Bua bog ag Clinton ar Trump – ach an bhfaighidh sí ‘preab’ sna pobalbhreitheanna dá bharr?

D’éirigh le Hillary Clinton a chruthú i ndíospóireacht na hoíche aréir nach bhfuil an taithí ná an meon ag Donald Trump le bheith ina Uachtarán, ach beidh údar imní ceart aici mura bhfaigheann sí preab sna pobalbhreitheanna dá bharr

Bua bog ag Clinton ar Trump – ach an bhfaighidh sí ‘preab’ sna pobalbhreitheanna dá bharr?

Le linn díospóireacht na huachtaránachta i Meiriceá aréir, mhaígh Hillary Clinton nár íoc Donald Trump aon cháin ioncaim.

‘That makes me smart,’ arsa Trump mar fhreagra uirthi.

Díreach i ndiaidh na díospóireachta, chuir iriseoir de chuid CNN ceist ar Trump faoin ráiteas áirithe sin.

‘It sounds like you admitted that you hadn’t paid federal taxes, and that that was smart. Is that what you meant to say?’ a d’fhiafraigh an t-iriseoir.

‘No, I didn’t say that at all,’ a dúirt Trump.

Tá sé de theist ar Trump gur fear é nach mbíonn mórán airde aige ar an bhfírinne, ach thug an freagra sin an chraobh leis mar léiriú ar a thuairim dhiongbháilte nach gá dó ach rud éigin a rá chun go mbeadh sé fíor.

Bhí stair na díospóireachta á athscríobh agus gan an t-ardán fágtha ach ar éigean aige.

Bhí bua bog ag Hillary Clinton sa díospóireacht féin. Bhí sí údarásach, stuama agus eolach, agus d’éirigh go paiteanta léi an t-éasc a fháil i Trump – is scaothaire agus scaitseálaí suarach é.

Agus Trump? Nuair a chuir Clinton ina leith go raibh sé ag súil go dtitfeadh an tóin as margadh na tithíochta in 2006, bhris sé isteach ar a cuid cainte, mar a dhein sé i bhfad rómhinic, agus dúirt, ‘That’s called business, by the way’.

Nuair a tugadh ceist dó míniú a thabhairt ar a thacaíocht mhínáireach do ‘bhréag chiníoch’ an Birtherism, thrácht sé don chonspóid faoi theastas breithe Bharack Obama.

‘Well, I say nothing, because I was able to get him to produce it. He should have produced it a long time before. I say nothing.’

Agus téama an chiníochais fós a phlé, dhein sé gaisce faoina chinneadh fáilte a chur roimh chách i gclub a bhunaigh sé i Florida.

“…I opened a club, and really got great credit for it. No discrimination against African-Americans, against Muslims, against anybody. And it’s a tremendously successful club.”

Is ansin a thug sé éachtaint dúinn ar a thuairim gurb ionann pé rud a bhraitheann sé agus an fhírinne.

“And I’m so glad I did it. And I have been given great credit for what I did. And I’m very, very proud of it. And that’s the way I feel. That is the true way I feel.”

Dúirt Trump go leor eile nach raibh mórán céille ag baint leis.

Agus go leor eile nach raibh mórán den fhírinne ag baint leis.

Nuair a mhaígh Clinton, mar shampla, go ndúirt sé gur cleas ag na Sínigh a bhí sa téamh domhanda, shéan sé go láidir é: ‘I did not. I did not. I do not say that.’

Ní fada go raibh tvuít de chuid Trump á scaipeadh ar fud an bhaill:

D’éirigh le Hillary Clinton aréir ina príomhchúram: a chruthú nach bhfuil an taithí ná an meon ag Trump le bheith ina Uachtarán.

“I think Donald just criticized me for preparing for this debate. And yes, I did. And you know what else I prepared for? I prepared to be president. And I think that’s a good thing,” a dúirt sí.

Tá teoiric ann go mbíonn an bua i gcónaí sna díospóireachtaí uachtaránachta seo ag an iarrthóir a fhaigheann greim ar uachtar lámh a chéile comhraic nuair a dhéanann na hiarrthóirí lámh a chroitheadh lena chéile ag tús na hoíche.

Más é sin an tslat tomhais agat bhí an bua aréir ag Trump, ach cuir aon tslat tomhais eile is maith leat ar an díospóireacht agus chaill sé.

Bhí sé cuíosach ag tús na díospóireachta, ach ag streachailt leis a bhí sé den chuid is mó den oíche. Thug sé formhór an ama ag bleadaireacht agus ag bóisceáil. Bhí cuma achrannach air agus freagraí páistiúla scaipthe á dtabhairt aige, bíodh sé ag freagairt ceisteanna faoi na ráitis tharcaisneacha atá déanta aige faoi mhná (is ar an aisteoir Rosie O’Donnell atá an locht) nó faoin gcibearshlándáil (tá a mhac atá deich mbliana d’aois dochreidte maith ag plé le ríomhairí).

Ba cheart do Hillary Clinton agus a lucht tacaíochta cuimhneamh áfach, i gcás Trump nach féidir talamh slán a dhéanamh riamh den bhua, fiú nuair is léir go raibh an bua agat.

Le linn díospóireacht uachtaránachta idir Gerald Ford agus Jimmy Carter i 1976, dúirt Ford ná raibh a leithéid de rud ann is “…Soviet domination of Eastern Europe”. Tugadh ‘the blooper heard ’round the world’ ar bhotún Ford agus meastar go raibh baint mhór aige lena theip sa toghchán.

Is iarrthóir ar leith é Trump mar gur éirigh leis – go nuige seo pé scéal é – teacht slán ó gach botún a dhein sé agus gach bréag a d’inis sé.

Gach aon uile lá seolann sé ‘blooper’ eile ar fud an domhain, cloistear é agus déantar dearmad air.

Bhí Clinton agus Trump gob ar ghob i gcuid mhaith de na pobalbhreitheanna roimh dhíospóireacht na hoíche aréir in Ollscoil Hofstra i Long Island. Má bhíonn an scéal amhlaidh sna chéad phobalbhreitheanna eile, is léir go bhfuil an fhírinne mar a fheictear do Trump í níos cumhachtaí ná mar a cheap aon duine againn, agus beidh údar imní ceart an uair sin ag níos mó ná Hillary Clinton.

 

 

 

Fág freagra ar 'Bua bog ag Clinton ar Trump – ach an bhfaighidh sí ‘preab’ sna pobalbhreitheanna dá bharr?'