Buachaill dhá bhliain d’aois básaithe i dtimpiste ar an gCeathrú Rua

Bhuail carr an buachaill óg ag thart ar 2.30pm inniu ar shráid a thí féin ar an gCeathrú Rua.

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Bhásaigh buachaill 21 mí d’aois go tragóideach i gCladhnach ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara tráthnóna inniu nuair a bhuail carr é.

Bhuail an carr an buachaill óg ag thart ar 2.30pm inniu ar shráid a thí féin ar an gCeathrú Rua. Tháinig na seirbhísí éigeandála agus na Gardaí ar láthair na timpiste ina dhiaidh sin agus aistríodh chuig Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh san aer an buachaill, áit ar fógraíodh a bhás.

Thug Gardaí na Ceathrún Rua le fios do Tuairisc.ie go bhfuil tús curtha le himscrúdú fóiréinseach ar an timpiste.

Fág freagra ar 'Buachaill dhá bhliain d’aois básaithe i dtimpiste ar an gCeathrú Rua'