Bua ag teastáil ó Thuaisceart Éireann anocht ach ní bheidh sin éasca

Tá sé ríthábhachtach d’fhoireann Michael O’Neill go bhfaighidh siad an bua in aghaidh na hÚcráine ach ní gan stró a bhuailfidh siad fir oirthear na hEorpa

Kyle Lafferty. Pictiúr: William Cherry Northern Ireland's Kyle Lafferty with Poland's Grzegorz Krychowiak during Sundays Euro 2016, Group C match at the Stade de Nice, France.
Kyle Lafferty. Pictiúr: William Cherry

Ukrane NI

Thairis aon cheann eile de na trí chluiche atá acu i nGrúpa C, is cinnte go mbeidh foireann Michael O’Neill dírithe ar an gceann seo agus an deis is fearr acu trí phointe a phiocadh suas sa Fhrainc. Gan amhras, beidh an rud céanna ar intinn ag an Úcráin agus, leis an gcéad chluiche caillte ag an mbeirt acu, beidh siad ar a ndícheall ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil tráthnóna.

Tuaisceart Éireann chun teacht slán anocht, beidh orthu caighdeán na himeartha a ardú ón taispeántas a bhí le feiceáil uathu an Satharn seo caite in aghaidh na Polainne. Cé go ndearna siad réasúnta maith ó thaobh na cosanta de, níor chruthaigh Tuaisceart Éireann tada sa chluiche.

D’admhaigh Kyle Lafferty nach raibh an taispeántas sách maith agus go mbeidh feabhas ag teastáil. Bhí an tosach gortaithe ag teacht isteach sa choimhlint in aghaidh na Polainne agus bhí sin soiléir ina chuid imeartha. Beidh lucht tacaíochta an Tuaiscirt ag súil go mbeidh Lafferty i mbarr a mhaitheasa arís mar go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach don fhoireann seo.

Bhí iontas ar dhaoine nach bhfuair Will Griggs deis imeartha ag an deireadh seachtaine, go háirithe agus tar éis an séasúr a bhí aige le Wigan, ach má dhéanann Lafferty an beart, déanfar dearmad air sin.

gur chaill an Úcráin 2-0 in aghaidh na Gearmáine, ní raibh cluiche éasca ag curaidh an domhain. Ní raibh an Úcráin iontach dainséarach ar an ionsaí agus tá cosaint láidir acu ach ba san am breise a d’éirigh leis na Gearmánaigh an dara cúl  a aimsiú.

Imríonn siad ar an bhfrithionsaí den chuid is mó agus nuair nach bhfuil tosach d’ardchaighdeán acu, bíonn siad ag brath go mór ar a gcuid cliathánaithe, Andriy Yarmolenko agus Yevhen Konoplyanka, beirt atá in ann deiseanna a chruthú agus cúil a scóráil.

Ach ó tharla an oiread sin tábhachta leis an gcluiche seo don dá fhoireann, ba cheart go mbeadh an cluiche níos oscailte ná na cinn eile a chonaic muid i nGrúpa C go dtí seo. Níl mórán idir na foirne seo agus dá réir, beidh sé deacair iad a scaradh.

Rogha Tuairisc.ie: Comhscór

Fág freagra ar 'Bua ag teastáil ó Thuaisceart Éireann anocht ach ní bheidh sin éasca'