‘Bunaítear fiosrúcháin anseo in áit tabhairt faoin obair mar ba chóir. An bhfuil an ceart agam?’ arsa an t-iriseoir Sasanach

Fios Feasa – dá leigheasfadh fiosrúcháin fadhbanna, ní bheifí á síorbhunú

‘Bunaítear fiosrúcháin anseo in áit tabhairt faoin obair mar ba chóir. An bhfuil an ceart agam?’ arsa an t-iriseoir Sasanach

Ní raibh mé i dtír cosúil leis an tír seo riamh,” arsa iriseoir Sasanach liom. Bhí sé ag caint agus bunú an choimisiúin a fhiosróidh cás léanmhar ‘Grace’ á phlé aige liom Dé Céadaoin.

Arsa mo dhuine:

Nuair a thagann scéal uafásach chun solais in Éirinn, ní théann na Gardaí i mbun oibre. Ní chúisítear duine ar bith de ghnáth. Nó, má chúisítear, ní thagann an cás os comhair cúirte go dtí go mbíonn dearmad déanta ag gach duine ar an gcúis náire a bhain leis.

Ní hamháin sin. Ní éiríonn duine ar bith as a phost in Éirinn. Ní bhristear duine ar bith as a phost. Céard a tharlaíonn? Cuirtear coiste i mbun fiosrú fada, rud a dheimhníonn go mbíonn moill i gceist ar feadh blianta. Idir an dá linn, cuirtear bac ar na cineálacha céimeanna a thabharfaí i gcás aon chúis náire a bheadh le fiosrú i dtíortha eile.”

Is iad na céimeanna a bhí i gceist ag mo dhuine ná

1. Go gceisteodh na póilíní daoine
2.  Go mbeadh daoine áirithe cúisithe
3.  Go gcuirfí ar a dtriail na daoine sin
4. Go gcuirfí i bpríosún iad nó go ngearrfaí fíneáil orthu, sin nó go bhfaighfí neamhchiontach iad.

Nílim ag rá nár chóir fiosrúcháin a chur ar bun riamh. Ach feictear dom go mbunaítear anseo iad in áit tabhairt faoin obair a ba chóir a dhéanamh gan mhoill. An bhfuil an ceart agam?” arsa an t-iriseoir Sasanach.

D’fhéadfaí freagra amháin a thabhairt gan stró ar an gceist dheireanach sin a chuir mo dhuine orm.

Ní bhíonn gach fiosrú uafáis ná gach iniúchadh ar scéalta náireacha thar mholadh beirte i gcónaí i dtíortha eile ach an oiread. Ach níorbh fhiú trácht ar a leithéid.

B’fhearr go mór díriú ar bhunéirim na ceiste. Léirigh tuairisc a rinne mo leathbhádóir in RTÉ, Justin McCarthy Dé Céadaoin go bhfuil 14 coimisiún nó coiste fiosrúcháin de chineál éigin i mbun oibre faoi láthair, nó ar tí dul i mbun oibre.

Liosta na bhfiosrúchán

1. Tithe Máithreacha agus Leanaí
2. Cás ‘Grace’ agus páistí altrama eile
3. Cás an tSáirsint McCabe (Binse Fiosrúcháin Charleton)
4-10. Seacht gcás eile a bhaineann leis na Gardaí (Coimisiún O’Higgins san áireamh)
11. Cás Siteserv, a cheannaigh Denis O’Brien ó NAMA
12. NAMA agus cás ‘Project Eagle’ ó thuaidh
13. Díolachán na dticéad Oilimpeach
14. Tragóid Stardust

Oireann bunú fiosrúcháin do gach rialtas. Tagann scéal náireach chun solais. Cuirtear ceisteanna crua ar airí mar gheall ar a ndearna siad féin nó daoine eile, nó mar gheall ar fhaillí a chuirtear ina leith. Ach a luaithe a fhógraítear bunú fiosrúcháin, cuireann airí, an freasúra i dTeach Laighean agus formhór na meán an t-ábhar náire ba chúis le bunú an fhiosrúcháin i leataobh.

Ina dhiaidh sin, deimhníonn saothar mall tomhaiste an fhiosrúcháin gur fada go gcuirtear mórán brú ar fhinnéithe. Uaireanta, ‘cailltear’ cáipéisí nó fianaise. Dá ghéire an tuairisc a eisítear faoi dheireadh, ní féidir fianaise ar bith aisti ná tuairim ar bith a nochtann cathaoirleach an fhiosrúcháin inti a úsáid i gcúirt in aon chor.

Caithfear na céadta milliún euro ar na coimisiúin, na coistí agus na binsí fiosrúcháin éagsúla atá gníomhach faoi láthair, nó ar tí tosú. Ní chiontófar duine ar bith de thoradh fhormhór na dtuairiscí a fhoilseoidh siad, dá fheabhas iad.

Chuir an t-iriseoir Sasanach ceist réasúnta. Ba chóir go mbeifí ábalta freagra níos sásúla a thabhairt ar a ndúirt sé. Ba chóir go bhféadfaí tabhairt faoi fhiosrúcháin agus faoi athruithe riachtanacha níos luaithe agus níos minice. Agus ba chóir go ndéanfaí an obair ar chostas níos ísle.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar '‘Bunaítear fiosrúcháin anseo in áit tabhairt faoin obair mar ba chóir. An bhfuil an ceart agam?’ arsa an t-iriseoir Sasanach'

  • Fearn

    Cuir i gcuimhne dom arís cad a tharla i dtír an iriseora úd i gcás Dhomhnach na Fola i nDoire, nó Sheisear Bhirmingham, nó Thubaist Hillsborough, 7rl, 7rl.