TOGHCHÁN NA hÍSILTÍRE: Bua do Geert Wilders? Mórán cainte ar bheagán cúise…

Caolseans go mbeidh Geert Wilders i gcumhacht san Ísiltír, fiú más aige a bheidh an ‘bua’ in olltoghchán an lae inniu, a scríobhann ár gcolúnaí

TOGHCHÁN NA hÍSILTÍRE: Bua do Geert Wilders? Mórán cainte ar bheagán cúise…

Beidh súile an domhain dírithe ar an Ísiltír inniu, an chéad cheann de thrí bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhféadfadh faisisteach bua a fháil i dtoghchán tábhachtach i mbliana. Tá aird ar leith ag na meáin idirnáisiúnta ar olltoghchán an lae inniu san Ísiltír, ag ceapadh gur léiriú a bheas ann ar dhearcadh mhuintir na hEorpa i leith mhórcheist na hinimirce faoi láthair – agus, dá bharr sin, ar an gcaoi a n-éireoidh le hiarrthóirí de chuid na heite fíordheise i dtoghchán uachtaránachta na Fraince i mí Aibreáin, agus in olltoghchán na Gearmáine, i mí Mheán Fómhair.

Ach an mbeidh éinne in ann adhmad a bhaint as torthaí olltoghcháin an lae inniu san Ísiltír nuair a bheidh siad istigh go luath maidin Déardaoin?

Sin í an cheist.

Is cinnte go mbeidh fás ar líon na suíochán a bheidh ag an bPáirtí ar son na Saoirse (PVV), páirtí an pholaiteora chonspóidigh Geert Wilders, ar Ioslamafóibeach agus frith-Eorpach é. Agus cinnte, tá an seans ann gur mó suíocháin a bheidh ag Wilders ná mar a bheidh ag an bPríomh-Aire reatha Mark Rutte agus a pháirtí nuachoimeádach siúd, an VVD. Tá Wilders agus Rutte gob ar ghob sna pobalbhreitheanna deireanacha.

Ach más aon fhianaise iad na pobalbhreitheanna céanna, ní bheidh aon ‘bhuaiteoir’ san olltoghchán agus ní bheidh sciar níos airde ná 16 faoin gcéad den vóta ag páirtí ar bith.

Beidh seacht bpáirtí ‘mhóra’ ann a mbeidh idir 10 agus 24 den 150 suíochán atá ar fáil sa pharlaimint acu, agus ocht nó naoi gcinn de pháirtithe beaga a mbeidh suíochán nó dhó an ceann acu.

Fiú má éiríonn le Geert Wilders agus a Pháirtí ar son na Saoirse níos mó suíochán a bhaint amach ná páirtí ar bith eile, ní éireoidh leis comhrialtas a chur le chéile. Tá sé ráite ag ceannairí na bpáirtithe ‘móra’ ar fad, an Príomh-Aire Mark Rutte san áireamh, nach rachaidh siad isteach i gcomhrialtas le Wilders, a ciontaíodh anuraidh as ‘maslú pobail’, agus as leatrom ar bhonn cine a spreagadh.

Agus fiú dá rachadh duine nó beirt de na ceannairí sin siar ar a bhfocal agus dá mbunóidís comhrialtas a mbeadh Wilders i gceannas air, ní fhéadfaí an chuid is mó agus is conspóidí de pholasaithe Wilders a chur i bhfeidhm: thiocfadh na polasaithe céanna salach ar an mbunreacht.

Mórán cainte ar bheagán cúise, mar sin, a d’fhéadfadh a bheith i gcuid mhór den chaint a chloisfear inniu faoi olltoghchán na hÍsiltíre: déarfaidh Geert Wilders gur aige a bhí an bua, déanfaidh na meáin rírá agus ruaille buaille faoi, ach is dóichí ná a mhalairt gur sa fhreasúra a bheidh sé, arís, don chéad tréimhse rialtais eile.

