Bua ag teastáil go géar ó Chill Chainnigh agus Tiobraid Árann ag dul ó neart go neart

Agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chorcaigh i bPáirc Uí Nualláin, tá Cill Chainnigh fós sa tóir ar a gcéad bhua sraithe in 2017. A mhalairt de scéal atá ag Tiobraid Árann…

Bua ag teastáil go géar ó Chill Chainnigh agus Tiobraid Árann ag dul ó neart go neart

Bainisteoir Chill Chainnigh, Brian Cody. INPHO/Tommy Grealy

Cill Chainnigh v Corcaigh, Páirc Uí Nualláin, 14:00

Cé go bhfuil sé róluath a rá go bhfuil deireadh tagtha le forlámhas Brian Cody agus Chill Chainnigh ar shaol na hiomána, is cinnte go mbeidh a stádas i Roinn 1A i mbaol má chailleann siad tráthnóna in aghaidh Chorcaí.

Thug Tiobraid Árann greadadh dóibh i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh agus buaileadh iad sa chéad dá chluiche de shraith na bliana seo, in aghaidh Phort Láirge agus an Chláir. Cén t-iontas mar sin go mbeadh daoine ann a shíleann go bhfuil rás na gCat rite, nó rás na glúine seo ar a laghad?


Ní hé seo an chéad uair ar cuireadh an ola dheireanach ar fhoireann Cody, áfach. In 2015, chailleadar trí chluiche as a chéile sa tsraith agus is ar éigean a sheachain siad an t-ísliú céime, nuair a bhí bua aon phointe amháin acu in aghaidh an Chláir sa chluiche dícháilithe. D’éirigh JJ Delaney, Brian Hogan, agus Tommy Walsh as an geimhreadh roimhe sin agus dúradh go raibh deireadh smacht na gCat ar shaol na hiomána. Cé a thug leo Corn Mhic Cárthaigh ag deireadh an tséasúir? Cé eile ach Cill Chainnigh.

Mar sin féin, is cinnte nach mbeidh Cody sásta leis an méid atá feicthe aige go dtí seo sa tsraith. Sa chéad bhabhta, díocas agus déine na himeartha ag Port Láirge a chniog iad, na tréithe céanna a rinne laochra de na Cait. I mbabhta 2, bhí An Clár róláidir dóibh.

Bíonn Corcaigh ag brath go mór ar Alan Cadogan, Conor Lehane agus Shane Kingston i measc na dtosaithe. Ó thaobh nirt de, b’fhéidir nach bhfuil Corcaigh inchurtha le Cill Chainnigh ach tá cumas iomána iontu a sháródh na Cait. Faraor, tá sé deacair measúnú a dhéanamh ar na Muimhnigh, mar cé go raibh siad ar fheabhas sa chéad bhabhta in aghaidh an Chláir, chlis orthu ansin in aghaidh Bhaile Átha Cliath.

Tá Cill Chainnigh ag imirt sa bhaile agus Tiobraid Árann a bheidh rompu sa chéad bhabhta eile. Mar sin tá níos brú orthusan tráthnóna agus ba cheart dóibh an cluiche baile seo a bhuachan.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

David Reidy (an Clár) agus Ronan Maher (Tiobraid Árann). INPHO/Lorraine O’Sullivan

Tiobraid Árann v An Clár, Staid Semple, 14:00

Dúradh go mbeadh sraith na bliana seo an-tábhachtach do Thiobraid Árann má bhí fúthu a thaispeáint gurb iad an fhoireann is fearr sa tír iad. Nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann blianta eile, ba mhinic nach mbíodh na Tiobradaigh ródhírithe ar an tsraith agus iad ag rith chun tosaigh orthu féin agus ag smaoineamh ar an gcraobh.

Níl aon phioc den réchúis sin feicthe againn i mbliana, áfach, agus foireann Michael Ryan ar bharr an tábla faoi láthair, an t-aon dream i Roinn 1A a raibh an bua acu sa chéad dá bhabhta. Bhuail Tiobraid Árann greasáil ar Bhaile Átha Cliath sa chéad chluiche, 1-24 in aghaidh 1-8, agus bheadh bua níos éasca faighte acu ar Port Láirge murach sárthaispeántas Ian O’Regan i gcúl na nDéiseach.

Tá deiseanna chomh maith tugtha ag Ryan do roinnt imreoirí nua go dtí seo agus Aidan McCormack agus Steven O’Brien, go háirithe, ag dul i bhfeidhm ar dhaoine. Beidh siad ag iarraidh taispeántas maith eile a thabhairt tráthnóna i gcoinne an Chláir, a bhfuil idir mhaith agus olc feicthe againn uathu go dtí seo.

Bhí siad ar fheabhas coicís ó shin in aghaidh Chill Chainnigh ach a mhalairt a bhí fíor i gcoinne Chorcaí. Chuir gortuithe, Corn Mhic Giobúin agus feachtas craoibhe Bhaile Uí Aodha uile isteach ar ullmhúcháin an Chláir an t-earrach seo, agus, cé go bhfuil formhór na n-imreoirí sin ar fáil arís anois ag Dónal Moloney agus Gerry O’Connor, beidh sé deacair acu an ceann is fearr a fháil ar churaidh na hÉireann.

Rogha Tuairisc.ie: Tiobraid Árann

Fág freagra ar 'Bua ag teastáil go géar ó Chill Chainnigh agus Tiobraid Árann ag dul ó neart go neart'