‘Bunsprioc an Achta Gaeilge aontachtóirí a bhrú amach’ — Allister

Tá sé in am deireadh a chur leis na hiarrachtaí atá ar bun Stormont a athbhunú agus glacadh le riail dhíreach ó Westminster – Jim Allister

‘Bunsprioc an Achta Gaeilge aontachtóirí a bhrú amach’ — Allister

Is í bunsprioc an Achta Gaeilge atá á éileamh ag Sinn Féin agus pobal na Gaeilge ó thuaidh aontachtóirí “a bhrú amach” as an tseirbhís phoiblí sa Tuaisceart, dar le ceannaire an TUV, Jim Allister.

Tá ráite cheana ag Allister, a sheasann go láidir in aghaidh na reachtaíochta teanga, gurb í an bhunsprioc atá leis an Acht atá molta an Tuaisceart a “dhíBhriotanú”.

Dúirt Allister inniu go bhfuil sé in am deireadh a chur leis na hiarrachtaí atá ar bun le hocht mí Stormont a athbhunú agus glacadh le riail dhíreach ó Westminster.

Dúirt sé go bhfuil an baol ann go ngéillfeadh an DUP d’éileamh Shinn Féin ar Acht Teanga agus iad “i mbarr a gcéille” ag iarraidh greim a choinneáil ar an gcumhacht atá acu i Stormont.

“B’fhearr i bhfad é don phobal trí chéile dá n-admhódh na polaiteoirí nach n-oibreoidh Stormont go brách. Tá cúis shimplí leis sin — níl Sinn Féin i Stormont lena chinntiú go mbeadh Tuaisceart Éireann ag feidhmiú mar is ceart, a mhalairt atá fíor. Mar sin, ní oibreoidh córas atá ag brath orthusan a bheith ina lár go deo.

“Tá rialtas uainn. Murar féidir é a fháil ó Stormont, agus is léir nach féidir, caithfidh Westminster é a chur ar fáil. Goillfidh dúnadh Stormont ar na polaiteoirí atá ag fáil tuarastail uaidh, ach dáiríre píre, ní dóigh liom go dtabharfaidh an pobal faoi deara é. Ar airigh duine ar bith uathu é le sé mhí anuas?” a dúirt sé.

Dúirt sé gur contúirtí i bhfad an baol go ngéillfeadh an DUP d’Acht Gaeilge, agus an baol go mbeadh géilleadh breise i gceist ina dhiaidh sin, “mar a dúirt Arlene Foster féin” ina trácht faoi “bhia a thabhairt do chrogaill”.

Agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici ag tús Feabhra, dúirt Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Dúirt sí ag an ócáid chéanna nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge agus chuir sí Sinn Féin agus a n-éileamh ar leithéid d’Acht, i gcomparáid le ‘crogaill’.

“Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí agus í ag tagairt d’éileamh Shinn Féin ar Acht Teanga.

“Caithfidh aon aontachtóir a chuireann in aghaidh dhíBhriotanú Thuaisceart Éireann diúltú scun scan d’Acht Gaeilge, cibé Acht a sheasfadh leis féin nó a bheadh faoi cheilt in ‘Acht Cultúir’,” a dúirt Allister.

Fág freagra ar '‘Bunsprioc an Achta Gaeilge aontachtóirí a bhrú amach’ — Allister'

  • Breathnóir

    Bunsprioc Jim Allister ná rudaí gránna diúltacha a rá. Níor chuala mé Allister ag rá rud ar bith dearfach riamh. B´fhéidir nach fiú an oiread sin aird a thabhairt air. Is beag tábhacht ná cumhacht atá ag baint lena pháirtí, an TUV, ar scor ar bith.