‘Buille mór eile do mhuintir Chonamara’ -ísliú ar theorainn luais á mholadh

Róchaol, róchúng agus róchasta atá bóithre Chonamara, dar le Bonneagar Iompair Éireann

‘Buille mór eile do mhuintir Chonamara’ -ísliú ar theorainn luais á mholadh

Róchaol, róchorrach agus róchasta. Sin é barúil Bonneagar Iompair Éireann (TII) de bhóthar an N59 – an príomhbhóthar as Gaillimh chun an Chlocháin agus as sin ó thuaidh don Líonán. ’Sé an toradh atá ar seo anois ná go bhfuil an teorainn luais le sliú ar an gcuid is mó den N59 as Uachtar Ard siar chomh fada le teorainn Mhaigh Eo.

Thug feidhmeannaigh Chomhairle Contae na Gaillimhe tuairisc do Chomhairleoirí Contae Chonamara an tseachtain seo faoin bplean atá ann anois leis an teorainn luais 100 ciliméadar (60 míle) san uair a laghdú go dtí 80 ciliméadar (50 míle) san uair ar chuid mhór den N59. 

Dúirt urlabhraí ó Ghrúpa Gnímh an N59 gur “buille mór eile do mhuintir Chonamara” an t-ísliú atá á mholadh ar an teorainn luais.

“‘Speáineann an cor is deireanaí seo sa scéal go bhfuil dochar mór déanta do cheantar Chonamara agus do phobal Chonamara de bharr na moille atá curtha ar an obair cheart forbartha ar an N59 leis na blianta.  Níl de fhreagra ar an bhfeall seo atá déanta ar phobal Chonamara anois ag údaráis na mbóithre ach ísliú céime a thabhairt don N59. 

“D’fhág faillí údaráis na mbóithre gur fágadh an bóthar róchúng agus gur fágadh drochbhail ar dhromchla an bhóthair.

Ansin nuair a féachadh le caoi a chur air tháinig cúrsaí timpeallachta sa mbealach ar an bplean forbartha. Muintir Chonamara atá thíos leis uilig anois agus beidh Grúpa Gnímh an N59 ag neartú ar a gcuid iarrachtaí ar mhaithe le forbairt an bhóthair,” a dúirt urlabhraí Ghrúpa Gnímh an N59.

Tháinig an scéala seo faoin teorainn luais aniar aduaidh ar chomhairleoirí Chonamara ag cruinniú de Chomhairle Bhardasach Chonamara i nGaillimh.  Míníodh do na comhairleoirí go bhfuil an TII ag scrúdú na dteorainneacha luais ar bhóithre a bhfuil an stádas náisiúnta acu agus nach raibh seans ar bith ann go gcoinneofaí an teorainn luais 100 ciliméadar san uair – an ghnáththeorainn luais a bhíodh ar bhóithre náisiúnta Grád 2 – ar an N59 i gConamara.

Trí shlat tomhais atá leagtha síos ag TII le teacht ar na teorainneacha luais ar bhóithre den ghrád ‘Náisiúnta’: leithead an bhóthair, an chompóird tiomána agus an lear timpistí atá ar an mbóthar.

Cé nach raibh aon tuairisc ar leith ar an lear timpistí – dúirt an Comhairleoir Seosamh Ó Cualáin nach raibh an scéal gafa tada chun donais le blianta beaga anuas – bhí an N59 i bhfad faoin gcaighdeán ar an dá ábhar eile – leithead agus caighdeán an dromchla.

Dá réir sin uilig, tá moltaí ann anois nach bhféadfaí tada le cois leathchéad míle san uair siúil a dhéanamh ar an N59 idir Uachtar Ard agus an Clochán agus as sin amach don Líonán. Píosa amháin den bhóthar sin a thiocfaidh slán ón athrú agus sin é an stráice atá ag síneadh siar ó Ionad Dan O Hara i dtreo an Chlocháin, an píosa nua a tógadh ón leic aníos beagán blianta ó shin.

   

Dúirt an Comhairleoir Eileen Mannion as an gClochán go mba dhona go deo an cás é go raibh an laincis bhreise seo dá chur ar mhuintir Chonamara anois. “I leaba a  bheith ag cur cromnaisc orthu ba chóir don TII airgead a chur ar fáil le caitheamh ar fhorbairt cheart ar an N59,” a dúirt sí. 

Mhol an Comhairleoir Mannion ansin go scríobhfadh Comhairle Contae na Gaillimhe ar ais chuig an TII agus go ndéarfaí leo gurbh fhearr dóibh – an TII – béim láidir a leagan ar fhorbairt an N59 “seachas a bheith ag leagan ar mhuintir Chonamara aríst”.   

Chuidigh an Comhairleoir Seosamh Ó Cualáin leis an moladh sin. Tá an moladh sin le dhul ar aghaidh chuig an TII, ach ní cosúil gur féidir mórán d’athrú a chur ar a n-intinn siúd má choinníonn siad leis na rialacha atá leagtha síos acu. 

Ceaptar anois go gcuirfear na moltaí do theorainneacha luais ar an N59 amach ar taispeáint go poiblí sa samhradh.

Níos túisce sa gcruinniú tugadh tuairisc do na comhairleoirí go bhfuil conraitheoir roghnaithe le dromchla nua a chur ar an N59 siar i dtreo na Léime – achar 10 ciliméadar– agus gur dóigh go dtosófar ann i dtús mhí Iúil. Ach, ní thabharfadh an obair sin caighdeán an N59 go dtí an stádas a theastódh leis an teorainn luais 80 ciliméadar san uair a choinneáil mar nach bhfuil an bóthar le leathnú. Bhí sé i gceist an bóthar a leathnú agus a dhíriú faoi théarmaí na hoibre a cheadaigh an Bord Pleanála in 2013 ach tá an tionscnamh sin stoptha ó shin ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ar chúiseanna timpeallachta.

Tarraingíodh anuas an meascán mór teorainneacha luais ar an mbóthar ó dheas amach as Gaillimh freisin agus dúirt na comhairleoirí Tomás Ó Curraoin, Seán Ó Tuairisc agus Seosamh Ó Cualáin gur deacair do thiománaithe cuntas a choinneáil orthu. Níl, mar shampla, stráice ar bith ar féidir 80 ciliméadar a dhéanamh air idir an Poitín Stil agus cathair na Gaillimhe anois; tiomáint mhall uilig atá i gceist. Dúirt Seán Ó Tuairisc gurb é bun agus barr an scéil anois ná nach bhfuil an bóthar ó dheas – an R336 – in ann chuig an lear tráchta agus athrú saoil atá tagtha ar Chois Fharraige agus as sin soir  go Gaillimh. Baineann, a deir sé, an bóthar le ré eile.

Bhí na comhairleoirí ar aon fhocal gurbh fhearr tosú as an nua agus féachaint le teacht ar shocruithe áitiúla faoi chúrsa a bheadh feiliúnach le haghaidh bóthar nua ó dheas.

Fág freagra ar '‘Buille mór eile do mhuintir Chonamara’ -ísliú ar theorainn luais á mholadh'