Buíon ‘Gliairí na hAltóra’ bunaithe ag an eaglais shoiscéalach is mó sa Bhrasaíl

Dírithe ar an Teagasc Críostaí atá ‘Gliairí na hAltóra’ de réir Eaglais Uilíoch Ríocht Dé, ach tá fiosrúchán curtha ar bun ag ionchúisitheoirí poiblí i stáit éagsúla sa tír

Templo_de_Salomão_-_1

An lá cheana, bhí grianghraf ar chéad leathanaigh cuid mhaith nuachtán sa Bhrasaíl a bhainfeadh siar as aon duine ar cás leis caoinfhulaingt, daonlathas agus scaradh eaglaise agus stáit.

Is éard a bhí sa ghrianghraf ná buíon fear faoi éide throda, féachaintí fuara ar a n-aghaidh agus ceannlíne os a gcionn a d’fhógair gurb iad ‘Gladiadores do Altar’ – ‘Gliairí na hAltóra’ mar a thabharfadh na foclóirí Gaeilge orthu – buíon leathmhíleata a bhunaigh an eaglais shoiscéalach is mó sa Bhrasaíl, an Igreja Universal do Reino de Deus (‘Eaglais Uilíoch Ríocht Dé’), le gairid. 

Cuireadh buíonta ar bun i gcathracha éagsúla sa tír. Tá slógadh ceann acu le feiceáil san fhíseán seo.

Deir Eaglais Uilíoch Ríocht Dé gur eagraíocht shíochánta atá in ‘Gliairí na hAltóra’ atá dírithe ar an Teagasc Críostaí agus gur ráiméis atá i líomhaintí i meáin na Brasaíle go mbeadh gnéithe faisisteacha ag baint léi. 

Mar sin féin, beidh an eagraíocht á fiosrú ag na hionchúisitheoirí poiblí i roinnt de na stáit sa Bhrasaíl.

Tá sin á dhéanamh ar iarratas ó cheannairí dhá reiligiún Afra-Bhrasaíleacha, an Candomblé agus an Umbanda, a chuir ‘Gliairí na hAltóra’ i gcomparáid le heagraíochtaí sceimhlitheoireachta ar nós an Stáit Ioslamaigh sa Mheánoirthear agus Boko Haram sa Nigéir.

Tá fuath á chothú do na reiligiúin Afra-Bhrasaíleacha ag Eaglais Uilíoch Ríocht Dé le fada an lá ina cuid seirbhísí eaglasta, agus praeitseálaithe de chuid na heaglaise ag maíomh go rialta go bhfuil baint idir na reiligiúin Afra-Bhrasaíleacha agus ‘an t-olc’.

‘Tá faitíos orainn toisc go bhfuil ionsaithe fisiciúla á ndéanamh ag baill de chuid na heaglaise seo orainn ar feadh na mblianta,” a dúirt Sivanilton Encarnação da Mata, ceannaire de chuid an chreidimh Afra-Bhrasaíligh Candomblé, leis na meáin maidir le ‘Gliairí na hAltóra’.

Anuraidh, rinne buíonta soiscéalacha ionsaithe ar roinnt teampaill Afra-Bhrasaíleacha i gcathair Rio de Janeiro. 

De réir figiúirí ón daonáireamh deireanach, a reáchtáladh sa bhliain 2010, ba shoiscéalaigh iad 22 faoin gcéad de mhuintir na Brasaíle. 

Tá a líon ag fás. De réir phobalbhreithe de chuid an chomhlachta Datafolha a rinneadh díreach roimh chuairt an Phápa Proinsias ar an mBrasaíl sa bhliain 2013, ba shoiscéalaigh iad 27 faoin gcéad de dhaonra na tíre um an dtaca sin. 

Caitlicigh ba ea iad 57 faoin gcéad de mhuintir na Brasaíle de réir na pobalbhreithe céanna. 

Bíonn sé deacair lucht leanta na gcreideamh Afra-Bhrasaíleacha a mheas go cruinn toisc go mbíonn drogall ar dhaoine a rá go bhfuil baint acu leis na reiligiúin seo, ar dearnadh leatrom orthu ar feadh na gcéadta bliain. 

Fág freagra ar 'Buíon ‘Gliairí na hAltóra’ bunaithe ag an eaglais shoiscéalach is mó sa Bhrasaíl'