Buanna stairiúla ag Cloich Cheann Fhaola agus Oileáin Árann le linn deireadh seachtaine mór peile sa Ghaeltacht

Imríodh cluichí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i nDún na nGall, i nGaillimh agus i Maigh Eo ag an deireadh seachtaine, chomh maith le cluichí i gCraobh Idirmheánach agus i gCraobh Shinsir na gClubanna i gCiarraí

Buanna stairiúla ag Cloich Cheann Fhaola agus Oileáin Árann le linn deireadh seachtaine mór peile sa Ghaeltacht

Agus an comórtas cáilithe á reáchtáil ar a bpáirc féin, bhain foirne sinsir agus sóisear Chloich Cheann Fhaola áit amach i gcluichí ceannais Dé Luain, ach is iad na sinsir amháin a bheidh ag dul ar aghaidh go Comórtas Peile na Gaeltachta i dTuar Mhic Éadaigh an samhraidh seo.

Cé gur theip ar an bhfoireann shóisir níos luaithe sa tráthnóna, thug Chloich Cheann Fhaola corn na sinsear leo tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghleann Fhinne sa chluiche ceannais, 0-11 in aghaidh 0-6.

Ba mhór an spreagadh dóibh taispeántas Denis Boyle sa gcluiche ceannais in aghaidh Ard an Rátha Dé Sathairn agus bhí Boyle go mór chun tosaigh i gcluiche an lae inné chomh maith. Dhá phointe dhéag a scóráil sé sa dá chluiche, cúig cinn sa chluiche ceannais ina measc.

Sa chomórtas sóisir, bhí bua cúig phointe, 2-15 in aghaidh 2-10, ag Naomh Náille ar an bhfoireann bhaile, Cloich Cheann Fhaola. Direadh roimh agus i ndiaidh leath ama a d’aimsigh Naomh Náille na cúil, ceann an duine ag Jamie Murray agus  Brendan McCole, an t-imreoir contae faoi 21, agus cé go ndearna Cloich Cheann Fhaola an-iarracht i dtreo dheireadh an chluiche, bhí a ndóthain déanta ag na buaiteoirí faoin am sin.

I gcluiche ceannais sinsir na mban, ba ghá am breise a imirt chun Gleann Fhinne agus An Tearmann a scaradh óna chéile. Bhí imreoirí an chontae in easnamh ar an dá fhoireann ach fiú gan fáil acu ar réalta Dhún na nGall, Geraldine McLaughlin, bhí An Tearmann ocht bpointe chun cinn go luath sa dara leath.

Rinne Gleann Fhinne teacht aniar dochreidte, áfach, agus chinntigh cúl Shinéad McGinty sa dara leath d’am breise go mbeadh an bua acu. Farasbarr sé phointe, 3-11 in aghaidh 1-11, a bhí acu ar deireadh.

Cillian Ó Conghaile, Oileáin Árann, sáinithe ag Ian Seoighe, An Cheathrú Rua

Comórtas sinsir na Gaillimhe buaite den chéad uair riamh ag Oileáin Árann

Bhuaigh Oileáin Árann comórtas cáilithe sinsir na Gaillimhe den chéad uair riamh inné nuair a d’éirigh leo an bua a fháil ar na hóstaigh, an Cheathrú Rua, sa chluiche ceannais. Bhuaigh na hoileánaigh comórtas náisiúnta na sóisear in 2014 agus in 2015 agus glacfaidh siad páirt anois sa phríomhchomórtas i dTuar Mhic Éadaigh mí an Mheithimh.

Dianchoimhlint a bhí ann idir na foirne agus Oileáin Árann dhá phointe chun cinn ag leath ama, 0-10 in aghaidh 1-5. Oisín Ó Gríofa a scóráil cúl na Ceathrún Rua. Ghlac Oileáin Árann ceannas ar an gcluiche sa dara leath nuair a d’aimsigh Oisín Ó hIarnáin cúl dóibh ach níor ghéill an Cheathrú Rua. Scóráil Ciarán Ó Cualáin an dara cúl dóibh déanach sa chluiche agus bhí deis aige an comhscór a aimsiú ach bhuail a iarracht an trasnán. Trí phointe  a bhí idir na foirne ag an deireadh, 1-14 in aghaidh 2-8.

