‘Buaicphointe gairme’ a bheadh in agallamh le RnaG nó TG4 — tráchtaire polaitíochta Gael-Mheiriceánach

Dúirt Ed Morrissey, tráchtaire coimeádach i Stáit Aontaithe Mheiriceá, go bhfuil sé ag foghlaim na Gaeilge arís i ndiaidh 12 bliain agus gur bhreá leis a bheith páirteach i gclár Gaeilge

‘Buaicphointe gairme’ a bheadh in agallamh le RnaG nó TG4 — tráchtaire polaitíochta Gael-Mheiriceánach

Tá spéis ag an tráchtaire coimeádach Gael-Mheiriceánach, Ed Morrissey, agallamh a dhéanamh le clár cúrsaí reatha Gaeilge ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nó TG4.

Dúirt an tráchtaire polaitíochta lena 66,200 leantóir ar Twitter inné go raibh sé “ag cur sneachta i Minneapolis” agus go raibh “fuacht air”.

Nuair a d’fhiafraigh duine dá lucht leanta de faoina chumas sa Ghaeilge thug Morrissey, a bhíonn ag scríobh colúin don iris pholaitíochta ar líne Hot Air, le fios go bhfuil sé ag foghlaim na Gaeilge “arís” i ndiaidh 12 bliain.

Dúirt sé go mbíodh ar a chumas comhrá a dhéanamh as Gaeilge cúpla bliain ó shin agus go bhfuil sé i mbun staidéir arís le tamall anuas.

Nuair a moladh dó a spéis sa Ghaeilge a chur in iúl do leithéidí TG4 nó seirbhísí Gaeilge raidió RTÉ, dúirt Morrissey gur “buaicphointe gairme agus saoil” a bheadh ann agallamh a dhéanamh leis na craoltóirí náisiúnta Gaeilge, ach nach mbeadh sé ar a chumas faoi láthair a leithéid a dhéanamh.

Tháinig Morrissey chun cinn i ndiaidh chasadh na mílaoise lena bhlag pearsanta Captain’s Quarters, blag a raibh an-tóir ag lucht tacaíochta na bPoblachtach i Stáit Aontaithe Mheiriceá air. Mheall an blag go leor léitheoirí ó Cheanada in 2005 nuair a d’fhoilsigh Morrissey sonraí Choimisiún Gomery i gCeanada ar an mblag, cás a bhí faoi chosc ar na meáin i gCeanada ag an am.

Craoltar The Ed Morrissey Show beo Dé Máirt agus Déardaoin. Is é Morrissey féin a bhíonn sa chathaoir ar an gclár irise agus bíonn béim faoi leith aige ar chúrsaí polaitíochta agus cúrsaí nuachta.

Fág freagra ar '‘Buaicphointe gairme’ a bheadh in agallamh le RnaG nó TG4 — tráchtaire polaitíochta Gael-Mheiriceánach'