Buachaillí gorma ar mhóipéidí

Níl an ciníochas is cúis le cásanna Ferguson agus Nua Eabhrac teoranta do na Stáit Aontaithe amháin. Baineann sé linn ar fad.

0979462-R1-048-22A

Is féidir le duine a rogha rud a rá faoin gciníochas ar dlúthchuid é de shochaí Stát Aontaithe Mheiriceá agus arb é cúis bháis bheirt fhear ghorma le deireanas, Michael Brown i gcathair Ferguson, Missouri agus Eric Garner i gcathair Nua Eabrac.

Níl dabht ar bith ar mhórán – ná orm féin – go raibh baint ag an gciníochas céanna le cinneadh dhá Ard-Ghiúiré gan na póilíní a mharaigh Brown agus Garner a chiontú as bás a n-íobartach.

Ach ní fadhb é an ciníochas i gcoinne daoine neamhgheala atá teoranta do Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ná go deimhin le póilíní amháin.

Mar sin féin, ní fheicim sluaite ag dul amach ar na sráideanna chun a gcuid feirge a léiriú faoin gciníochas seo, atá forleathan i dtíortha an Iarthair ar fad, ach i Meiriceá. Táthar siúd a ghlac páirt go síochánta sna léirsithe a tharla i gcathracha Meiriceánacha le deireanas le moladh as aird a tharraingt go hidirnáisiúnta ar fhadhb a bhaineann linn go léir.

Tarlaíonn sé go bhfuil cónaí orm i dtír – An Bhrasaíl – ina bhfuil seans 2.4 uaire níos mó ag duine gorm bás a fháil in eachtra foréigneach ná mar atá ag duine geal. Cuid mhór de na daoine gorma seo, faigheann siad bás in eachtraí a bhfuil baint ag na póilíní leo.

Ó am go chéile, léiríonn dream beag gaolta, cairde agus comharsana a gcuid feirge go poiblí i léirsithe a gcuireann na póilíní círéibe deireadh leo go sciobtha, ach glacann formhór mór na sochaí leis gur cuid den saol é an leatrom a dhéanann an córas póilíneachta ar dhaoine nach daoine geala iad.

Go deimhin, déanann an pobal i gcoitinne an rud céanna – fiú mura daoine geala iad. Comharsa béal dorais agus cara mór liom – duine a bhfuil dath latte ar a chraiceann féin – is beag nach mbíonn taom croí aige aon uair a fheiceann sé fear gorm ar ghluaisrothar, ach go háirithe má bhíonn mála droime ar an bhfear.

‘Tá a fhios agam nár cheart dom, ach bíonn eagla orm go robálfar mé,’ a deir mo chara liom.

Fiú más ina n-ainneoin féin é, bíonn an eagla chéanna ar mhórán san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.

It’s the home of police who kill black boys on mopeds,’ a dúirt Sinéad O’Connor faoi Shasana tráth in amhrán cáinteach faoin tír sin, ach ar mhí-ámharaí an tsaoil, tá an ciníochas seo fite fuaite le sochaí thíortha an Iarthair ar fad.

Anuas ó thuaisceart Chríoch Lochlainn go dtí an pointe is faide ó dheas i Meiriceá Theas, ar bhuachaillí neamhgheala ar ghluaisrothair a bhíonn an t-amhras i gcónaí.

Tá na Meiriceánaigh atá ag léiriú a gcuid feirge faoi chásanna Ferguson agus Nua Eabhrac le moladh, ní amháin toisc go bhfuil aird á tarraingt acu ar cheist thábhachtach, ach toisc go bhfuil siad ag dul i ngleic le réamhchlaontaí atá fite fuaite linne – daoine a rugadh is a tógadh i dtíortha an Iarthair – ar fad, taitníodh sé linn nó ná taitníodh.