth a gceapfadh na chéad daoine, agus iad ag breathnú ar an bpian agus ar an bhfulaingt timpeall orthu, go raibh Dia grámhar i bhfeighil na cruinne? Níl aon cheangal loighciúil idir an dá rud; ní foláir gur mothú iontais agus eagla ba chúis le creideamh a theacht ar an saol, a deir Lewis, agus nach é an duine a thug ann é.

Forbraíonn sé an argóint seo agus deir nach ionann an eagla atá orainn roimh thaibhsí, cuir i gcás, agus an eagla atá orainn roimh ainmhithe allta. An ‘uncanny’ a ghlaonn sé ar an gcéad chineál eagla. Cé gur féidir eagla a chur ar dhaoine agus ar ainmhithe araon, is é an duine an t-aon neach a bhfuil faitíos air roimh a chnámharlach féin. Ní féidir le foinse an uamhain seo a bheith nádúrtha, a deir Lewis; is rud é a nocht Dia don duine.

Tar éis dó an argóint seo a fhorbairt agus a áiteamh go bhfuil Dia ann agus gurb é foinse an nádúir agus na réasúnaíochta é, deir sé nach bhfuil fulaingt ag teacht salach ar chreideamh i nDia.

An freagra simplí atá ag Lewis ar an bhfulaingt ná gur toradh é ar shaorthoil an duine. Dá gcuirfeadh Dia a ladar sa scéal gach aon uair dá raibh duine ar tí fulaingt, chiallódh sé sin nach mbeadh cothrom na Féinne ann do chách maidir le saoirse an duine a rogha féin a dhéanamh, a deir Lewis. Go paradacsúil, tugann an tsaoirse seo i dtiúin le toil Dé sinn, de réir a chéile. Is ón bhfulaingt a fhoghlaimímid nach féidir linn an t-aistear seo a dhéanamh ‘as ár stuaim féin’ agus go dteastaíonn cúnamh na bhFlaitheas uainn; ní leor an méid ‘ar linn féin é’ agus múineann an fhulaingt dúinn géilleadh do thoil Dé, a deir Lewis.

Ach dá fhad an oíche, tagann an lá; is é nádúr an tsaoil gurb éard a leanann fulaingt ná ríméad agus i gceann de na sleachta is cumhachtaí agus is groíúla sa saothar The Problem of Pain, labhraíonn Lewis ar dhaoine a n-éiríonn leo teacht as an dúlagar ainsealach sa deireadh thiar thall ‘de bharr laochais’; is daoine iad seo a thugann ‘faghairt’ orthu féin ‘mar a thabharfaí ar lann’ agus a thugann ‘saothar den chéad scoth ar an saol’ ina dhiaidh.

Thuig an t-údar don duine a bhí go mór in ísle brí agus na macallaí a bhí idir sin agus streachailt an té a bhí i ngreim an éadóchais de bharr theip a chuid iarrachtaí arís is arís eile, agus meabhraíonn don léitheoir gur ‘fonn a níos fiach’.  Bhainfí tástáil as neart Lewis i dtaobh a dhearcaidh ar an bhfulaingt níos déanaí ina shaol pearsanta nuair a cailleadh a bhean, Helen Joy Gresham (neé Davidman), le hailse.

Sa saothar Miracles, deir Lewis go ndéanann formhór na nua-aoisithe (cuid den chléir san áireamh) talamh slán de nach dtarlaíonn míorúiltí beag ná mór. Déanfaidh an duine a sheacht ndícheall teacht ar mhíniú agus ar leithscéal chun aon chaint ar mhíorúiltí a chur ó dhoras agus a chur ó mhaith – cé gur léir don dall nach bhféadfadh ach míorúilt a bheith i gceist i roinnt cásanna.

Míthuiscint is cúis leis seo uaireanta, a deir Lewis; má thiteann gloine ó láimh duine, brisfidh sé ina smidiríní nuair a bhuailfidh sé faoin talamh, ach má bheireann duine eile air roimhe sin, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil dlí na himtharraingthe curtha ar ceal; is amhlaidh a tharla eachtra a chuir an dlí sin ar fionraí.

I gcaibidil dar teideal ‘A Few Red Herrings’, pléann Lewis breith Chríost agus an caitheamh anuas a dhéantar ar Iósaef maidir lena easpa tuisceana ar ‘fíricí na beatha’ mar dhea. ‘Iósaef bocht’, a deir na nua-aoisithe, ‘is léir gur duine simplí a bhí ann má cheap sé gur ina maighdean a bhí a bhean agus í ag súil. Agus mo thrua an té a ghlacann leis an leagan sin den scéal.’

Freagra Lewis air seo? Matha 1:19, áit a ndeirtear linn go raibh Iósaef á phrapáil féin chun imeacht ó Mhuire agus colscaradh a fháil go discréideach nuair a thuig sé go raibh sí ag súil le leanbh:

Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal (Ó Fiannachta).

‘B’fhéidir go mbeadh rudaí áirithe ar eolas ag gínéiceolaí nach mbeadh ar eolas ag Iósaef, ach sin scéal thairis; thuig sé firicí na beatha’.

Filleann Lewis ar Dhlí an Nádúir agus ar an méid a deirtear fúthu siúd a chreideann i míorúiltí: ‘is léir nach dtuigeann siad Dlí an Nádúir’. Casann Lewis an argóint seo droim ar ais agus deir gurb é an t-aon duine a d’fhéadfadh míorúilt a aithint ná an té a thuigeann Dlí an Nádúir, agus a thuigeann i gceart é, óir ní míorúilt a bheadh ann in éagmais an Dlí chéanna.

‘A genial return to orthodox Christian doctrine’ an cur síos atá déanta ag an Ollamh Louis Markos ar ‘mhisean’ Lewis. Ceiliúradh a dhéanamh ar an méid a chreideann Críostaithe i bpáirt lena chéile an gad ba ghiorra dá scornach tar éis dó iompú ar an gCríostaíocht.

Intleachtóir agus aighneastóir den chéad scoth a bhí ann, a thug dúshlán na ndaoine a ghlacann gan cheist le dearcadh iar-Eagnaíochta, iar-Dharwineach, iar-Fhreudach den saol.

Ainneoin blaiseadh den ‘fhaoistiniúlacht’ a bheith ag roinnt lena shaothair – agus tuin uamhal dá réir iontu – ní chuireann sé aon fhiacail ann agus é ag cosaint leagan ortadacsach den Chríostaíocht. Ar an ábhar sin, ní gan míshuaimhneas áirithe a léas féin na saothair seo.

Éalú uathu an fonn is mó a bhí orm tar éis dom iad a léamh agus, sa mhéid sin, meabhraíodh dom, ar bhonn pearsanta, buntráchtas Lewis: gur ‘reibiliúnaí’ é an duine ‘ar gá dó a chuid airm a thabhairt uaidh’ agus géilleadh do thoil Dé.

Trí bhíthin na loighce, an réasúin agus na hintleachta a tháinig sé ar ais go dtí an creideamh. Próiseas mall, pianmhar a bhí ann ach, más fíor dó féin, ba tríd an gcreideamh amháin a d’éirigh leis suaimhneas intinne agus croí a fháil; faoi mar a scríobh sé i ndeireadh a dhírbheathaisnéise, ‘amach ó dhorchadas an ainchreidimh – fearann na scáile – agus isteach i solas na réalaíochta.’