Ach idir an dá linn, ar ndóigh, tá an raic taidhleoireachta idir an Ísiltír agus an Tuirc tar éis imeacht ó smacht ar fad. Dé Luain, bhagair an Tuirc deireadh a chur le margadh a rinneadh leis an Aontas Eorpach an t-am seo anuraidh agus a chuireann srian le líon na dteifeach a thugann aghaidh ar an Eoraip tríd an Tuirc.

Má tharlaíonn sin dáiríre, agus má thagann ardú mór arís ar líon na dteifeach san Eoraip dá bharr sin, is cinnte gur mó an seans a bheidh ag Marine Le Pen i dtoghchán uachtaránachta na Fraince agus ag Frauke Petry agus a páirtí frith-Eorpach, frith-inimirceach Alternative für Deutschland in olltoghchán na Gearmáine amach anseo.

Cleas toghchánaíochta, gan dabht, a bhí i gcinneadh Phríomh-Aire na hÍsiltíre Mark Rutte cosc a chur ar aire cúrsaí teaghlaigh na Tuirce, Fatma Betül Sayan Kaya, cuairt a thabhairt ar an Ísiltír ag an deireadh seachtaine. Iarracht vótaí a mhealladh ó Ollannaigh a thabharfadh vóta do Geert Wilders a bhí ann. 

De réir pobalbhreith a rinneadh tar éis don raic leis an Tuirc tosú, is beag tionchar ar chor ar bith a bhí ag cleas toghchánaíochta Rutte ar thuairim na vótóirí san Ísiltír.

Ach b’olc an rud é dá gcabhródh cleas Rutte le seansanna Marine Le Pen agus Frauke Petry toghchán a bhuachan amach anseo.

Ach faoin am sin, is dóichí ná a mhalairt go mbeidh Mark Rutte ró-ghnóthach ag iarraidh comhrialtas a chur le chéile chun cuimhneamh ar an bpraiseach idirnáisiúnta a chothaigh sé.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN NA hÍSILTÍRE: Bua do Geert Wilders? Mórán cainte ar bheagán cúise…'

  • Pól Réamonn

    Go sona sásta, beidh an bua ag Rutte. Maith síbh an Ísiltír.

  • Stiofáin Ó Maoilriain

    1. Tá an téarma Dheis Ailtéarnach (Alt-Right) bunaithe ar an coincheap polaitiúil de “an t-eite dheas”, mar atá sainmhínithe i Meiriceá agus san Eoraip araon. Níl siad na Sóisialaithe cuid den Dheis Ailtéarnach. Níl siad na Liobrálacha cuid den Dheis Ailtéarnach, nó na Forásacha. Níl siad na Cumannaithe, nó na Marxaigh, nó na Marxannaigh, nó na Marxaigh Cultúrtha; agus níl siad na Nua Coimeádaigh (Neocons) cuid den Dheis Ailtéarnach, ach an oiread.

    2. Is í an Dheis Ailtéarnach mar MHALAIRT ar an ghluaiseacht coimeádach lárshrutha i SAM (Stáit Aontaithe Mhericeá), a bhí achoimríodh ar dtús san oráid dar teideal “10 Conservative Principles (10 Prionsabail Coimeádacha)” le Russell Kirk i mbliana 1987, ach i ndáiríre tá a chuiditheoirí tar éis a chineachadh i dtreo Progressivism. Tá an Dheis Ailtéarnach freisin mar mhalairt ar Libertarianism.

    3. Ní an Dheis Ailtéarnach dearcadh cosanta í, agus diúltaíonn muid an coincheap de díomua uasal phrionsabálta. Is mór fealsúnacht ionsaí í, a dhíríonn ar an todhchaí, i ngach ciall an téarma sin. Creideann an Dheis Ailtéarnach i bua trí marthanachta ach fós ar aon dul leis an eolaíocht, réaltacht, traidisiún cultúrtha, agus na ceachtanna den staire.

    4. Creideann an Dheis Ailtéarnach go bhfuil buaic den éacht dhaonna é sibhialtacht an Iarthair, agus tacaíonn muid leis na trí cholún a chuid bhunaíodh: An Chríostaíocht, na náisiúin den hEorpa, agus an oidhreacht Gréag-Rómhánacha.

