BUA DONALD TRUMP: Ní deireadh an domhain é, óir ní hionann Meiriceá agus an domhan

Is é an toradh is fearr a d’fhéadfadh a bheith ar thoghchán an lae inniu don Eoraip ná go seasfaidh sí ar a dhá chos féin arís in ionad a bheith ag brath ar thír a bhfuil leithéid Trump i gceannas uirthi

BUA DONALD TRUMP: Ní deireadh an domhain é, óir ní hionann Meiriceá agus an domhan

Chaith mé mí ag taisteal timpeall na Stát Aontaithe in earrach na bliana seo, tráth a raibh an feachtas don toghchán uachtaránachta ag éirí teasaí. Cé nár léir dom tacaíocht láidir do Hillary Clinton an t-am sin, i ndáiríre píre níor shíl mé go mbeadh an bua ag Donald Trump inniu.

Ach tharla an rud a tharla, agus níl aon mhaith sa seanchas nuair a bhíos an anachain déanta.

Sin ráite, seans go mbeidh sólás éigin sa phíosa seanchais áirithe seo:

Fadó, fadó, thiar sa bhliain 2004, chaith mé mí eile i Meiriceá aimsir an toghcháin uachtaránachta, ag tuairisciú don nuachtán Foinse. Ba é sin an toghchán ina bhfuair George W. Bush an lámh in uachtar ar John Kerry. Gach uile mhaidin ar dhúiseacht dom le linn na míosa sin, sula dtugainn aghaidh in athuair ar shochaí a bhí go hiomlán scoilte agus daoine in adharca a chéile ag feachtas fíochmhar toghchánaíochta, d’éistinn le hamhrán de chuid Morrissey: America Is Not The World.

D’éist mé leis an amhrán sin an mhaidin ghruama úd gur fógraíodh bua George W. Bush ar Kerry, agus phreab an t-amhrán céanna isteach i m’aigne maidin inniu agus bua Donald Trump ar Hillary Clinton á fhógairt.

America… where the president is never black, female or gay,’ a chasann Morrissey san amhrán. Tá breis agus dhá bhliain déag ann ó scríobh sé an líne sin, agus, ar ndóigh, tá sí as dáta: bhí Barack Obama i gceannas ar na Stáit Aontaithe le hocht mbliana anuas.

Ach seasann an chuid eile.

Ach is é teideal amhrán Morrissey is mó a thugann sólás dom ar maidin agus deireadh an domhain á fhógairt ar na meáin shóisialta tar éis bhua Trump.

Is é an chaoi nach ionann Meiriceá agus an domhan.

Cinnte dearfa, d’fhéadfadh tionchar tubaisteach a bheith ag polasaithe idirnáisiúnta Trump – nó, níos measa fós, ag a easpa polasaithe – ar an domhan ar fad.

Ach tá an lá gurbh iad na Stáit Aontaithe an t-aon ollchumhacht ar chlár na cruinne (tréimhse nár mhair ach seal gairid pé scéal é) caite le breis is 10 mbliana ar a laghad. Tá an Rúis, an tSín agus cumhachtaí eile réidh chun na bearnaí a fhágfaidh Trump a líonadh.

Ní dea-scéal é sin don Eoraip, nó dá bhfuil fágtha di tar éis na Breatimeachta. Ach in ionad scéal chailleach an uafáis a dhéanamh agus an tríú cogadh domhanda a thuar, ba cheart dá bhfuil fágtha den Aontas Eorpach cur le chéile agus iarracht a dhéanamh a leithéid a chosc.

Ní hionann Meiriceá agus an domhan. Dar liom gurbh é an toradh is fearr a d’fhéadfadh a bheith ar thoghchán an lae inniu don Eoraip ná go seasfaidh sí ar a dhá chos féin arís in ionad a bheith ag brath ar thír a bhfuil leithéid Trump i gceannas uirthi.

Chuige sin, caithfear a chinntiú i dtús báire nach dtoghfar macasamhail Trump sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus san Ísiltír an bhliain seo chugainn.

Ach sin scéal eile.