Bua stairiúil ag peileadóirí na Ceathrún Rua agus scéalta eile CLG na Gaeltachta

Cé go bhfuil an Nollaig ag druidim linn, bhí go leor foirne Gaeltachta in aicsean an deireadh seachtaine seo agus buanna iontacha ag cuid acu

INPHO/Dan Sheridan
INPHO/Dan Sheridan

Bua stairiúil ag peileadóirí na Ceathrún Rua

Is iad an Cheathrú Rua seaimpíní peile Faoi-21 Iarthar na Gaillimhe den chéad uair riamh tar éis dóibh bua gan choinne a fháil ar Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach an Domhnach seo. Bua d’aon phointe amháin a bhí ag fir na Gaeltachta, 2-9 in aghaidh 3-5, agus cúil Paudie McCormack mar chuidiú mór acu.

D’aimsigh an tosach cúl agus an t-am caite chun a fhoireann a chur ceithre phointe chun cinn. Cé go bhfuair Robert Finnerty cúl eile do Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach ina dhiaidh sin, b’iad imreoirí na Ceathrún Rua a bhí ag ceiliúradh ag deireadh an chluiche.

Bhí teacht aniar le déanamh sa dara leath ag an gCeathrú Rua i ndiaidh dá gcéilí comhraic tús iontach a chur leis an gcluiche. D’aimsigh Finnerty a chéad cúl do Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach gan ach cúig nóiméad imeartha, agus nuair a fuair Paul Butler ceann eile dóibh ceathrú uaire ina dhiaidh, bhí foireann an bhaile mhóir ceithre phointe chun cinn.

Thug cúl McCormack, cúig nóiméad i ndiaidh leath ama, spreagadh don Cheathrú Rua agus níor scóráil foireann na cathrach ach 1-1 sa 30 nóiméad deireanach.

raibh an rath céanna ar mhná Mhaigh Cuilinn i gcluiche leathcheannais sóisear na hÉireann an tráthnóna céanna. Bhí seaimpíní Laighean, Dún Búinne, i bhfad níos láidre ná na Gaillimhigh agus bua dhá phointe déag acu ar deireadh, 2-19 in aghaidh 2-7.

Captaen Chiarraí Theas, Bryan Sheehan, ag ceiliúradh. INPHO/Donall Farmer
Captaen Chiarraí Theas, Bryan Sheehan, ag ceiliúradh. INPHO/Donall Farmer

Corn an Easpaig Moynihan ag filleadh an athuair ar Uíbh Ráthach

Thóg sé 140 nóiméad chun Ciarraí Theas agus Léigiún Chill Áirne a scaradh ach ar deireadh, b’iad fir an deiscirt, le cabhair mhór ó Bryan Sheehan, a thug an lá agus Craobh Shinsear Peile Chiarraí 2015 leo.

Cúig nóiméad isteach sa dara leath, bhí an chuma ar an scéal go raibh an Léigiún chun craobh an chontae a bhuachan den chéad uair ó 1946 agus iad seacht bpointe chun cinn ach ní raibh aon chuimhneamh ag Ciarraí Theas géilleadh. D’aimsigh Sheehan, an captaen, cúl dóibh agus 20 nóiméad fágtha agus choinnigh siad Léigiún gan scór ar feadh tréimhse fhada don dara leath sin.

gur ag Ciarraí Theas a bhí forlámhas agus tús curtha leis an am breise, buaileadh buille trom orthu gan ach trí nóiméad den chéad thréimhse imeartha nuair a taispeánadh cárta dubh do Sheehan. Níor ghéill siad, áfach, agus ba é fear Phiarsaigh na Dromoda, Declan O’Sullivan, agus é ar leathchois, a tháinig chun tosaigh mar cheannaire agus Sheehan ar an taobhlíne. Gan ach 90 soicind fágtha, chuaigh Aidan Walsh ar ruathar aonair chun pointe an bhua a aimsiú agus an chraobh a thabhairt ar ais chuig Ciarraí Theas den chéad uair ó 2009.

Foireann Sóisear Bhéal Átha an Ghaorthaidh
Foireann Sóisear Bhéal Átha an Ghaorthaidh

Béal Átha an Ghaorthaidh ag ceiliúradh arís

Bhí deireadh seachtaine eile den scoth ag peileadóirí Bhéal Átha an Ghaorthaidh an deireadh seachtaine seo. Bhuaigh siad Sraith Sóisear Mhúscraí ar an Aoine agus cháiligh a bhfoireann mionúr do chluiche ceannais chraobh C an chontae ar an Domhnach.

Trí seachtaine tar éis dóibh craobh sóisear B an chontae a bhuachan, ba iad Éire Óg a bhí rompu sa chluiche ceannais sraithe. Chuaigh Éire Óg chun cinn go luath sa chluiche agus d’fhéadfadh rudaí a bheith níos measa fós don fhoireann Gaeltachta murach sábháil Ghearóid Uí Mhuirthile ó chic éirice.

D’éirigh le Béal Átha an Ghaorthaidh an cluiche a chothromú faoi leath ama agus ba é cúl Chonchúir Uí Liongsigh, leath bealaigh tríd an dara leath, a chuir borradh ceart fúthu. Bua ceithre phointe, 1-11 in aghaidh 0-10, a bhí acu sa deireadh.

Is i gcoinne Bhun an Tábhairne a bhí na mionúir ar an Domhnach agus d’éirigh leo na cosa a thabhairt leo i ndiaidh chluiche inar déanadh biaiste scórála.

B’iad Shane Creed, Conchuir Ó Liongsigh agus Séamus Ó Tuama a d’aimsigh na cúil agus arís bhí fir na Gaeltachta buíoch dá gcúl báire, Conor Ó Buachalla a bhí sa chúl an uair seo, as cic éirice a shábháil. Bua d’aon phointe amháin a bhí ag fir óga Bhéal Átha an Ghaorthaidh, 3-12 in aghaidh 3-11.

Fág freagra ar 'Bua stairiúil ag peileadóirí na Ceathrún Rua agus scéalta eile CLG na Gaeltachta'