Buille do Dhún na nGall gan fáil a bheith acu ar Mhac Niallais in 2017

Tá sé deimhnithe ag fear Ghaoth Dobhair tráthnóna nach mbeidh sé ar fáil d’fhoireann peile Dhún na nGall i mbliana

Buille do Dhún na nGall gan fáil a bheith acu ar Mhac Niallais in 2017

Tá drochscéala ag foireann peile Dhún na nGall tráthnóna agus é deimhnithe ag fear na Gaeltachta Odhrán Mac Niallais, nach mbeidh sé ar fáil don fhoireann in 2017.

Bhí ráflaí ann le tamall anuas go raibh fear Ghaoth Dobhair chun seasamh i leataobh i mbliana agus dheimhnigh sé an méid sin tráthnóna.

“Ní raibh aon titim amach agam leis an lucht bainistíochta nó leis na himreoirí nó dada; cúiseanna pearsanta amháin is cúis leis,” a deir Mac Niallais agus é ag labhairt leis an Donegal Democrat.

Bhí scuad Dhún na nGall ar ais i mbun traenála le roinnt seachtainí anuas, ach níor ghlac Mac Niallais aon pháirt san ullmhúchán d’fheachtas na bliana 2017, rud a spreag luaidreáin go raibh sé chun sos a thógáil ón imirt.

Is buille mór a bheidh ann do bhainisteoir Dhún na nGall Rory Gallagher mar ba chuid thábhachtach den fhoireann é Mac Niallais a d’imir dá chontae den chéad uair in 2012. Is in 2014 a bhain sé clú amach nuair a bhí ról lárnach aige ar fhoireann na gConallach a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann. Fuair sé ainmniúchán do ghradam All-Star an bhliain chéanna.

Is é Mac Niallais an dara himreoir a rinne cinneadh le cúpla seachtain anuas seasamh i leataobh ón bhfoireann idirchontae. Rinne Leo McLoone an cinneadh céanna cúpla seachtain ó shin agus deirtear go bhfuil amhras ann an dtiocfaidh comhghleacaí club McLoone, Anthony Thompson, ar ais in 2017 ach an oiread. Bhuaigh beirt Naomh Conaill boinn uile-Éireann in 2012.

Cuirfidh Dún na nGall tús le feachtas 2017 an Domhnach beag seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ollscoil Uladh i gCorn Mhic Cionnaith.

Fág freagra ar 'Buille do Dhún na nGall gan fáil a bheith acu ar Mhac Niallais in 2017'