Buaiteoirí Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha sa Ghaillimh

Bhí 12 gnólacht istigh ar na catagóirí éagsúla do na gradaim a thugann aitheantas do ghnólachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe

Buaiteoirí Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha sa Ghaillimh

Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh buaite ag Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire. Bhronn an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, gradaim éagsúla Ghaillimh le Gaeilge in Óstán Bhóthar na Trá anocht.

Bhí 12 gnólacht istigh ar na catagóirí ar fad do na gradaim, a thugann aitheantas do ghnólachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe.

Bhuaigh Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire an mhórdhuais — pacáiste fógraíochta €2,000 sa Galway Advertiser, príomhurraitheoir na nGradam, chomh maith le pacáiste fógraíochta ar TG4 agus sraith ceardlann gnó.

Tá tábhacht ar leith ag baint le bronnadh Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana ó tharla go bhfuil an eagraíocht teanga ag ceiliúradh 30 bliain a bunaithe. Tá Gradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh 15 bliain ar an bhfód i mbliana.

“Bíonn muid ag tnúth go mór leis an ócáid seo chuile bhliain mar go dtugann sí deis dúinn an obair mhór dhátheangach atá déanta ag gnólachtaí agus ag eagraíochtaí na cathrach a thaispeáint agus a cheiliúradh. Is díol suntais an éagsúlacht mhór gnólachtaí a ghlacann páirt sa Ghradam, chomh maith leis an bhfiuchadh foinn agus an fuinneamh diongbháilte a chruthaítear agus gnó dátheangach á chruthú acu.

“Is cinnte go dtugann sé ardú croí agus misneach d’fhoireann Ghaillimh le Gaeilge. Spreagann sé muid cur le húsáid na Gaeilge i gCathair Dhátheangach na hÉireann agus a cáil mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 a threisiú tuilleadh,” a dúirt Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge.

Ba iad na buaiteoirí sna rannóga eile i mbliana:

Miondíol, urraithe ag Galway Bay FM:

Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire

Turasóireacht agus Fáilteachas, urraithe ag Fáilte Éireann:

The Connacht Hotel

Seirbhísí, urraithe ag Snap Galway:

Lorg Media

Comhlachtaí Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:

Carey Developments

Fág freagra ar 'Buaiteoirí Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha sa Ghaillimh'