‘But isn’t it Connemara?’ – is ea agus cead clamhsáin againn chomh maith le haon dream eile!

Ní cheart a bheith ag déanamh de dhaoine i gConamara a bheith ag cur cosa i dtaca faoi phlódú rothar agus faoi Bhealaí Glasa

Rothair Rothaíocht

‘But isn’t it Connemara?’ – sin tuairim a d’airigh mé i gcathair na Gaillimhe faoi chaint an Chomhairleora Seosamh Ó Cualáin faoi cheist na rothaíochta sa taobh sin tíre.  Is furasta an abairt sin a aistriú – ar chuile bhealach!  Dúirt an Comhairleoir Ó Cualáin le gairid go bhfuil sé thar am bac nó stop a chur le grúpaí móra rothaíochta ar bhóithre Chonamara.  Ag cur lena chás, mhínigh an Comhairleoir Ó Cualáin go raibh cuimse grúpaí ag tarraingt ar Chonamara anois le haghaidh seáirsí rothaíochta agus ní áit chóiriúil é lena n-aghaidh sin, a deir Joe.  Tá na bóithre róchúng agus tá muintir na háite sáraithe ag iarraidh a dhul thimpeall ar na rothaithe seo agus a mbealach a dhéanamh chuig an obair nó pé ar bith gnó atá ar bun acu.

‘But isn’t it Connemara?’ a deir fear na Gaillimhe.  Is dóigh gurb é sin an pointe, ar bhealach eile, a bhí ag Seosamh Ó Cualáin.  ’Sé Conamara é agus tá na bóithre  go dona, cúng, casta agus dainséarach.  Ní fheileann sé, a deir sé, go mbeadh na scórtha agus na céadta corruair ag rothaíocht ina ngrúpaí.  Ceart go leor, ní bheadh locht ar dhuine no ar chúpla duine in éineacht; ní tranglam é sin.

Tá cúpla athrú saoil tagtha aniar aduaidh ar Chonamara sa gcás seo.  Ar an gcéad iarraidh, tá i bhfad Éireann níos mó daoine ag rothaíocht i ngrúpaí ná a bhíodh sna blianta a caitheadh.  Áirítear go bhfuil dochar déanta ag an rothaíocht do na cumainn ghailf, mar shampla. 

Ach a bhfaighidh tú rothar réasúnta níl mórán eile costais ag baint leis an gcineál seo caitheamh aimsire agus is ceird fholláin í. I gcathair na Gaillimhe, cur i gcás, tá méadú mór ar an lear daoine atá sna cumainn rothaíochta.  Ní cosúil go mbacann siad mórán le sciuird a thabhairt amach faoin tír in oirthear an chontae agus díríonn siad a gcompás go mór ar Chonamara.   

‘But isn’t it Connemara?’

Is dóigh go mbíonn baol ann i chuile cheantar a bhfuil turasóirí ag díriú air go ndéantar roinnt neamhshuime do mhuintir na háite féin atá ina gcónaí ansin ar feadh na bliana uilig.   Ní bhíonn baint, beag ná mór, ag cuid mhaith de mhuintir Chonamara le tionscal na turasóireachta.  Chuile sheans, mar shampla, gurb in rud nár chuir Fáilte Éireann féin san áireamh nuair a bhuaileadar faoi fhorbairt an chúrsa rothaíochta agus siúlóide as Uachtar Ard i dtreo an Chlocháin.  Is cosúil go raibh an dearcadh ann go gcuideodh an cosán seo – an Bealach Glas mar a tugadh air – go mór leis an turasóireacht i gConamara agus go mbeadh sruth mór tacaíochta taobh thiar de.  Ach ba ghearr go bhfacthas nach raibh a gcosa beaga ag rith ó chuid den phobal ag tacú leis an mBealach Glas agus níl mórán dul chun cinn déanta ar an iarracht go fóill.

‘But isn’t it Connemara?’

’Sé Conamara ceart go leor é ach maireann pobal an cheantair ann ó Lá Coille go Lá Coille agus níl mórán difríochtaí idir a gcuid mianta agus mianta daoine eile ar fud na tíre. 

An féidir a shamhlú go gcuirfeadh feilméaraí láidre i lár na tíre mórán fáilte roimh chosán siúlóide a thabharfadh na céadta – nó na mílte – ag spaisteoireacht gar don doras dúnta, nó gar do pháirc na mba bainne? 

Agus cár fhága tú an chathair?  Nach cuimhneach linn uilig daoine aitheanta agus deisiúla ag dul chug an Ard-Chúirt ag sárú faoi úinéireacht lán do ghlaice de phíosa talún a bhí fásta fiáin i gceantar ardnósach i mBaile Átha Cliath?  Tá deacrachtaí ag an gCumann Lúthchleas Gael le fada agus iad ag iarraidh córas soilse a chur i bPáirc an Phiarsaigh i nGaillimh.  B’éigean ceolchoirmeacha Garth Brooks a chur ar ceal i bPáirc an Chrócaigh nuair a chuir na céadta daoine sa gceantar agóidí isteach chuig an údarás pleanála.  Agus tá daoine ag déanamh iontais de dhaoine i gConamara a bheith ag cur cosa i dtaca faoi phlódú rothar agus faoi Bhealaí Glasa?

‘But isn’t it Connemara?’

Bhuel, seo é Conamara agus déarfar gur cheart don phobal cur suas le hathruithe saoil ar nós plódú rothar agus daoine ag siúl ar Bhealaí Glasa gar don doras dúnta; sin ar mhaithe le cur chun cinn na háite uilig, a deirtear. Déarfar gur cheart go mbeadh dearcadh fadbhreathnaitheach ag daoine i gConamara ar an saol.  Ach ní shiúlfaidh tú i bhfad taobh amuigh de Chonamara nó go bhfeicfidh tú nach mbíonn an dearcaadh seo i mórán áiteanna eile, ach an oiread.  Ní de thimpiste a tháinig an téarma NIMBY (not in my back yard) isteach sa bhfoclóir neamhoifigiúil – agus ní i gConamara a leagadh síos an múnla don NIMBY an chéad uair. 

Go cinnte, tá buntáistí móra ag baint leis an turasóireacht i gConamara ach tá a mhíbhuntáistí féin ag baint leis an tionscal sin freisin.   Níor mhaith le duine ar bith go mbeadh tuilleadh rialacha ag baint le himeachtaí poiblí ach san am céanna teastaíonn srianta áirithe ar phlódú ar bhóithre Chonamara.   Tá idir cheisteanna sábháilteachta na ndaoine atá páirteach sna himeachtaí sin agus chearta phobal na háite i gceist – agus ní beag an méid sin.