    5. Is an Dheis Ailtéarnach náisiúnaí i hoscáilte agus i gchomhfhios. Tacaíonn muid le gach cineál de náisiúnachas, agus an ceart de gach náisiún a mhaireann, aonchineálach gan mheascadh gan truailliú, den ionradh eachtrach agus inimirce.

    6. Tá sí bunaithe ar a fhealsúnacht den frith-domhandach. Téann muid in éadan gach grúpa atá ag obair do idéalacha domhandacha nó cuspóirí domhandacha.

    7. Is í an Dheis Ailtéarnach frith-comhionannas. Diúltaíonn muid an smaoineamh den chomhionannais ar an gcúis chéanna mar a séanann muid gurb ann aonbheannaigh agus leipreachain, mar aithníonn muid nach comhionannas daonna ann in aon foirm eolaíocha, dlíthiúla, ábhar inbhraite, intleachtúil, gnéasach, nó spioradálta.

    8. Is í an Dheis Ailtéarnach scientodific. Glacann muid go creatúil na conclúidí atá ann faoi láthair ar an modh eolaíoch (scientody), afách – ag an am céanna – tuigeann muid a.) gur bhfuil na conclúidí faoi dhliteanas athbhreithnithe amach anseo, b.) gur é sin scientistry goilliúnach do éilliú agus c.) níl an comhdhearcadh sin ar a dtugtar eolaíochta atá bunaithe ar scientody, ach daonlathas, agus dá bhrí sin tá sé neamheolaíoch go bunúsach.

    9. Creideann an Dheis Ailtéarnach go bhfuil féiniúlacht > (níos mó ná) cultúr > pholaitíocht.

    10. Téann an Dheis Ailtéarnach in éadan an riail nó forlámhas d’aon ghrúpa eitneach dúchais ag eile, go háirithe ina dtíortha dhúchais ceannasach na bpobal atá faoi mhursantacht. Téann an Dheis Ailtéarnach in éadan aon ghrúpa eitneach neamhdhúchasacha a fháil tionchar iomarcach in aon sochaí trí nepotism, treibheachas, nó ar aon mhodh eile.

    11. Tuigeann an Dheis Ailtéarnach go bhfuil Gaireacht móide (+) Éagsúlacht ionann (=) Cogadh.

    12. Is cuma leis an Dheis Ailtéarnach cad a cheapann tú orainn.

    13. Diúltaíonn an Dheis Ailtéarnach trádáil idirnáisiúnta saor in aisce, agus an saorghluaiseacht na ndaoine a éilíonn an trádáil sin. Na buntáistí a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta saor in aisce nach bhfuil fianaise do na sochair na trádála idirnáisiúnta saor in aisce.

    14. Creideann an Dheis Ailtéarnach gur caithimid an eiseadh a dhaingniú de na daoine na hEorpa agus don todhchaí den pháistí Eorpacha.

    15. Ní chreideann an Dheis Ailtéarnach sa ardcheannas ginearálta aon chine, náisiún, daoine, no fo-speicis. Tá a láidreachtaí uathúla féin agus laigí ag gach cine, náisiún, daoine, agus daonna fo-speicis, agus atá ceart ceannasach acu ina tsealbha dhílis féin chun a gcónaí gan díobháil i gcultúr dúchais fearr leis.

    16. Is í an Dheis Ailtéarnach fealsúnacht a chuireann luach ar an tsíocháin i measc na náisiún éagsúla ar fud an domhain agus i gcoinne cogaí a fhorchur luachanna náisiúin ar mhuin chomh maith le hiarrachtaí chun náisiúin aonair a dhíothú trí chogaidh, cinedhíothú, inimirce, nó comhshamhlú ghéiniteach.
    Is í an Dheis Ailtéarnach idé-eolaíocht an Iarthair go gcreideann san eolaíocht, stair, réaltacht, agus an ceart chun náisiún géiniteach a bheith ann agus a rialú féin ina leasanna féin.

  • Stiofáin Ó Maoilriain

    Tá bron orm le mo Ghaeilge, afách níl mé ach foghlaimeoir an-mhaith mé.
    Beidh fáilte roimh gach ceartuchán i gcónaí!