Is iad Rinn Mhaoile buaiteoirí chomórtas shóisir na Gaillimhe den dara bhliain as a chéile. Chuaigh siad chomh fada leis an gcluiche ceannais sa chomórtas náisiúnta i mBaile Bhuirne anuraidh agus beidh siad i láthair i dTuar Mhic Éadaigh faoi cheann míosa tar éis dóibh Bearna a shárú i gcluiche ceannais an lae inné, 1-14 in aghaidh 1-12.

Bhí Bearna cúl chun cinn ag leath ama, 1-8 in aghaidh 0-8, ach léirigh Rinn Mhaoile an mianach atá iontu sa dara leath.

Béal an Mhuirthead agus Oileán Acla ag ceiliúradh i Maigh Eo

Is iad Béal an Mhuirthead seaimpíní sinsir Mhaigh Eo 2017 sa chomórtas áitiúil tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chill tSéadhna i gcluiche aisteach i gCill Chomáin Dé Domhnaigh, cluiche a raibh an-tionchar ag cóir na gaoithe air. Ocht bpointe chun cinn a bhí Béal an Mhuirthead ag leath ama, 0-11 in aghaidh 1-0, agus ba é cic éirice Adam Carrabine an t-aon scór a d’aimsigh Cill tSéadhna sa chéad leath sin.

Bhí rith an ráis le Cill tSéadhna sa dara leath, áfach. Ní raibh ach ceithre nóiméad fágtha, agus gan ach pointe amháin idir na foirne, 0-12 in aghaidh 1-8, nuair a d’aimsigh Ryan O’Donoghue cúl do Bhéal an Mhuirthead – scór na cinniúna.

Is iad foireann Oileáin Acla a bhí ag ceiliúradh i ndiaidh chluiche ceannais na sóisear tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhaile an Chaisil, 0-12 in aghaidh 0-10. Chuir na hoileánaigh roinnt mhaith iarrachtaí amú agus cé gur laghdaigh Baile an Chaisil an bhearna a bhí idir na foirne ag leath ama, 0-8 in aghaidh 0-3, bhí a ndóthain déanta ag Oileán Acla chun go mbeadh an lá leo.

Torthaí idir mhaith agus olc ag an nGaeltacht agus an Daingean

Tá áit bainte amach ag An Ghaeltacht i dTuar Mhic Éadaigh cheana féin ach bhí údar ceiliúrtha eile acu Dé Luain nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Ard Fhearta i mBabhta 2 de Chraobh Idirmheánach Chiarraí.

Chuir Ard Fhearta tús maith leis an gcluiche ach bhí An Ghaeltacht chun cinn ag leath ama, 1-3 in aghaidh 0-5, a bhuíochas de chúl Thomáis Uí Shé. Bhí an bhearna sin méadaithe go dtí ceithre phointe ag An Ghaeltacht taobh istigh de na chéad deich nóiméad den dara leath agus faoi dheireadh an chluiche, bhí siad 1-14 in aghaidh 0-12 chun cinn.

Ar an Domhnach, chuaigh an Daingean chun páirce in athimirt chluiche leathcheannais na gclubanna sinsir in aghaidh Léigiún Chill Airne. Go ar ghob a bhí na foirne den chuid is mó den chluiche agus cé gur aimsigh Paul Geaney cúl don Daingean leath bealaigh tríd an dara leath, ní raibh éirigh leis an fhoireann Gaeltachta riamh dul chun tosaigh ar fhoireann Chill Airne agus bua aon phointe amháin, 1-12 in aghaidh 1-11, a bhí ag an Léigiún.

Fág freagra ar 'Buanna stairiúla ag Cloich Cheann Fhaola agus Oileáin Árann le linn deireadh seachtaine mór peile sa Ghaeltacht'