Buachaillí Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus ‘Naomh Pádraig’ na peile ag ceiliúradh arís!

Bhuaigh Pobalscoil Chorca Dhuibhne a dtríú craobh uile-Éireann Dé Sathairn nuair a thug an scoil Ghaeltachta leo Corn Paul McGirr

Buachaillí Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus ‘Naomh Pádraig’ na peile ag ceiliúradh arís!

Captaen na Pobalscoile, Franz Sauerland, ag glacadh le Corn Paul McGirr. Jack Birchall/Kildare Post

“Ó tháinig sé go dtí an Daingean, tá oiread déanta aige don pheil sa Daingean agus sa scoil agus an mhaitheas a dhein Naomh Pádraig nuair a tháinig sé go hÉirinn fadó!”

Sin an cur síos a rinne Micheál Ó Muircheartaigh ar an tionchar a bhí ag Éamonn Fitzmaurice ar chúrsaí caide i bPobalscoil Chorca Dhuibhne agus craobh uile-Éireann eile buaite ag an scoil Ghaeltachta ag an deireadh seachtaine.

Bhí an Muircheartach ag caint ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ RnaG, i ndiaidh don scoil ón Daingean Corn Paul McGirr, Craobh Shóisir A na hÉireann, a thabhairt leo i ndiaidh cath fíochmhar i gcoinne Choláiste Naomh Pádraig, Machaire Rátha Dé Sathairn.

B’éigean am breise a imirt chun na foirne a scaradh óna chéile agus ba iad buachaillí Chiarraí ag bhí ag ceiliúradh bua aon phointe amháin, 2-20 in aghaidh 4-13, ag deireadh na himeartha.

Rinneadh tagairt arís agus arís eile le linn an chomórtais seo do chroí agus do spiorad imreoirí na Pobalscoile agus bhí na tréithe sin go mór chun cinn arís sa chluiche ceannais.

Ag labhairt dó le Raidió na Gaeltachta i ndiaidh an chluiche, mhol Fitzmaurice mianach a gcuid imreoirí.

“Is laochra iad ach ní hé aon ionadh é sin dúinn mar bhíodar mar sin i rith an fheachtais ar fad. Gach cluiche a bhí againn, bhuamar ar shlí chrua iad, i gcoinne an Sem, i gcoinne Thrá Lí, i gcoinne an Ospidéil, lá fliuch thuas i gCnoc na gCaiseal. Nuair a thángamar  tríd sin, bhí a fhios againn go raibh seans an-mhaith againn ach arís bhí orthu an-spiorad a thaispeáint sa dara leath mar ní rabhamar go maith sa chéad leath agus bheadh an cluiche imithe ó ‘gang’ eile.”

Ní hé seo an chéad uair ag foireann na Pobalscoile tús lag a chur leis an imirt agus iad trí phointe chun deiridh ag leath ama. Dar leis na himreoirí féin, áfach, níor tháinig aon scaoll orthu le linn an bhrisidh.

“Bhí a fhios ag gach éinne nach raibh sé caillte againn mar tríd an mbliain ar fad bhíomar ag teacht ar ais ó shé phointe, ceithre phointe agus ní raibh ach trí phointe ann ag leath ama,” a dúirt an cosantóir Seán Óg Ó Mórán.

Luaigh captaen na Pobalscoile, Franz Sauerland, an tionchar a bhí ag an mbainisteoir ar an bhfoireann ag leath ama chomh maith.

“Bhí focail iontacha ag Éamonn dúinn sa seomra feistis ag leath ama. Sin a d’ullmhaigh sinn don dara leath agus d’am breise.”

“Bhí imní orm ach bhí a fhios agam go rabhamar níos láidre ná lucht an fhreasúra agus go rabhamar chun teacht ar ais agus an cluiche a bhuachan.”

D’aimsigh scoil an Daingin ceithre phointe ag tús an dara leath agus fiú nuair a scóráil Coláiste Naomh Pádraig cúl eile agus 40 nóiméad imeartha níor chuir an méid sin dá mbuille iad. D’aimsigh Dylan Ó Géibheannaigh cúl don Phobalscoil ar an bpointe boise.

Ní raibh mórán idir na foirne as sin go deireadh agus bhí an chuma ar an scéal, agus am cúitimh ann, go ndéanfadh cic saor Ruairí Uí Bheaglaoich an beart don Phobalscoil. D’aimsigh Alex Doherty cúilín eile do Choláiste Naomh Pádraig ó chic saor, áfach, rud a d’fhág go mbeadh am breise ann.

Bhí an Phobalscoil níos láidre sa chéad leath d’am breise ach cé go raibh siad cúig phointe chun cinn ag an mbriseadh, ní raibh deireadh déanta go fóill ag Coláiste Naomh Pádraig. Agus an t-am breise nach mór istigh bhí comhscór arís ann a bhuíochas cuid mhór le cic éirice. Níor aimsigh scoil an Daingin ach dhá phointe sa dara leath d’am breise ach chinntigh ceann acu sin, a scóráil Aodhán Ó Dubháin, go mbeadh an lá leis an bPobalscoil.

Ba é seo an chéad uair ag aon scoil ó Chúige Mumhan Corn Paul McGirr a bhuachan agus bhí ardmholadh ag príomhoide na scoile, Pádraig Firtéar, don fhoireann as ucht craobh uile-Éireann eile a thabhairt chomh fada le hiarthar Chiarraí.

“Bhí mo chroí i mo bhéal agam ar feadh tamaill fhada, bhí siad buille ar bhuille agus bhí sé an-deacair a shamhlú cén tslí a raghadh sé. Nuair a bhíomar cúig chúilín chun tosaigh ag deireadh an chéad leath d’am breise cheapas go raibh linn ach taobh istigh de 60 soicind d’fhéadfá rá go raibh sé sin imithe –ach bhí an-chroí agus teacht aniar iontach iontu.”

Fág freagra ar 'Buachaillí Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus ‘Naomh Pádraig’ na peile ag ceiliúradh arís!'