‘Bualadh bos’ don Phríomhoide in áit ‘agóid’ i gColáiste Eoin

Mhínigh príomhoide na scoile Finín Máirtín, ag tionól na maidine i gColáiste Eoin, nár cuireadh ar ceal ceardlann ar an mbulaíocht homafóbach mar a tuairiscíodh inné

Coláiste Eoin

Tuigtear do Tuairisc.ie gur bhuail daltaí Choláiste Eoin a mbosa ag deireadh thionól na maidine sa scoil inniu tar éis do Phríomhoide na scoile, Finín Máirtín, a mhíniú dóibh nár cuireadh ar ceal ceardlann ar an mbulaíocht homafóbach a bhí le reáchtáil sa scoil.

Mhínigh an príomhoide do na daltaí gur ar athló a cuireadh an cheardlann fad is a bhí nósanna imeachta á leanúint i dtaobh ceisteanna tuismitheoirí faoi reáchtáil na ceardlainne.

Dúirt sé go ngabhfadh an cheardlann ar aghaidh agus dúirt sé go raibh Coláiste Eoin tuisceanach do chách agus go ndéanann an scoil gach iarracht pobal scoile uileghabhálach a chur chun cinn.

Tuairiscíodh go forleathan inné agus inniu gur cuireadh ceardlann a a bhí le tabhairt ag ShoutOut, grúpa a chuireann i gcoinne na bulaíochta homafóbaí, do dhaltaí na hidirbhliana ar ceal toisc go rabhthas buartha nach raibh cothrom na féinne á thabhairt do chaon taobh den cheist.

I ráiteas a d’éisigh Coláiste Eoin, dúradh gur cuireadh cumarsáid scríofa ó roinnt tuismitheoirí faoi bhráid Bhord Bainistíochta na scoile a léirigh a n-imní faoin gceardlann.

“Sa chomhthéacs seo, bhí sé de dhualgas ar an mBord aghaidh a thabhairt ar na nithe uile a éiríonn agus comhairle dá réir a lorg ó na forais bainistíochta comhairliúcháin Chaitliceacha atá ar fáil do scoileanna.

“Déanadh soiléir ó thús do ShoutOut nach raibh an cheardlann a bhí socraithe á cur ar ceal agus ní fíor gur amhlaidh atá.”

Dúradh freisin go bhfuil sé i gceist ag Coláiste Eoin cuireadh a thabhairt do ShoutOut an cheardlann a reáchtáil sa scoil le linn na bliana acadúla seo agus gur reáchtáladh ceardlanna dá leithéid sa scoil cheana gan “agóid nó ábhar eile ina leith”.

Bhí scéalta ar na meáin inné freisin go n-eagródh daltaí Choláiste Eoin agóid inniu faoi scéal na ceardlainne, ach tuairiscítear anois nár tharla a leithéid.

Fág freagra ar '‘Bualadh bos’ don Phríomhoide in áit ‘agóid’ i gColáiste Eoin'

  • Tuigim

    Ceannlíne ait.
    Tacaíocht don scoil ann.
    Cheapfadh duine ar dtús gur tacaíocht dóibh in ainneoin an mess inné a bhí ann.
    Ceannlíne: Ceardlann Ag Dul Ar Aghaidh níos fearr b’fhéidir?
    ‘Tuigtear do Tuairisc.ie’ = Thug an scoil eolas daoibh? Nó cé as a tháinig an t-eolas?
    Cé atá i gceannas ar an scoil? Na tuismitheoirí nó an príomhoide?
    Céard is brí le ‘tuisceanach do chách’?
    ‘toisc go rabhthas buartha’
    Cé atá i gceist san rabhthas sin?
    An bhfuil sé de dhualgas ar an mBord éisteacht le seafóid a chuireann daoine i mbaol? Nó a rá: cosnóimid ár ndaltaí?
    Níor tharla an Agóid mar tá an bua ag na daltaí & níos mó céille acu ná an Bord Bainistíochta. Sin Ceannlíne duit: Bua ag na Daltaí agus Cearta Daonna
    Cén chaoi an féidir le scoil Chaitliceach bheith ‘uileghabhálach’?