Bua iontach ag Gaillimh ar Chiarraí ach is iomaí tuisle idir faoi-21 agus na sinsir

Ní raibh mórán i gCiarraí ná i nGaillimh den tuairim go mbeadh an lá le Gaillimh i gCraobh Peile Faoi-21 na hÉireann Dé Sathairn seo caite, ach is maith is eol do lucht na peile sa dá chontae nár cheart an iomarca suntais a thabhairt d’aon chluiche amháin

Bua iontach ag Gaillimh ar Chiarraí ach is iomaí tuisle idir faoi-21 agus na sinsir

An Satharn seo caite in Inis, léiríodh arís dúinn go bhfuil Craobh Faoi-21 Peile na hÉireann ar cheann de na comórtais CLG is fearr atá ann.

Tar éis dóibh Craobh Mhionúir na hÉireann a bhuachan trí bliana as a chéile, bhíothas den tuairim go mbeadh an rath céanna ar Chiarraí sa chomórtas faoi-21, ach ní h-in mar a tharla. Ní raibh aon fhreagra ag Ciarraí ar dhíocas na Gaillimhe agus is iad fir Chonnacht anois a thabharfaidh aghaidh ar Bhaile Átha Cliath sa chluiche ceannais sa Thulach Mhór faoi cheann coicíse.

Ní haon chúis náire é d’imreoirí Chiarraí cailleadh in aghaidh fhoireann seo na Gaillimhe, fiú agus corrlach 11/2 le fáil ar churaidh Chonnacht roimh an gcluiche. Ní bheidh fir óga Chiarraí sásta leis an taispeántas a thug siad uathu ach i bhfianaise na ngaiscí atá déanta ag na himreoirí óga céanna ar son na Ríochta le blianta beaga anuas, níor cheart dul thar fóir agus teip an tSathairn á chíoradh.

Siurtán Ó Cadhla, Ciarraí, agus greim docht ag Dylan Mac Aodha agus Liam Uí Cheallaigh air

Ní hí seo an chéad uair ar thángthas aniar aduaidh ar fhoireann as Ciarraí sa chomórtas seo agus is iomaí imreoir maith a tháinig as na foirne sin nár éirigh leo. Ní gá d’imreoirí fhoireann Jack O’Connor ach súil a chaitheamh ar fhoireann na bliana 2007 más spreagadh atá uathu.

Cé nach raibh an cháil chéanna ar fhoireann Faoi-21 na bliana sin agus a bhí ar cheann 2017, fós is beag duine a thuar go mbuafadh an Clár orthu nuair a chas na foirne ar a chéile i gCraobh na Mumhan. B’in mar a tharla, áfach, agus cúl mar fharasbarr ag na Cláirínigh ag deireadh na coimhlinte (1-6 in aghaidh 0-6). D’fhéadfadh rudaí a bheith i bhfad níos measa do Chiarraí murach na sé hiarracht déag a chuir an Clár ar fóraoil i rith an chluiche.

In ainneoin chliseadh tubaisteach an lae sin, bhuaigh ochtar ón bhfoireann sin bonn Sinsir uile-Éireann le Ciarraí ina dhiaidh sin –Brendan Kealy, Padraig Reidy, David Moran, Kieran O’Leary, Tommy Walsh, Shane Enright, Johnny Buckley agus Paul O’Connor.

Dylan Mac Aodha, Gaillimh ag éalú ó Mhicheál Burns, Ciarraí

Ní hamháin sin, ach bhuaigh naonúr den fhoireann a chaill i gcoinne an Chláir in 2007, – Enright, Young, Moran, O’Leary, Buckley agus Walsh ina measc –Craobh Faoi-21 na hÉireann a bhuachan in 2008.

Ní bheidh lucht leanúna na Gaillimhe ag dul thar fóir leis an gceiliúradh ach an oiread. Níl an cluiche ceannais tugtha leo fós acu ach fiú nuair a d’éirigh leo é sin a dhéanamh, mar a rinne siad ceithre huaire le cúig bliana déag anuas, níorbh aon bharántas é go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí don fhoireann shinsir.

Thug Gaillimh leo Craobh Faoi-21 na hÉireann in 2002, 2005, 2011 agus 2013 ach fós níor éirigh le foireann an chontae dul níos faide ná an cluiche ceathrú ceannais sa chraobh shinsir an tráth sin.

Liam Ó Ceallaigh agus Cein Ó Dorchaidhe

Ba cheart go mbeadh imreoirí 2011 agus 2013 i mbarr a maitheasa faoin am seo ach nuair a thug na sinsir Craobh Chonnacht leo anuraidh, ní raibh ach ceathrar ón dá fhoireann sin, Tomás Flynn, Shane Walsh, Damien Comer agus Danny Cummins, ar an bhfoireann a thosaigh an chluiche.

Maidir le foireann an tSathairn seo caite, tá deis faighte ag cúpla imreoir díobh le sinsir na Gaillimhe cheana féin, ina measc, Michael Daly, Peter Cooke agus Cillian McDaid agus ní fada go mbeidh tuilleadh díobh i measc na sinsear má bhláthaíonn siad mar ba chóir. Ar ndóigh. ní heol dúinn na cora atá os a gcomhair amach anseo.

I ndiaidh thoradh an deireadh seachtaine, déanfar neart plé ar a bhfuil i ndán do na n-imreoirí a chuaigh chun páirce in Inis, ach níl ach an t-aon rud amháin cinnte faoin scéal seo: níorbh é cluiche an tSathairn an cluiche is cinniúnaí a imreoidh aon duine acu.

Micheál Ó Dálaigh agus Deasún Ó Conghaile, Gaillimh, ag ceiliúradh